dearmadach
—/d′ærəmṳdəx/
—ainmfhocal
—ginideach uatha: an dearmadaigh. Sin é an uimhir iolra freisin.
—
duine a ghníos dearmaid, go háirid dearmaid díchuimhne.
+–
Dearmadach é sin
Nach é an dearmadach de dhuine é. Is gearr a chuimhneos sé ar a chuid éadaigh a chur air ar maidin
TUILLEADH (3) ▼
Dearmadach críochnaithe mé faoi nár chuimhnigh mé é sin a rá leat, théis nach raibh ag dul fúm ná tharam ach é
Is diabhlaí an dearmadach thú! Chuir mé na seacht bhfainiceachaí ort gan a theacht abhaile d'uireasa lann rásúir, agus tháinigis ina dhiaidh sin
Seo! Ná bí i do dhearmadach anois mar a bhíos tú i gcónaí. Tabhair leat do chuid teachtaireachtaí go barainneach
Féach freisin
dearmadach in iontrálacha eile (1)
→
fáscadh
Sin é atá dearmadach. Níor chuimhnigh sé fáscadh faoi ar bith a chur isteach inniu, agus ar an dá luath is a ndeachaigh an t-asal suas in ucht an aird, seo siar an tsrathair, na cléibh agus a raibh ann ar a thóin