Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Deárna
ainm-fhocal; buineann
tuiseal geineamhnach uathaidh: dearnann.
uimhir iolraidh: dearnachaí.
níl dearna féin i gcaint ach "croidhe na dearnann" "ar a dheárnachaí"
1.
"croidhe na dearnann": an bhos nó tosach na láimhe.
+
Leag sé na h-ocht bpunt isteach i gcroidhe mo dhearnann. "Tá tú as a Mh." adeirim féin. "Chuirfinn geall gurb é an ceannaidhe cluaise — Bh. — a cheannuigh é" adeir sé. "Bíodh sé agad" adeir Bh.
Tá meanmnaí i gcroidhe mo dheárnann (i gcroidhe mo bhoise). Go meanmnuighidh Dia deagh-scéala chugainn!
TUILLEADH (2) ▼
Dhá mbeadh sé agam anois i gcroidhe mo dhearnann mar a bhí sé an uair sin, ní scarfainn leis. Dheamhan deich bpunt a gheobhas mé aríst i mbliana ar an mbulán sin. Tá beithidhigh tuithte an-mhór
Cá ndeacha an sé pighne sin? Bhí sé agam anois i gcroidhe mo dheárnann. An rud nach ngoidtear faightear é
2.
a.
"ar a dheárnachaí": tosach ná glúine agus tosach na láimhe.
+
Bíonn duine ag baint choirce ar a dheárnachaí (baint chorráin: ag imeacht ar a ghlúine)
Tá mé siongtha. Is mór an obair a bheith ag imeacht ar do dheárnachaí féin, ach is gearr go mbeidh sé bainte agam anois, agus ní miste sin liom
TUILLEADH (4) ▼
Ag imeacht ar mo dhearnachaí atá mé ó mhaidin ag baint féar ascalla. Is meathta an cheird sin, arsa tusa
B'éigin dom imeacht ar mo dhearnachaí nó gur bhailigh mé soir an t-áirdín. Dá bhfeicead sé mé, dhéanfadh sé mo lá (ag lámhacán ar a lámha agus ar a ghlúine)
Má imigheann tú ar do dhearnachaí siar ins na raithneachaí, dheamhan a bhfeicfidh sé dhíot. Cuir bealadh faoi t'ioscadaí nó beidh sé in do mhullach. Corruigh leat a fhleascaigh!
Sílim gur geárr go gcaithfidh mé a dhul ar mo dheárnachaí = tá mo chuid arúir in alt a bhainte nó indáil leis
b.
"ar a dheárnachaí": a bheith ar do ghogaide (go minic).
+
Bhí sé ar a dheárnachaí = a bheith ar do ghogaide; a bheith ar do ghlúine agus thú in do shuidhe siar ar do shála.
Céard a bhí sé a dhéanamh ar a dhearnachaí thuas faoi'n sceich: maran ag scaoileadh cnaipe é! (ar a dhearnachaí a bhíos duine ag scaoileadh cnaipe)
TUILLEADH (1) ▼
Bhí "bath" (soitheach folctha) ann agus sén chaoi a dteighinn ar mo dheárnachaí innte gan síneadh ar chúl mo chinn chor ar bith
+
Tá sé in a shuidhe ar a dheárnachaí = an dá láimh agus an dá chois faoi, ach ní raibh na glúine ar an talamh chor ar bith (bíonn duine ar a dhearnachaí, bíodh na glúine nó na lámha ar an talamh, ach ní abruighthear le duine a bhíos ag guidhe é)
Chuaidh sé ar a dhearnachaí agus phóg sé an talamh trí nó ceathair dhe chuarta gan a bholg a leagan anuas air. Rinne J. an cleas céadna naoi nó deich de chuarta. Anois b'fhéidir! Cé mhéad uair atá tusa indon a dhéanta.
TUILLEADH (1) ▼
Marach an chaoi a dtáinic mé ar mo dhearnachaí bheadh mo smut briste. Chuir sé an-tuiric ionnam