Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Dearmadach
/d′ærəmṳdəx/
ainm-fhocal
geiniúnach uathaidh = an dearmadaigh. Sin é an uimhir iolraidh freisin.
duine a ghníos dearmaid, go h-áirid dearmaid díchuimne.
+
Dearmadach é sin
Nach hé an dearmadach de dhuine é. Is gearr a chuimneochas sé ar a chuid éadaigh a chuir air ar maidin
TUILLEADH (3) ▼
Dearmadach críochnuithe mé faoi nachar chuimnigh mé é sin a rádh leat th'éis nach raibh ag dul fúm ná tharm ach é
Is diabhlaí an dearmadach thú! Chuir mé na seacht bhfainiceachaí ort gan a theacht abhaile d'uireasbhaidh lann rásúir, agus tháinicis in a dheidh sin
Seo! Ná bí 'do dhearmadach anois mar a bhíos tú i gcomhnaí. Tabhair leat do chuid teachtaireachtaí go barrainneach

Féach freisin