Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
danra, danardha, danagra
aidiacht.
cotarsna so-ghluaiste.
Fuaim — danra amanntaí, ach dan(d)ra go h-iondamhail. d idir an n agus an r mar a bhíos i "scanra", "conra", "deallra" agus rl. Ní hé an gnáth d leathan é ach d ar chúl na bhfiacal. Féach trácht air in "Urlabhraidheacht" (Ó Máille). Deirtear danra amanntaí fearacht scanra agus rl., ach ní go minic é, ar ghualainn an chinn eile. Danagra fuaim an Achréidh go h-iondamhail — danardha > danarga (rd = rg. Achréidh go foirleathan); danarga > danagra.)
do-chomhairleach; dóroinneach; crosta; aimhréidhteach; doiligh a fháil leat ar sheol na braiche.
a.
+
"A chomhairle féin do mhac dhanra agus ní bhfuair sé ariamh níos measa" (sean-fhocal. Deirtear fuaim a theigheas an-mhór i gcosamhlacht le "Anna" ins an bhfocal seo go minic, ach tá an leagan ceart ag cuid mhaith daoine is 'chuile cheanntar fós. Deirtear freisin é gan an d lárnach ann ins an sean-fhocal seo) = caithfidh an duine do-chomhairleach a bhealach féin a fháil, mar ní gar a dhul ag cur aithne ná fainic air; níl sé gabhthach le comhairle, ach is iondamhail gurb é a aimhleas a ghníos sé
Ní raibh aon-mhaith leis. Chaithfeadh sé a bhealach féin a bheith aige. A chomhairle fhéin do mhac dhanra agus ní bhfuair sé ariamh níos measa. Tá sé ráidhte ariamh
TUILLEADH (4) ▼
Tabhair cead a comhairle féin di. Maran buil léithe a phósadh bíodh aice. B'fhéidir go bpósfadh sí ar ball é dhá mbeadh breith ar a h-aithmhéala aice. A chomhairle féin do mhac dhanra agus ní bhfuair sé ariamh níos measa
h-Iarradh air fanacht ins an mbaile. Bhí siad in a suidhe go te, agus 'ar ndú is dó a shroichfeadh a raibh ann. 'Deile, agus é in a bhior in aon-tsúil. Ach ní bheadh aon-tsástuigheacht air go dtugadh sé ruaig go Sasana. Is glas iad na cnuic i bhfad uainn 'ar ndú'. Duine aerach a bhí ann, agus bhí an dream a bhí i Sasana dhá shaghdadh. D'imigh leis. Chaoin a mháthair uisce a cinn ag iarraidh a choinneál, ach ba bheag an mhaith dhi é. Dheamhan ar dhubhairt an t-athair drúcht ná báisteach ach "A chomhairle féin do mhac dhanra" adeir sé "agus ní bhfuair sé ariamh níos measa". B'fhíor dhó. Fuair sé fód a bháis i Sasana. Dhá mhí a bhí sé ann an uair a thuit ceann de na rudaí eile sin air — na "bombs"
Ní dhéanfaidh an fear seo thoir aon-bhun muis. Thosuigh sé thar cionn, ach 'ar ndú, ní de'n abhras an chéad snáth mar adeireadh C. Th. Tá sé ro-dhána. Níl neart agad focal a rádh leis, mar ní ghéillfeadh sé duit. A chomhairle féin do mh[ac] dhanra arsa tusa agus ní bhfuair sé ariamh níos measa.
Chaith muid an bhliain ag athchuinghe air an garrdha thíos a chur. Bhí sé comhgarach agus so-leasuighthe. Dubhrabhán atá ann agus ní iarrfadh sé ach daithín beag leasuighthe le an-fhataí a thabhairt. Ach thug sé an chluais bhodhar dhuinn. An garrdha seo thuas i mbarr an bhaile a bhí dhá chur thar bharr a chéille. An-dóigh fataí é, adeireadh sé. Níor chuir an t-aistear suas aon-chúl air, ná an chreafóig chloch bheag a dteastuigheann riar maith uaithe len a leasú. Chuir sé é. Ní raibh ann ach scriocháin (creacháin). Tabhair scriocháin orra. A chomhairle féin do mhac dhanra arsa tusa agus ní bhfuair sé ariamh níos measa
+
Tá sé an-dan(d)ra le comhairle a chur air = míádhasach, do-chomhairlighthe; bheadh a chomhairle féin aige i gcomhnuí
Mac dan(d)ra é. Ní tada eile é. Deirimse comhairle leat. Siúd é nach bhfuil so-chomhairlighthe
TUILLEADH (5) ▼
Sin é an fear is dan(d)ra a chonnaic mise i gcaitheamh an tsaoghail ariamh. Bhíomar thíos annsin oíche — mé féin agus S. — agus muid ag ól. Tháinig seisean ann. Gludhadh (glaodhadh) deoch agus deoch agus deoch eile, nó go raibh an triúr againn sáthach tomhaiste. Bhí sé domhain go leor ins an oíche an tráth sin, agus barr ar an diabhal mara raibh na F. bheaga bhreaca sin ag cur achrainn orainn. Brat aca ann agus gan aghainne ach an triúr againn féin. D'iarr muid míle uair air a theacht abhaile. Bhí muid ag tuinneamh agus ag athchuinge air a thoidheacht linn, ach dheamhan filleadh ná feacadh a d'fhéadfadh muid a bhaint as, ach in a sheasamh annsin chois an chuntair ag buachailleacht a phionta. Ba é an diabhal ba dan(d)ra é a chonnaic mé ó rugadh mé
An bhfaca tú aon-fhear ariamh is danra ná é, ar thada a rádh leis. Bhí mé lá thiar in éindigh leis i gC. Ch. Bhí an oíche ag teacht orainn agus muid i bhfad ó bhaile. Níor tháinig iabh ar a bhéal i gcaitheamh an lae ach ag caint ar a dhul abhaile, nó gur tháinig an tráth len imeacht. Annsin níor fhan smid ar bith aige faoi. An uair a chonnaic mé féin dhá leigean ro-fhada é ins an deireadh, d'iarr mé air a theacht. Spréach sé. Shílfeá gur mó dhá fhonn a bhí air a dhul do mo lascadh féin. Ní raibh goir agam an baile a shamhlú leis, gur tháinic sé dhá thoildeona féin ins an deire.
Dream an-tsoilgheasach iad agus an-ghnaoidheamhail. Ach tá siad cho danra leis an tubaiste ar thada a rádh leo. 'Chuile shórt aca ach a dhul i gcleitheamhnas comhairle ar bith a chur orra. Is túisce go mór a ghabhfaidís in do phíobán ná a ghlacfaidís comhairle ar bith uait. Droch-bhodaigh iad ar an gcaoi sin.
Ná bac le dan(d)ra a mhic ó. Tá sé cho dan(d)ra le múille. D'iarr siad air anuiridh a dhul agus teach nua a dhéanamh ar thalamh C. E. — is leis-sean é. Níor labhair sé aon-smid leo aríst go bhfaca siad mí. Taca na Nodlag, bhuail sé féin suas ann gan iarraidh gan athchuinge agus bhí leath an bhalla déanta aige agus gan fios ag aonduine air
Mara gcaithfidh sé in a cheann a dhul ann é féin, tá sé fánach agad a dhul dhá iarraidh air. Is dan(d)ra é ná an míádh féin len a iarraidh in áit ar bith. Ní chorróchaidh sé cois nó go dtogruighidh sé féin é. An uair a thogróchas, tiubharfaidh tú ann é le adhastar sneachta
+
Is dan(d)ra an diabhal é le cur amach ar maidin = deacair a chur ag obair; ní mian leis corruighe amach in éadan a chuid oibre
'Sé an mac is danra a chonnaic mé ariamh é. An t-am a raibh muid ag obair ar bhóthar Sh. Ú. theagainn ag glaodhach air 'chuile mhaidin. Bhí sé ag troid agus ag bruighin agus ag dul anonn agus anall ar fud an tighe, agus a mbíodh ins an teach in a suidhe aige ag iarraidh a chur amach agus é ag cínnt orra. Is iomdha maidin a raibh mé thar am dhá bharr
TUILLEADH (5) ▼
Dithreabhach dan(d)ra í le cur amach ag obair. Chaithfeadh sí lá fada samhraidh annsin ag faire na splaince gan iarraidh buille maitheasa a dhéanamh. 'Sí atá coilgneach freisin má fhaghann duine ar bith aon-chaidéis dhá cuid díomhaointais
Bail ó dhia ort féin agus ar do chuid feamainne! Chaith mé dhá eadarshuth ag tuineadh leis ó mhaidin, ag iarraidh é a thiomáilt (thiomáint) síos 'na chladaigh thar agus a chuid feamuinne a bheith sciobtha ag an tír. Ach bhí sé cho maith dhuit a bheith ag caint le dris le bheith ag caint leis. Ní chorróchadh geanntrachaí (uathaidh — ding) as siúd é.
Mo chreach mhaidne, tá a bhfuil ins an teach annsiúd cho danra le chéile faoi bhuille ar bith oibre a dhéanamh: dair leat féin gur ag comórtas le chéile a bheidís, go bhfeicidís cé'n duine aca ba deacra a chur amach agán a chuid oibre. Gróigfidh fear aca é féin ar an teallach agus déanfaidh fear eile agus fear eile an cleas céadna, nó nach mbeidh áit ag míoltóig in a ngoire. Níl go dona ann ach an dithreabhach bocht is athair dóibh, atá amuigh moch deireannach ag saothrú. Sin é an díol-truaighe ar chaoi ar bith
Níl aon-fhear guirt ná portaigh in Éirinn a chinnfeadh air, ach tá sé danra leis an gcladach a shamhlú leis. Ní mian leis a dhul ann chor ar bith. Chaith mé trí nó ceathair de laetheantaí anuiridh ar mo mhine-ghéire ag iarraidh é a shaghdadh amach ins an tráigh, ach dheamhan dul muis, nó go raibh an rabharta cúlta. Ba bheag an mhaith dhó a dhul dhá mheath féin ann an uair sin
Go gcuiridh Dia dílis an t-ádh ort! Tá inghean agamsa agus sháróchadh sí ceart críochnuighthe thú. Tá gruaig mo chinn tuithte ag géaruidheacht uirre, ach b'fhearr dhom in mo chomhnuí, scáth a dtugann sí d'áird orm. 'Sí is danra dhá bhfaca mise ariamh le luach leithphighne mhaitheasa a dhéanamh. Ní cheal muis nar féachadh le fír na maitheasa a chur innte ach is cosamhail nachar cuireadh in a dheidh sin
+
Is dona na gnaithí a bhí ort a dul ag margáil le P. Ph. Nach bhfuil a fhios agad cé'n bealach atá leis sin. Mara bhfuil, tá fhios agamsa. Is minic a chuir mise margadh go bun-an-amhgair leis sin, ach mar sin féin ní fhéadfainn ceannacht uaidh agus cho dan(d)ra agus a bhíodh sé = deacair margadh a chur i gcrích leis. Chaithfeadh sé ag stangaireacht leat, go n-imeochthá mearuighthe uaidh faoi dheireadh
Fuair tú amach é muis an té a bhfuightheá slad-mhargadh uaidh, an fear is dan(d)ra ins an tír faoi rud a cheannacht uaidh. An bhfaca tú an bulán a bhí thoir ar an aonach aige aonach beag na Samhna anuiridh. Bhí scoilteadh déanta againn míle uair, agus gan eadrainn ach leath-choróin. Thiubhrainn dó de "lucpine" é, ach ní leigfeadh sé lag labhartha as an airgead adubhairt sé é, th'éis go ndeacha mé ar ais aige cúig nó sé de chuarta. Sin é a bhí dan(d)ra agad!
TUILLEADH (6) ▼
An fear is dan(d)ra a chonnaic mise ariamh faoi mhargadh, ba fear Achréidh é. Bhris sé é faoi shé-pighne. Fataí síl a bhí mé a cheannacht uaidh
Tá an bheirt lobhtha le airgead. D'eireochadh dóibh agus gan sac ná mac ná muirghín orra, agus slí an airgid aca. Dhá dteagaidís go dtí thú in a dheidh sin ag ceannacht rud uait, is danra a leanfaidís thú ná an té nach mbeadh sciúrtóig aige. Caithfidh duine eicínt fós orra go spóirteamhail. Níor tháinig cruinneadóir ariamh nach dtiocfadh scaipeadóir in a dhiaidh
Scanracháin bhradacha! Tá a gcuid talmhana frén a chéile faoi leachtaí agus faoi chlochair. B'fhearr dóibh árduighthe as iad. Ba mhór an réidhteach ar a gcuid talmhana é. Ach ní leigfidís miaróg (méaróg) amach as aon-gharrdha ag gabhail leo, tá siad cho dan(d)ra sin. = scanruighthe, tuatach, géar, dórainneach
Mura mbeinn idteannta ceart níorbh ait liom a dhul ag brughadh air chor ar bich (bith). Tá sé an-chorr-mhéineamhail de'n tsaoghal. Dá n-éilighinnse anois a dhul insan gcasán sin aige, tá sé cho danagra sin agus go mb'fhéidir go mbadh é mo choinneál as a dhéanfadh sé. Dhion (dhein = rinne — Achréidh) sé cheana liom é annsin thiar
Nach danagra an mhaise dhó é anois, agus gur bhac sé mé anuiridh faoi rud an bhóthair a thógáil taebh amuich de'n pháirc sin thoir aige. Theastuigh sé uaim l'aghaidh múirín. Níor chóir damhsa (dú-sa) stopadh dhó — ní raibh aon-bhaint aige dhó ach an oiread liom-sa — ach leisce na sáruigheachta mar sin féin, stopas.
Nach hé a bhí dan(d)ra anois agus gur fhuagair sé orainn a dhul amach as na garranntaí breaca annsin thuas anuiridh, agus muid ag fiadhach ann. Cé'n bhrígh ach gan tada ionnta ach raithneach agus crígheannaí. M'anam gur fhuagair, agus gurb é a bhí Francuighthe freisin an uair nar fhága muid d'aon-léim iad … é siúd ag magadh! Is minic leis!
b.
daingean; deacair; docht; cruadh, láidir.
+
Is danra an áit é = talamh deacair; talamh a bheadh doiligh a shaothrú len a dheacracht, le bruimfhéar, le clocha, le driseacha, le bunnannaí sean-sceach agus eile
M'anam má tá tú ag mianadóireacht ins an ngarrdha P. go bhfuil do sháith de'n tsaoghal agad. An bhfuil sé cho dan(d)ra anois agus a bhíodh sé fadó. Chaith mé féin agus T. seachtain ag casadh fóidín baic ann agus ba beag nar chinn sé orainn. Bhí na láigheanntaí ag lúbadh ann le teann fórsa
TUILLEADH (4) ▼
Séard a bhí agad a dhéanamh má tá rún agad bualadh faoi'n riasc siúd na cliamhanachaí móra atá annsin thiar agad a thabhairt aniar go ceann seachtaine agus neart mairtfheola a thabhairt dóibh. Tá an talamh siúd cho dan(d)ra agus nach gcuirfidh duine ar bith é ach fir urradhanta a bhfuil smior ionnta. Maidir le duine dona mar thusa a dhul ag plé leis, is beag é t'fhoghail air
Níl aon-fhód talmhana ag gabhail leis nach bhfuil deacair dan(d)ra mar sin, faoi bhruibh, faoi dhriseachaí, faoi chíb ar éigin, faoi 'chuile mhíle rud dhá dhonacht. 'Ar ndú marach é a bheith in a fhear cho maith agus atá sé, ní bheadh sé indon giota fataí a chur beag na mór. Agus cloisfidh tú daoine dhá cháineadh in a dheidh sin, agus ag rádh go mbadh cheart dó dubhachan a dhéanamh. Dubhachan mo chreach! Ar an talamh siúd
Is danra an áit ar chaith sé in a cheann teach a dhéanamh — istigh ins an gcaracán údan. Dheamhan réidhteach a bhéas ar an ngiodán siúd aige bliain ó indiu, hébrí cé'n cuthach oibre a bhéas air. Beidh ordlaidheacht agus "bleaisteáil" agus allus ar na carraigreachaí údaidh.
Ag lánú ingarrdha beag N. atá mé na laetheantaí seo agus is dan(d)ra an obair sin. Ní mór duit a bheith ag priocadh i gcomhnuí, arae tá sé faoi chlocha ar fad. Bheadh ciall leath-chlocha, ach gruadháin mhóra mhillteacha atá annsiúd. Ba bheag na clocha a bhíodh i ngarrdha N. chor ar bith fadó. Tá an talamh spíonta anois is cosamhail
+
Tá muid in ainm agus a bheith ag baint chloch ins an gcoiléar sin thíos, ach go bhfoiridh Dia ar na clocha sin. Ní bheadh carr cloch bainte seachtain agad ann agus cho dan(d)ra agus atá an coiléar. = na clocha do-bhainte ann
Tá an fheamuinn dubh atá againne in áit cho danra agus a chonnaic tú ariamh: thíos ar chúla an characáin. Bealach cho h-aistreánnach é agus atá ins an gcladach ach níor chás duinn é marach cho h-achrannach agus atá an roinn féin: clochair agus clocha gránna ar fad í. Dhá mbeadh crann ní ba mheasa ann, is againn a thuitfeadh sé, ach beidh aithroint ar an gcladach an bhliain seo chugainn le congnamh dé
TUILLEADH (4) ▼
Diabhal bréag nach droch-phortaigh atá againn: dheamhan níos measa. Dearg-laoch agus feoil chapaill ar fad. Móin dhan(d)ra le baint í. Chuir mé mo bhundún amach anuiridh le portach nua a d'oscail mé ar an roínn. Marach leisce an mhagaidh d'fhágfainn annsin ins an míádh é th'éis a oscal
Ní raibh de chailleadh chor ar bith ar an mbarr uachtair. Diabhal mé go raibh, agus an mhóin roint sceithteach féin — briosc adéarfá. Ach an uair a theann mé síos ins an mbarr láir agus ins an mbarr íochtair, bhí sí danra a dhearbhráthair — danra. B'éigin dom cosa idtaca a chur orm féin ar an mbínse, leis an sleaghan a chur thríthe. Rinne an barr íochtair puca críochnuighthe dhíom
Siúd é an féar atá danra ar a bhaint. Tá sé sínte as éadan agus driseacha cairthighthe amach ann, agus maidir le faobhar, caithim é chur suas is' chaon dara sracadh; arae tá sé bratthuighthe le clocha. Is mé a bheadh sásta dá mbeinn dealuighthe amach as. Diabhal mórán féir a bhéas dhá bharr siúd
Ní fhaca mé aon-uaigh ariamh ba dan(d)ra le déanamh ná uaigh N. go ndéanaidh dia maith air! Chuaidh muid siar ann ag an deich a chlog ar maidin agus ní raibh muid amach as an roillig go raibh an dubh ar an oíche. Bhí sí an-deacair in uachtar, agus an uair a theann muid síos, bhí leac ann — maistín de leic. Shíl mé go gcinnfeadh sí orainn a cur aníos duth ná dath
+
Tá an snáth seo danra ar a bhriseadh = snáth láidir
Shílfeá go bhfuil an claibín atá ar an mbuidéal dubhaighe seo an-docht. Is dan(d)ra é le scriútháil dhe. Dar príosta cinnfidh sé orm
TUILLEADH (2) ▼
Is dan(d)ra an diabhal de rud an tiúb seo a bhaint amach anois agus an "puncture" a dheasú. Níl ann ach go bhfuil an "tyre" indiaidh a chéile agus mara gcuirtear isteach an tiúb go fíor-stuama aríst tiocfaidh sí amach agus pléascfaidh sí … Bí áirdeallach!
Ní fhaca tú aon-rud ariamh is dan(d)ra ná bó le fata a dhul in a muineál. Bhain mise as bó liom féin cheana é gan fód móna ná ceo. Choinnigh Séan sin annsin dom í agus é ina scurach. Chuir mé mo láimh siar go dúdán innte. Ba chontabhairteach an cleas le déanamh é …
+
Tá an snáth seo dan(d)ra = in aimhréidh; gan duine a bheith indon é a réidhteach
Tá an snáth seo dan(d)ra ag caislimíní agus ag filltíní. Réidhtigh é má fhéadann tú
TUILLEADH (1) ▼
Bhí an súgán dan(d)ra le caislimíní in áit ar chuir sé an iomarca fuinnimh ann. Bhí mé ag ceapadh 'chuile nóiméad go ndéanfadh sé píosaí, agus ní fhéadfainn an corrán a bhaint dhó (de) in a dheidh sin. Bhí leisce orm
+
Obair dhanra a bheith ag plé le feamuinn. Tá a fhios ag m'anam go sáróchadh sí thú. Sclábhuidheacht uiliog í
Ní gan uí gan ó an poitín céadna, agus é a dhéanamh. Ceird dhan(d)ra é. Diabhal bréag nach headh, agus b'fhéidir th'éis do chuid crácamuis ar fad, nach mbeadh dhá bharr agad ach na caipíní speiceacha seo breith ort, agus do shé phunt a fháisceadh ort, dá mbeitheá taobh leis
TUILLEADH (2) ▼
Tá obair na móna féin sáthach dan(d)ra. Tírtheál mhór a fhaightear uaithe. Ach dar mo choinsias tá iarmhuis uirre le blianta beaga anuas an té a chaithfeadh léithe. Theastuigh rud eicínt ins an tír dhona seo.
Tháinig mé aniar treasna thrí na brocachaí sin, oíche i mbliana, agus má tháinig féin ba danra an éadáil sin. Shíl mé nach raibh an oíche cho dorcha agus a bhí sí, agus deirimse leat go bhfuair mise tuairteáil, ní áirighim go raibh a raibh orm stiallta ó chéile ag driseachaí
+
Tá an saoghal dan(d)ra a mhic ó, an uair a thosuigheas sé ag gabhailt dá mhaidí ar dhuine. Daoine. Agus daoine eile a mbíonn sé ag féithiú leo mar adéarfaidís é. Sin é an chaoi
Níl an saoghal go dan(d)ra le aonduine ach leis an saighdiúr bocht a chaithfeas a dhul amach ar aghaidh na bpiléar uair ar bith a bhfuagróchthar air
TUILLEADH (2) ▼
Bhí an saoghal sáthach dan(d)ra leis an mbean bhocht sin ar chuma ar bith. Cailleadh a fear agus d'fhága sé áilín lag lúbach uirre agus gan aice ach na cupla garrdha sin len a dtógáil. Shaothruigh sí an saoghal go maith an créatúr, ach tá na scurachaí anois ionchongantach agus diabhal a n-aireochaidh sí é feasta
Thóigfeadh duine muirghín ann in a dheidh sin, dhá laghad talmhana dhá bhfuil ann, mara mbeadh an saoghal an-dan(d)ra leis. Ach 'ar ndú' 'sé'n chaoi a bhfuil sé, ma bhíonn an saoghal dan(d)ra le duine, níl aon-ghoir aige a dtógáil in aon-áit. Diabhal goir ná cuid dhá ghoir

Féach freisin

ding

danra in iontrálacha eile (8)

 
dán
Chuir muid dán uirre agus ba deacair sin. Bhí sí an-dodach le dhul ina h-aice chor ar bith. Tá féirín anois ag an slóchtaí, agus níl mise ina dhiaidh air: ba danra é le margadh a dhéanamh leis
 
Chaith sé aige é de dhéirce. Bhí truaighe aige dhó agus an t-áilín lag atá air. Ach is maith danra a bheadh sé le duine ar bith eile. Ní leigfeadh sé uaidh cho bog sin é
 
dochar
Is danra an lot é sin anois, nach féidir an dochar a thabhairt as. Má chinneann seo anois ort, caithfidh tú teanga an tsionnaigh a chur léithe. Sin í an cailín a thiubharfas an dochar amach. Ní fhágfaidh sí a dhath ann ar feadh lá amháin
 
Chinn sé críochnuighthe dólámhach ar J. an bulán a chur amach as an ngarrdha, th'éis cho danra agus a bhí sé in a éadan. Leag sé trí bhearna dhó, ach ní ghabhfadh sé amach i gceachtar aca ach soir agus siar an garrdha, nó go raibh J. sáruighthe ceart aige. Annsin bhí ath-obair air, ag árdú na mbearnaidheachaí aríst. D'imigh leis go nglaodhfadh sé ar chongnamh. Ach ní raibh sé bailighthe anuas lúibinn an bhóithrín nuair seo anoir an bulán, agus leagann sé brúisc de'n chlaidhe agus amach leis gan iarraidh gan athchuinge!
 
Caithfidh tú an láighe a fháil agus na tuláin agus na tulógaí sin a bhaint. Tá drumainn suas uiliog ar bhruach an phortaigh. Nó go ndéantar é a mhíniú roint, ní féidir a scrathadh mar is ceart. Is danra an diabhal de bhínnse é, thar agus aon-cheann dhá bhfaca mise timcheall annseo
 
téigh
Chuaidh mise scór leo, ach ní raibh aon-mhaith dhom ann. Tá sé an-danra. Ní leigfeadh sé lag labhartha as dhá phunt agus fiche deich iad
 
Caithfidh tú a dhul ar stuaim le bean cho maith le 'chuile shórt eile. Má bhíonn tú danra léithe, ní bhainfidh tú ceart ar bith di
 
Gabhfaidh sé sin dó anois ar chaoi nach bhféadfadh aon-fhear faoi thalamh an domhain a eiteach. Cuirfidh mé geall leat th'éis cho danra agus cho daoitheamhail agus atá Sean- S. go bhfuighidh sé breith a bhéil féin uaidh. Tá an tSeamair Mhuire aige sin a mhic ó!