Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
daor
aidiacht
1.
gan a bheith saor; cuid mhaith airgid air.
+
Tá an mhin daor anois
Tá cíos an-daor orainn
TUILLEADH (8) ▼
Marach go bhfuil cíos an tighe an-daor bheadh leo
Ní aonach daor a bhí ann = ní raibh eallach an-daor ann
Ní siopa an-daor é. Tá sé bun-tsaor go leor le h-ais siopaí eile
Ar tháinic an traen daor ort = cé mhéad ab éigin duit a íoc uirre?
An raibh an "bicycle" sin daor ort? = cé méad a chosain sé ort
Ní thiocfadh teach an-daor ort roimh an gcogadh dhá mbeadh clocha agus gaineamh agad féin
Ní daor go dtí iad anois.
Ná bac le daor! Tá 'chuile shórt a bhéas tú a cheannacht in a ór anois
+
Nach daor a lean sé thú faoi'n gcarr. Dhá phunt as seo go G. Rún a bhí aige thú a bhánú — 'seadh sin
Má leanann sé ro-dhaor mé, déanfaidh mise rud leis. Tugaimse raithneach na ngarrantaí sin thuas dó 'chuile bhliain. Dheamhan dosán di a bhainfeas sé len a mharthainn aríst, má bhíonn sé ro-ghéar é féin liomsa
TUILLEADH (5) ▼
Nach daor a lean an sagart é faoi'n bpósadh: deich bpunt. Ach is beag a aireochas sé é. Tá sé siúd in a ridire
Má bhíonn sí ag iarraidh thú a leanacht ro-dhaor fág annsiúd aice iad. An té atá indon an seachadadh amach a dhéanamh is furasta dhó a dhul in a rogha áit, agus deirimse leat go mbeidh cion ar a chuid airgid
Níl sé leath cho dona agus atá a cháil. Dheamhan an leanann sé daoine ro-dhaor chor ar bith. Ach an té nach dtugann mórán trácht' dó, leagann sé air. An milleán sin air?
Shíl mé, agus ar cuireadh de chumaoin annseo ariamh ar mo theallach air, nach leanfadh sé cho daor sin mé ar scáth cupla céad slat. Ach is cneagaire críochnuighthe é. Ní tada eile é
Má bhíonn sé ag iarraidh thú a leanacht daor cuir faoi ndeara dhó coróin "luchpine" (luckpenny) a thabhairt duit, agus fág an béiréiste faoi fhéin
+
Cheannuigh mé culaithín éadaigh do'n ghasúr indiu, agus má cheannuigheas féin, is daor docharach an ailím sin. Dheamhan pighinn de mo thrí phunt deich nach mb'éigin dom a shíneadh amach uirre. Scrios ceart é éadach anois (docharach, focal cuingir "daor". Fc. dochar, docharach)
Bhí mé istigh tigh N. indiu ag breathnú ar ghléasannaí cairr, agus má bhí féin is daor docharach an áit sin. Má thóigeann tú páipéar chúig phunt amach annsiúd tabhair póg dhó (ní fheicfidh tú aríst é de bharr a dhaoireacht agus atá gach rud ann)
TUILLEADH (2) ▼
Bhí mé ag ól scathamh indiu, agus is daor docharach an cheird sin ar an saoghal seo. Tá an fuisce as compás ar fad: scilling agus dhá phighinn ar leath-ghloinín ghágach. É a dhiúltú uiliog a bhí a dheanamh anois, agus ní hé an uair a bhí an misinéara dhá rádh linn
Is daor docharach an spóilín í an fheoil anois. Leath-choróin ar phuintín muicfheola, agus í sin féin cho leathta agus nach bhfuil an darna dinnéar innte choidhchin ag an duine, ní áirighim ag muirín
+
Tá siad cho daor le uibheachaí seisiúin (an uair a bhíodh an Seisiún Ceathramhnach inGaillimh, bhíodh uibheacha daor. Ach tugtar údar eile leis. Fc. ubh); rud a bheadh an-daor; is daor an éadáil é (iad); is daor an ailím é; tá sé cho daor le dhá uibh ar an bpighinn; is daor an spóla (spóilín) é; tá sé cho daor le daor; tá siad in a n-ór, tá siad cho daor sin
Is daor an éadáil a dhul ag ceannacht tubáin anois. Chuaidh mé isteach ag breathnú orra tigh Ph. Ch. an lá cheana. Ní leigfeadh sé laglabhartha as cúig déag iad. Dheamhan é muis
TUILLEADH (2) ▼
M'anam muise má tá sé ag coinneál tae leis féin síorruidhe go gcaithfeadh sé go bhfuil pócaí teann' aige. Is daor an spóilín é an tae anois, má fhaghann duine aon-cheo le cois "an téagair" sin atá ag dul dó
Dar príosta muis, tá mé ag ceapadh gur daor an ailím a dhul ag ceannacht máilín móna i mBaile Átha Cliath th'éis go bhfuil sí ar shlad-mhargadh annseo. Sin é é. Tá 'chuile dhuine agus a ailp féin aisti. Ach tá mé ag ceapadh an uair a theigheas sí cho fada le na h-ucastóirí beaga a dhíolas libse í, go mbíonn sí thrídh lasadh ceart
2.
ag cur cuid mhaith as duit; a bheith caillteach le rud.
a.
+
Ba daor an dá fhocal cainte air iad. Múinfidh sin é greim a choinneál ar a theanga aríst. Is cóir adeir siad gur ar adharca a bheirtear ar na ba agus ar theanga ar na daoine
Is daor an buille air é. Dar mo choinsias is beag iarraidh ar fiú chúig phunt fhichead í, ní áirighim a mbeidh de chostas air. B'fhéidir go gcomhairleochadh sin anois é. Ach ní féidir an droch-dhuine a chomhairleachan
TUILLEADH (1) ▼
Casadh S. Th. istigh liom ag an mbearrbóir, agus b'éigin dom deoch a thabhairt dó. Cé a thiocfadh isteach in a' (ar) mullach ach M. Th. agus S. F. Ní raibh a dhul anonn ná anall agam ach seasamh do'n bheirt sin freisin. Bhris mé mo ghloine agus b'éigin dom íoc uirre. Idir 'chaon tsórt, ba daor an bearradh orm é ins an deireadh
+
Ba daor a chuaidh an bualadh air, ach diabhal a ngabhfainn i mbannaí nach ndéanfadh sé aríst é, dá dteagadh sé ar a dheis. 'Sé a bheadh deas air déarfainn
Má's é a rinne é, tiocfaidh sé daor air
TUILLEADH (1) ▼
Fág ag na póilíos é. Ná leag láimh ná cois air. Pléidhfidh sé siúd leis é. Tiocfaidh sé daor air, feicfidh tú féin
+
Is daor a íocfas tú ann má bhaineann tú léithe siúd. Ní shiúd iad an ribín réidh agad. Chuirfeadh a h-athair siúd thar fairrge thú (go talamh Van Diemen nó a leithide d'áit)
Is daor a d'íoc sé ann, ach shásuigh sé é féin. Sin é a raibh uaidh
TUILLEADH (1) ▼
Má'sé a mharbhuigh an bhean feicfidh tú féin air gur daor a íocfas sé ann. Gheobhfar cionntach é agus crochfar é
b.
cúig dhaor = cúig a chaithfeá a thógáil le rí-chárta nó le "gadhar mór", d'fhuireasbhaidh gan tada eile a bheith agad, cé go mb'fhurasta a tógáil dá mbeadh mion-mhámh agad
+
Is daor an chúig ort í mar b'éigin duit do chuileata a chailleadh léithe. Ach bí buidheach dhó seo thall nach bhféadfadh é a leigean thart gan a dhóín brocach a shacadh isteach
Is daor an iarraidh í sin ach b'fhéidir gurb é mo leas é. Ní scarfainn leis an aona hairt mar sin féin dá mbeadh sórt coisint ar bith agam uirre, ach bhí sí feidheartha
TUILLEADH (1) ▼
Má chu[aidh] sí daor féin ort ba chúig shásamhail í. Is dóigh go raibh tú indiaidh do shásamh a bhaint de'n fhear sháithteach seo thuas

Féach freisin

daor in iontrálacha eile (71)

 
dairt
Tá a shúil ins an meath chéadna anois le trí bliana ó buaileadh dairt air thuas ar an bportach. Ceann cruadh a bhí ann. Níor leig an té a chaith é ná aon-dhuine dhá chineál, tada as a láimh ariamh ach le gangaide. Dhúin súil Ph. d'aon-iarraidh. Chuaidh sí 'un óthrais. Chaith sé scathamh ins an aspuicil (oispidéal) léithe ach dheamhan mórán maitheasa a rinne siad dó annsin ach gur fhuaruigh siad an phian air. Tá clúdach aige uirre i gcomhnuí. Is maith an t-ádh atá air má bhíonn aon-amharc aige aríst go bráth innte. Dá leanadh sé amach mac Mh. fúithe thiocfadh sí daor air. Ach ní leanfadh. Tá sé ro-réidhchúiseach an duine bocht
 
daoire
Níl aon-daoire (daoireacht, daoirse, daoirseacht) ins na muca anois. Tá siad an-bhuailte le goirid
+
Bhí mé idteannta ar an daoradh reatha agus gan neart agam corruighe, mar bheinn dóighte aige ar an toirt leis an liathróid.
TUILLEADH (7) ▼
Bhuail sé mé ar an daoradh teacht abhaile, ach bhí mé "ins an mbaile" mar sin féin. Ba mhian leo a shárú siar in mo bhéal go raibh mé dóighte, ach dheamhan dóghadh ná dóghadh. Bhí mé istigh ar an daoradh shul ár theangmhuigh sí liom
Ní chuirfidh siad ó dheis muid an "trip" seo. Tá boc dalba ag an gcaiptín se'againne. Beidh muid ar fad ar an daoradh teacht abhaile shul a bhéas aonduine aca 'fhoisceacht mbeannuighidh Dia dhi.
Ní shin é an chaoi a bhfuil sé in áiteachaí eile chor ar bith. Má chuireann siad an liathróid ar chúla an daoradh féin ní bhíonn tada dhá gcaillteamas leis. Ach sílim gur deise é mar atá sé againne
Bhí sé cuibhrighthe ar an daoradh clis i gcaitheamh an lae, agus é ag cinneamhaint air corruighe di. 'Chuile uair dhá leigeadh sé leis fhéin, bhíodh sé dóighte ar áit na mbonn. Ba shin é an deasú air. Níl aon-ár go deo ach a ndearnadh de mhagadh faoi. Ní mór do dhuine acmhuinn a bheith aige le "deis" féin
Tá boc thar cíonn aige ach mar sin féin is corr-uair a theagas sé abhaile glan-eascartha ó'n daoradh bualadh. Tá sé ro-fhaiteach agus iad seo eile ro-imeartha.
Choinnigh sé annsin ar an daoradh é gan goir aige corruighe = choinnigh sé beo-phianta nó idteannta, nó sáinnighthe é (samhail as an gcluiche corr. Deirtear é corr-uair le duine a mbeadh faitíos air rud áirid a dhéanamh, mar go mbeadh fios aige cho luath agus a dhéanfadh, go saimhseochadh nó go sáinneochadh an té údan eile é.)
Is fadó an lá a bheadh sé caithte amach ag S. ach go bhfuil sé ar an daoradh aige. Tá a fhios aige cho luath agus a chaithfeas, go bhfáiscfidh sé dlí air faoi'n airgead. Tá sé idir ord agus inneoin ceart. Tuilleadh ghéar chascartha do'n mhíádh aige
+
Dheamhan an bhfuil daor-bhasctha chor ar bith de'n rud = tá an rud maith go leor; dheamhan an bhfuil caill ar bith ar an rud.
TUILLEADH (9) ▼
Deir siad nach bhfuil daor-bhasctha de Mh. chor ar bith indiu. Is iongantas sin. An té a d'fheicfeadh trathnóna indé é, déarfad sé nach sáróchadh sé an oíche, dá mbeadh Éire taobh leis. Ach 'ar ndú (ndóigh) is goire cabhair Dé ná an dorus
Dar príosta níl daor-bhasctha dhó ag gabhail fhuinn. Dhá mbeadh sé súgach agus an t-amhrán a theacht leis, tá an-ghuth aige. Bhíodh na "Gaedhilgeoirí" sin ag iarraidh air a dhul go Baile Átha Cliath le amhrán a rádh ag an Oireachtas. Ach mo léan géar muis, fuair siad amach an ceann a thiocfadh go Baile Átha Cliath. Ní mó ná dá mbeadh an t-Oireachtas ag tigh Bh. agus luach cupla pionnta a bheith ag C. go mbogfadh sé aniar. Ní mó ná sin anois é
Tá muis agus daor-bhasctha go leor. Breathnuigh tusa ar an bpradhas a bhí ar bheithidhigh le linn an Chogaidh cheana. Dar ndóigh ní bheitheá in do sheasamh ar chlár an aonaigh an uair a bheidís fuadaighthe uait agus do leathchéad punt istigh i gcúl do ghlaice. Deirimse leatsa go bhfuil saothrú ar do leathchéad ar na h-aontaigh atá anois ann. Bhí siad a thrí oiread an cogadh cheana. Agus deir tusa in a dheidh sin nach bhfuil daorbhasctha dóibh. Mo chreach mhaidne do cheann
"Tá P. thar cionn" adeir sí. "Tá M. go maith, agus dheamhan a bhfuil daor-bhasctha de N." Má's fíor di féin é níl call coláiste ar bith dóibh. Mhúinfidís a bhfuil is na colaistí cheana
Deir siad nach bhfuil an pataire beag sin ag T. Sh. daor-bhasctha chor ar bith ag an scoil. Tá a bhfuil in a "chlass" buailte amach aige. Dheamhan a fhios agam cé uaidh a dtug sé é muis, arae leithide an athar de dhallarán níor sheas istigh ariamh i scoil. Agamsa atá a fhios sin. Bhíodh an bheirt againn le h-ais a chéile, agus an uair nach ag gárthaighil a bhíodh sé, bhíodh sé ag diúgaireacht. Sílim nach (nachar) thriomuigh a shúile ó'n lá a ndeachaidh sé isteach ins an scoil go dtí an lá ar fhága sé í.
Ní raibh sé daor-bhasctha as tús a óige. Minic go maith a d'fheicfeá ag imeacht ar a bhog-mheisce é agus glaodhmaireacht an tsaoghail mhóir aige. Ach ó buaileadh an tsuaróigín siúd air leig sé faoi, agus rinne sé fear críonna. Cé a d'fheicfeadh anois ag teacht súgach d'aonach ná de mhargadh é. Siúd í an cailín aige!
Aindeoin a bhfuil de chlamhsán ag na daoine ní saoghal daor-bhasctha é an saoghal seo. Tá cearc an áil (fear na cloinne) ag fáil an oiread seo leath-chorónacha; tá giolla na leisce ag fáil "trifle" (beagán); tá an caracháinín de ghasúr a fheiceas tú ag imeacht agus a "bheaig" (bag) aige faoin a ascaill ag saothrú a chion féin (dhá phunt na Gaedhilge); agus annsin 'ar ndú (dar ndóigh) tá "pensions" thar a chéile ann. Má mharbhuigheann tú sionnach ar an saoghal seo gheobhaidh tú cineál eicínt pinsean, agus dar príosta is fhearr an aghaidh ort é ná ar chuid mhaith atá dhá fháil, mar hébrí céard a dhéanfas tada, bhí sionnaigh a chuir in aer ar chaoi ar bith. Mo laichín imighthe ó indé … ní saoghal daor-bhasctha é chor ar bith
Níl T. daor-bhasctha chor ar bith marach go mbuaileann an oiread fonn cainte é scaithtí, agus nach gcuimhnigheann sé a dhul ag a ghna (gno) chor ar bith. Dheamhan mórán gaisce ar an mac eile. Bheadh sé mí ingarrdha agus ní fheicfeá creachlaois ar bith i ndiaidh a láimhe. Bhí sé ag gort-ghlanadh annsin thuas anuiridh agus níl a fhios ag Dia ná duine ar chríochnuigh sé an garrdha ariamh nó ar ghlan sé thar dhá iomaire thiar le bóthar. Glanadh nó ná glanadh níorbh fhearrde an gort é ar aon-chor. Loic a raibh ann
Má's leatsa fear a fháil nach bhfuil daor-bhasctha in a churrachóir, gabh siar annsin thiar i S. agus fágh T. Th. Sin é an currachóir agad. Chonnaic mé ag seasamh amuigh ar an meath mhóir ar fhaidhtíní é, lá a raibh scoilb dhá gcur idtighthe istigh annseo: lá a raibh sé ag séideadh aniar aduaidh. Tabhair lá deannachtach air. Níor chorruigh sé go trathnóna. Dheamhan an trólar a dhéanfadh na fairrgí a bhí ann a bharruidheacht — dheamhan é muis
 
Bainfidh siad an dara thairt as an Jap bocht anois, má's cúrsaí mar sin é. Ach diabhal a bhfuil daor-bhasctha de'n Jap fhéin déarfainn. Fágfaidh sé cuid mhaith aca ag craitheadh na gcrúb, shul a chuirfeas siad i dteanta é
 
deamhan 1
Dheamhan an gearr liom é chor ar bith ach is daor liom é
 
Diabhal bréag nach bhfuil tú ag leigean deataighe le gaoith, bail ó Dhia ort, agus cho daor agus atá tobac
 
deilbh 1
Tá péire cléibh deilbhighthe amach indiu aige, agus dar fiadh is fiú cuid mhaith iad agus cho daor agus atá cléibh anois
 
D'eirigh sé as a bheith ag déileáil ann ar fad. D'airigh sé ro-dhaor é chreidim. Féadfaidh fear an airgid a dhul in a rogha áit. Bíonn sé teann
 
Shílfeá go mbíonn deimheas air ag iarraidh 'chuile mhíle rud a thógáil, agus diabhal mórán prae len a chuid Gaedhilge in a dheidh sin. Ní bheadh sé daor-bhasctha marach an chanamhaint dhalba atá air. Ní thuigimse 'chaon deichmheadh focal uaidh scaithtí
 
Bhí an laogh suas le uair idir chnámha agus é cínnt orm fhéin a thabhairt liom. D'fhan mar sin go ceann dhá lá, agus shílfeá nach raibh daor-bhasctha di chor ar bith. Ach bhuail donacht annsin í, agus chaith sí mí mhór fhada idir luighe agus eirghe. Diabhal mé gur shíl mé féin go srianfadh sí as, ach cailleadh í faoi dheireadh agus faoi dhó
+
deis
Diabhal mórán a d'fheicfeá iad ag bualadh deise ins an ruta seo anois. Ní bhíodh domhnach ná Dálach fadó nach h-í a bhíodh uiliog thíos annsin thíos ar an mbóthar, ach ní fhaca mé ann anois í le na cianta. 'Sé an áit a mbíodh an daoradh bualadh againn ar an leic sin ó thuaidh de bhóthar, ar aghaidh gheata Mh.
TUILLEADH (6) ▼
Fan thusa ar an daoradh bualadh le deis a thabhairt duinne
An dóghadh ar chúl daoradh a chuir ó dheis muide trí h-uaire. Tá boc ag S. Mh. cho cam le cois deireadh cuit
Níl sé indon deis a bhualadh achar ar bith. Ní raibh aon-duine ar an daoradh reatha aon-uair dhár bhuail sé í ó mhaidin. Tá muid cuibhrighthe ar an daora clis ó mhaidin
Is gearr an t-achar atá sé indon an "ball" a chur leis an deis chor ar bith. Fágann sé daoine ar an daoradh clis i gcomhnaí
Ag fanacht le deis atá siad le baint as. Cho luath agus a gheobhas siad deis, déanfaidh siad ar an daoradh teacht abhaile
'Sé T. a chaith deis chuige an uair sin ar thug sé an boc dalba do'n "bhall". Thug sé abhaile uiliog muid an uair sin. 'Sé a bhí deas air. Nachar chuir sé siar ins an gcrích dhriseachaí í. Dhá mbeadh an daoradh teacht abhaile thoir ag an D. Mh. ba bheag an stró orainn a bheith ann. Dheamhan stró muis
 
Ná bíodh a fhios ag deoruidhe an bhéil bheo anois cá'il tú ag gabhail. Má bhíonn a fhios, déanfaidhear scéala ort agus gabhfaidh sé daor ort. Fainic a gcainteochthá air le B. Sh. Sin fear gan fascadh.
 
dia 1
Chidh Dia (Muire) gur daor a cheannaigh mé í dhá deasú aríst = briseadh mo chois agus d'fhulainn mé léithe dhá deasú
 
'Sé a rinne díbheirgeach ar an mbó é agus gob an chorráin a chur dhá bháthadh in a glota. Tá sí réidh sílim. Ní bhuachfaidh an fear ar leis í aon-phighinn go deo uirre. Shílfeá nach ndéanfadh sé cleas mar sin, faoi nach ndearna an bhó foghail ar bith, ach a dhul thar claidhe isteach ins an gcimín. Diabhal mé go ndéanfadh duine rud as taghd b'fhéidir dhá mbeadh ciseach déanta de chur — ach talamh bán. Is daor a bheadh sí air muis, marach go raibh sí istigh ar a chuid talmhana féin. Ach ní bhfuigheadh an ceann eile (an té ar leis í) comhaireamh na sop. Bhí an bhó ar chuid an fhir eile agus mhionnóchadh sé siúd, ní dhá roint leis é, a dtáinic ariamh le é féin a shaoradh. Is air nach mbeadh an mhoill
 
Dhá bhfáightí amach air é, ghabhfadh sé daor air. Níl aon-bhaint ag dochtúr ar bith láimh a leagan ar dhuine mara bhfuil a chuid dinndiúirí amuigh aige
 
Fuair mé "fags" agus ní de'n díogha a bhfuair mé ach oiread. Breathnuigh orra sin. Togha an "Gold Hake" amach thar chunntar T. J. Dubhairt mé leis nach nglacfainn "na Punncánaigh"; go raibh siad ro-dhaor, agus ar aon-chor nach raibh siad ag taithneachtáil liom. Chuir sé a láimh isteach faoi'n gcunntar. "'Sé an bosca deireannach déigheannach é" adeir sé. "Tá mé dom' fholmhughadh féin. Ná caintigh le aonduine gur uaimse a fuair tú iad, nó sceannfadh ar eitigh mé ó thrathnóna mé."
+
díol 2
Agus chroch siad an fear sin! Ba shin é an díol trócaire ba mhó aca uile go léir. Agus gan a fhios an ndearna sé ariamh é. Agus níl siad ag daoradh cuid mhaith eile, aindeoin gur furasta a aithinte gurb iad a dhéanas an choir. Fear Chiarruidhe sin cuirim igcás …
TUILLEADH (1) ▼
Chaith sé bliain ag tóruigheacht tighe agus é ag cinnt air aon-áit a fháil. Ba díon déirce leis faoi dheireadh thiar thall gur scaoil M. Ph. Mh. isteach é. Má tá sé daor féin, ní cás dó é teálta ar bith a bheith as a chionn, agus a dheacracht agus atá sé teach a fháil gan lán laidhre
 
Is daor é díoghaltas Dé — 'sábhálaidh Dia sinn! — an uair a theagas sé anuas ar dhuine
 
Ní raibh mé buidheach ná diomdhach de'n aonach. Feicthear dhom go mbadh cheart dom cuid mhaith eile a fháil agus an dá rampaire muice a bhí agam, ach ar an gcaoi ar díoladh muca eile, ní raibh daor-bhasctha chor ar bith dhom
 
Deir tú leis atá ag cur rópa dlaoiníní ar an gcoca. Is fadó ariamh an lá nach bhfaca mé duine ar bith is na bólaí seo dhá dhéanamh sin cheana, ach is daor an spóilín é rópa ruadh anois, chreidim. In aice sin, tá neart na bhfidheogaí buailte air annsiúd
 
Togha dligheadóir é, ach leanann sé duine an-daor. Ach is fiú é. Bíonn a shásamh ag duine ina dheidh sin
+
Chuir sé ceangal na naoi ndaor go daortha agus go docharach orra (fc. daor)
TUILLEADH (1) ▼
Is daor docharach an spóilín é (fc. daor)
 
dóigh 1
Mar dhóigh de nach raibh láimh ar bith agadsa ann. Is deas uait thú féin a shaoradh agus 'chuile dhuine eile a dhaoradh. Ba tú an ceann-feadhain orra uiliog
+
dóigh 3
Tá tú dóighte {{= a lán cleis agus cluichí, bíonn "dóghadh" ionnta: sé sin duine a ghabhail, nó a fhastú, nó lámh a leagan air, agus cuirtear pionús ar an té sin annsin, nó caithfidh sé a dhul in áit an duine eile a dhóghas é, nó comhairtear puintí ins an gcluiche in a aghaidh. Cuirim i gcás "'bhFalach Bhíodhg". Is cluiche simplí é. Teigheann duine A. ar chúla leachta nó cloiche nó a leithide agus cromann sé síos agus a shúile clúduighthe aige, agus imigheann an chuid eile amach ar fud an ghiodáin, go dteighidh siad i bhfalach. Cho luath agus a fhuagróchas duine aca ar A. go bhfuil siad i bhfalach, nó a dhéanfas siad comhartha dhó, eireochaidh sé agus fágfaidh sé an daoradh (an áit a raibh A. cromta nó cloch in aice leis) dhá dtóruigheacht. De réir mar a bhéas sé ag dúiseacht an dreama eile as a n-áit faluighthe, leanfaidh sé iad le breith orra, nó láimh a leagan ar dhuine aca. Féachfaidh siadsan leis an daoradh a shroicheamhaint gan a ngabhail nó a "ndóghadh". An té a n-eireochaidh le A. lámh a leagan air nó a ghabhail, beidh an té sin "dóighte", agus caithfidh sé a dhul isteach agus cromadh ag an daoradh, mar a rinne A. an geábh roimhe sin, agus beidh cead a choise ag A. féin a dhul i bhfalach anois. Déantar geábh eile de'n chluiche ar an gcóir chéadna. Tá dóghadh in a lán cluichí agus siamsaí eile freisin. Leis an liathróid a déantar "an dóghadh" ins an gcluiche corr. Buailtear an té a bhíos in a rithte-reathach, leis an liathróid, agus bíonn sé dóighte. Tá dóghadh i bpúicín, i gclocha péire agus i gcluichí eile freisin
TUILLEADH (1) ▼
Tá an comlán se'againne ar fad ó dheis. Dóigheadh T. shul má bhí sé ar an daoradh teacht abhaile
 
dóirt
Ní chomhnóchaidh an t-aidhbheirseoir seo thíos go ndóirteadh sé fuil. Ní h-iad baramhaintí a leasa atá faoi le fada an lá. Dar fiadh muise, má bhíonn bás ná bascadh aonduine air, íocfaidh sé ann go daor docharach. Ní hé an saoghal atá anois ann a bhí ariamh ann. Má ghníonn tú an choir ídeochthar ort é.
 
domhan
Bhí muca an-daor de'n domhan indiu, ach maidir le beithidhigh, ní raibh fear a bhfiafruighthe ann
 
Diúltaigheamuide dhó. Ní fhéadfainn a rádh leisce na bréige indiu ná an lá sin, ab é a rinne é, aindeoin go raibh sé leagtha air. Ach chuaidh sé go daor ormsa ar aon-nús (nós). "Hébrí cé a ólfas é, 'sé Domhnall a íocfas é" mar adeir an fear fadó
 
Ara níl drabhlás ar bith ins na "feaigs" sin le h-ais an tobac. Bhainfeadh fear trí lá as unsa tobac ach cá'id a bhaineas siad as na "feaigs": scór ins an ló amanntaí. Níl ann ach ceann aca a chur in a mbéal agus tá sé imighthe ar an toirt. Is daor an spóilín iad mara bhfuil an té ann a bhfuil teacht-isteach aige len a n-aghaidh
 
draoi
Bhí an draoi feola marbh ann an tseachtain seo caithte, ach fuaduigheadh ar an toirt í. Aindeoin cho daor agus atá sí — agus níl spóilín ar bith is daoire ná í — tá daoine indon a ceannacht 'na dheidh sin. Tá an draoi airgid ag teacht isteach i gcuid de na tighthe de bharr Shasana
 
Chaith sé an chaint sin ar na drochóirí dhó féin. Bhí an ceann eile (duine eile) ag faire air leis an bhfocal a fhastú, agus, mo léan géar, 'sé a d'fhastuigh. Deir siad é: "ar adharca a bheirtear ar na ba ach ar thea[nga] ar na daoine". Is daor a chuaidh na cupla focal cainte sin air
 
dronn
Céard a chuir an dronn ar an gcantín sin? Níl millteanas ar bith ag dul ó chuid de na daoine. Agus cho daor agus atá "cantíní". Dheamhan clár a ghabhfas air sin go deo aríst. Tá sé réidh leis!
 
dubh 3
An bhfuil aon-rath ort ag dubhachan (ag cur fhataí). B'fhearr dhuit cupla lá a thabhairt dom le garrdha Ú. Mh. Tá "an craiceann" siúd indon thú a chur ar do mhiotal. Ní ag tabhairt guth oibre ort atá mé chor ar bith, ach go bhfeicfidh mé cé'n gníomh atá ionnad le talamh, nó an bhfuil tú cho maith agus atá do cháil. Chuala mé ag muintir na M. nach raibh cinneadh leat ag dubhachan, agus dheamhan a bhfuil daor-bhasctha dhaom (dhíom) féin
 
Isteach liom ag déanamh aithgiorra má b'fhíor dhom féin, ach ba shin é an t-aithgiorra a fhobair a thiacht daor orm. Bhí mé siúl liom de réir mo choise treasna na páirce agus gan fios na faillí agam, nuair a chonnaic mé an tarbh. Chuir sé smut air féin agus thosaigh sé ag búiriúch. Thug mé féin do na buinn é, ach níor leissean ab fhaillí é: thug sé an dubhscríb in mo dhiaidh. Rinne mé féin ar mhaol-bhearna, ach chuaigh sé idir mé agus í …
 
dúil
Tá dúil ag teacht agam ins an "gcoffee" anois bíodh a fhios agad. An chéad-uair ar ól mé é, shíl mé go dtiocfadh tonn-taoscach orm, ach anois feicthear dhom nach bhfuil daor-bhasctha chor ar bith dhe. Ólaim dhá cheann de ló scaithtí é
 
duine
Dhá mbeadh 'chuile shórt ag na daoine go dtí cathaoireachaí boga, dheamhan a mbeadh daor-bhasctha chor ar bith do na daoine (muide, an teach seo)
 
Rugthas glan-eascartha thoir ar dhúrlinn na h-abhann air agus an chamóig aige in éadan na mbradáin. Ní raibh aon-cheann aige sílim ach is cuma sin. Gabhfaidh sé daor air agus breith ar an gcamóig aige
 
Tá le rádh má's cóir géilleadh do na luaidreáin gur daoire a bhéas móin imbliana ná bliain ar bith fós
 
téigh
Beannacht Dé dhuit! Cé'n t-achar a ghabhfadh do chupla puintín gágach ar luach tighe. An bhfeiceann tú cho daor agus atá 'chuile shórt. Ní dhéanfá aon-teach anois níos lugha ná trí chéad phunt, dhá mbeadh sé taobh leis
+
Chuaidh rud eicínt le cois deich bpunt orm le 'chuile chostas a chomhaireamh. Ba daor an buille é, ach diabhal mé go raibh a shásamh agam in a dheidh sin
TUILLEADH (4) ▼
Is daor a chuaidh an troid orm
Chuaidh an leitir sin daor go leor air. Dar príosta ní fiú leitir ar bith dhá chéad punt. Múinfidh sin é céard adéarfas sé aríst. Beirtear ar adharca ar na ba adeir siad, ach ar theanga ar na daoine
Chuaidh an craiceann daor go leor air: trí bliana i bpríosún. Fuaróchaidh sé tamall dhá fhuireasbhaidh anois, muis
Má chaitheann tú an chloch sin, gabhfaidh sí daor ort
 
Chuaidh sé ar chneamhaireacht ag ceapadh nach mbraithfí é, ach ní dheachaidh leis. Rugthas air ina dheidh sin, agus chuaidh sé daor air
 
Ní raibh aige a dhul thairis sin, ach dubhairt sé a raibh in a bholg 'nuair a bhuail an speidhear é. Sílim go ngabhfaidh a chuid cainte daor air, go ngabhfaidh sin