Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
dearna
ainmfhocal, baineann
tuiseal ginideach uatha: dearnan
uimhir iolra: dearnachaí
níl dearna féin i gcaint ach croí na dearnan, ar a dhearnachaí
1.
croí na dearnan: an bhos nó tosach na láimhe.
+
Leag sé na hocht bpunt isteach i gcroí mo dhearnan. 'Tá tú as a Mh.,' adeirim féin. 'Chuirfinn geall gurb é an ceannaí cluaise — Bh. — a cheannaigh é,' adeir sé. 'Bíodh sé agat,' adeir Bh.
Tá meanmnaí i gcroí mo dhearnan (i gcroí mo bhoise). Go meanmnaí Dia dea-scéala chugainn!
TUILLEADH (2) ▼
Dhá mbeadh sé agam anois i gcroí mo dhearnan mar a bhí sé an uair sin, ní scarfainn leis. Dheamhan deich bpunt a gheobhas mé aríst i mbliana ar an mbullán sin. Tá beithígh tite an-mhór
Cá ndeachaigh an sé pínne sin? Bhí sé agam anois i gcroí mo dhearnan. An rud nach ngoidtear faightear é
2.
a.
ar a dhearnachaí: tosach ná glúine agus tosach na láimhe.
+
Bíonn duine ag baint choirce ar a dhearnachaí (baint chorráin: ag imeacht ar a ghlúine)
Tá mé seangtha. Is mór an obair a bheith ag imeacht ar do dhearnachaí féin, ach is gearr go mbeidh sé bainte agam anois, agus ní miste sin liom
TUILLEADH (4) ▼
Ag imeacht ar mo dhearnachaí atá mé ó mhaidin ag baint féar ascaille. Is meata an cheird sin arsa tusa
B'éigean dom imeacht ar mo dhearnachaí nó gur bhailigh mé soir an t-airdín. Dá bhfeiceadh sé mé, dhéanfadh sé mo lá (ag lámhacán ar a lámha agus ar a ghlúine)
Má imíonn tú ar do dhearnachaí siar sna raithneachaí, dheamhan a bhfeicfidh sé dhíot. Cuir bealadh faoi t'ioscadaí nó beidh sé in do mhullach. Corraigh leat a fhleascaigh!
Sílim gur gearr go gcaithfidh mé a dhul ar mo dhearnachaí — tá mo chuid arbhair in alt a bhainte nó i ndáil leis
b.
 ar a dhearnachaí: a bheith ar do ghogaide (go minic).
+
Bhí sé ar a dhearnachaí — a bheith ar do ghogaide; a bheith ar do ghlúine agus thú in do shuí siar ar do shála
Céard a bhí sé a dhéanamh ar a dhearnachaí thuas faoin sceich: muran ag scaoileadh cnaipe é! (ar a dhearnachaí a bhíos duine ag scaoileadh cnaipe)
TUILLEADH (1) ▼
Bhí bath (soitheach folctha) ann agus 'sé an chaoi a dtéinn ar mo dhearnachaí inti gan síneadh ar chúl mo chinn chor ar bith
+
Tá sé ina shuí ar a dhearnachaí — an dá láimh agus an dá chois faoi, ach ní raibh na glúine ar an talamh chor ar bith (bíonn duine ar a dhearnachaí, bíodh na glúine nó na lámha ar an talamh, ach ní abraítear le duine a bhíos ag guí é)
Chuaigh sé ar a dhearnachaí agus phóg sé an talamh trí nó ceathair dhe chuarta gan a bholg a leagan anuas air. Rinne J. an cleas céanna naoi nó deich de chuarta. Anois b'fhéidir! Cé mhéad uair atá tusa in ann a dhéanta.
TUILLEADH (1) ▼
Murach an chaoi a dtáinig mé ar mo dhearnachaí bheadh mo smut briste. Chuir sé an-turraic ionam

dearna in iontrálacha eile (50+)

 
fios
Nach aisteach go ndearna sé an méid sin agus fios aige go maith nach raibh plé beag ná mór agamsa leis
 
Ní drochfhliuchán ar bith é fliuchán farraige. Ní dhearna an sáile aon dochar d'aon duine ariamh adeir siad
 
Níor mhór dhuit agat d'fhear fobhairne an lá sin. Bhí do chnaipe déanta murach go ndearna sé tarrtháil ort. Mharódh na Peaitseachaí thú
 
focal
Níor dhúirt mé dhá fhocal cainte leis ariamh; ní dhearna mé dhá fhocal cainte leis ariamh — ní raibh mé ag caint mórán leis
 
Nár lige Dia go bhfearfadh sé a chionta air. Tá an rud thart anois, agus níl muid ag guí an oilc dó, théis a ndearna sé orainn. Ach foilseeoidh Dia an chréatúlacht luath nó mall
 
Is follasach dom anois nach ndearna mé an ceart. Ach ina dhiaidh a fheictear a leas don Éireannach, adeir siad
 
Murach go ndearna siad fhéin íospairt agus créatúlacht, ní fhreagródh Dia orthu anois é. Ní ritheann le duine ach tamall
 
Nach bhféadfá a rá go ndearna tú é, nó nach ndearna agus gan bacadh le leath na bhfrogaisí sin! Diabhal aithne ort nach thar sheacht míle d'fharraige théachtaithe a chaith tú a dhul ina choinne!
 
Cé leis a ndearna tú na fágálachaí? … Le cipín. Shílfeá go mbeadh an chréafóig siúd sách briosc lena ndéanamh leis an láí fhéin
 
Nach diabhaltaí an ruagán toirní a chaith sé an bhliain cheana agus go ndearna sí dhá leith droimscoilte síos go talamh íochtair den charracán sin. Tá sé le feiceáil ansiúd ag feara Fáil.
 
ceal 1
Cheal fios, cheal stuaim — sin é an fáth a ndearna sé é.
 
ciste
Fhóbair ciste a bheith faighte ag mo sheanathair sa gcnocán sin thiar. Neach a tháinig go dtí é agus adúirt leis a dhul ann, ach ní dhearna sé a chomhairle, arae is fear de mhuintir Dh. a thug sé leis i leaba C. Bhí leac an phota nochtaithe acub nuair a tháinig an marcach — marcach a bhí chomh hard leis an aer — go dtí iad, agus d'fhuagair sé orthub staonadh. Sin é a raibh na thimpeall. D'fhan an ciste mar sin ariamh ó shin, agus chreidim go bhfanfaidh, ar ár son s'againne.
 
cleite
Ní dhearna sé filleadh ná feacadh, ach breith ar Sheán Mh. idir chorp chleite is sciathán, agus é a leagan istigh sa gcarr.
+
Well ní ag amhdú an oilc é, ach má thagann an t-ógánach sin in mo linnse aríst go brách, diabhal mise ann go leagfaidh mé air. Ba bheag an náire a bhí air agus a ndearna mé de chomaoin dó, nárbh fhiú leis a theacht chuig sochraide m'athar.
TUILLEADH (2) ▼
Dhá mhéad comaoin dá gcuirfí ortsa sa teach seo, níor chomaoin chúitithe í agus a ndearna tú dhúinn.
Ba deas an chomaoin orm, théis a ndearna mé dhó, a dhul do mo bhualadh, agus do mo mhartrú mar a rinne sé!
 
Níl aon pheaca ná aon drochrud dhá ndearna tú i ngan fhios ná i gcomhfhios, nár cheart a inseacht don sagart sa bhfaoistin. Mura n-insí tú iad, ní mhaithfear duit iad.
 
cora
An ndearna tú an chora tirim — ar tháinig tú thairti gan tú fhéin a fhliuchadh (tagtar thar chora)
 
Nach é a rinne an corcán fir ó chonaic mé go deireanach é. Diabhal bréag nach ndearna!
 
Deir siad gur iompar sé folach arbhar a bhí corradh ar fhiche cloch mheáchain abhaile ón S. thrí chíocraí agus thrí bhograchaí, gur leag sé istigh sa gclúid aige fhéin i bhF. é. Bhí féith ó na Fianna ann ceart go leor, ach má bhí fhéin, ní maith go gcreidim go ndearna sé gníomh mar sin.
 
Dheamhan blas den cheart nach ndearna tú leis, má bhí sé ar a laghad cuntanóis agus nach labhródh sé leat.
+
Bhí an bheirt ag tarraingt na braillíne ó chéile sa leaba, go ndearna siad círéabachaí dhi eatarthub.
TUILLEADH (1) ▼
Bhuail daol eicínt é agus dheamhan soitheach a d'fhága sé ar an drisiúr nach ndearna sé círéabacha dhi. Fhóbair nár féadadh é a cheansú chor ar bith. An t-ól a d'éirigh sa stuaic aige is dóigh.
 
baile
Diabhal an féidir go ndearna Seán cleas chomh tútach sin! Anois céard deir tú le Gaillimh agus gan ann ach baile beag!
+
bannaí 1
Más i gcleithiúnas mise a dhul i mbannaí air sa mbainc atá sé, is mór an dul amú atá air. Rud nach ndearna mé ariamh, ní dhéanfaidh mé dhósan anois é.
TUILLEADH (2) ▼
Cuireadh punt air agus bannaí, agus déarfainn gur cuireadh a cheart air, scáth a ndearna sé.
Thug sé bannaí béil dhom, dhá bhliain ó shin, gur agam a d'fhágfadh sé chuile shórt théis a bháis, ach is beag an mhaith dhom é sin anois faoi nach ndearna sé uachta air.
+
Ní dhearna sé a leathcheart leat — droimeáil mhaith a thabhairt duit — agus a fhusacht duit do bhealach fhéin a dhéanamh agus gan araoid beag ná mór a chur air.
TUILLEADH (1) ▼
Má bhain sé punt dhíot, scáth a ndearna sé dhuit, bhí sé go mór as bealach leat.
 
beanna
Shíl mé dheamhan mo bheanna a thabharfainn liom go deo saor slán as. Bhí an teach ina bhruín chaorthann, agus chuile dhuine sa mullach orm péin nach ndearna tada.
 
beart
Shíl sé go ndearna sé a chríonnacht, ach nach maith nach ndearna ina dhiaidh sin! Ar chuala tú ariamh é: níl duine dhá chríonna (nó dhá chríonnacht) nach dtéann beart ina aghaidh
 
Ní dhearna tú aon chreachlaois oibre inniu?
+
beo 1
Níor bheo é go dtéadh sé a charraíocht liom, agus nuair a chuaigh muid a charraíocht, ba gearr go ndearna mé cleas an tradhaill leis. Ní bheidh an oiread fonn air aríst déarfainn.
TUILLEADH (1) ▼
Dhá mhéad deifir dhá ndearna an mac, níor rug sé beo uirthi ina dhiaidh sin
 
D'éirigh beochan deas gála taca eadarshutha, ach lig sé faoi aríst gan mórán achair. Fhóbair go ndearna na míoltógaí géara cíor thuaifil dhíom tráthnóna.
+
bior
Chuir an gabha bior iarainn sa tine gur thug sé goradh dhó, agus ansin, lúb sé é go ndearna sé tlú dhe
TUILLEADH (1) ▼
Ní dhéanfainn an cleas a rinne sé go díreach glan go gcuirinn bior faoi mo shúil i dtosach; b'fhearr liom bior a chur faoi mo shúil ná go mbeadh sé le casadh liom go ndearna mé a leithide de chleas; chuirfinn bior isteach thrí mo shúil shula ndéanfainn an cleas a rinne sé.
 
Ba cheart dó slócht a bheith air amárach agus a ndearna sé de bhlaidhriúch agus de bhollaireacht inniu.
 
borr
Ainneoin ar buaileadh air, ní dhearna sé ach borradh leis.
 
Ní féidir nach ndearna sé ach an méid sin brabach agus ar chaill sé fhéin leob ó cheannaigh sé iad (gamhna)
 
Hé brí cén bhriotais a bhí aige chor ar bith, chuir sé faoi ndeara di é a phósadh agus sin é an lá a ndearna sí a creach.
+
Bhí duine de bhrogúis Chonamara istigh agus ní dhearna mé aon mhoill.
TUILLEADH (1) ▼
Chuir mé aighneas ar an mbrogús ach ní dhearna sé an oiread agus beannú dhom.
 
Bhí sí ag ól an leanna go ndearna sí béiceadán di fhéin. Ansin shín sí siar ó chluais go rioball agus cailleadh í. Ba é an feall é, arae ba bhreá feiceálach an bhó í, agus an-bhó bhainne.
 
D'ól mé mo chion de chúig bhéiléiste inniu. Chuirfinn geall gurb in rud nach ndearna tusa.
+
Ní dhearna sí filleadh ná feacadh ach seál a bhuaileadh aniar ar a bráid agus bóthar abhaile a thabhairt di fhéin. Ón lá sin go dtí an lá seo, níor thaobhaigh sí an teach aige, ach sa mbaile abuil a hathair agus a máthair.
TUILLEADH (1) ▼
Sin é nach raibh i bhfad ag fáil mná sa gcruinniú. Dheamhan a ndearna sé ach siúl suas go dtí an chéad cheann a chas leis agus bleid a bhualadh uirthi agus í a ardú leis. Sin é ar chuma ar bith buailim ort agus tigim leat. Is fada go ndéanfadh fear na háite seo é in áit strainséara, ná a ligfeadh an faitíos dó a dhéanamh.
 
Ní dhearna sé filleadh ná feacadh ach breith air agus é a bhualadh anuas faoin talamh
+
buille
Chreidim gur thug sé buille na speirthe dhó, ó fhada go dtí é. Má thug fhéin, ní dhearna sé leath a cheart leis. Is fada dhá thuaradh dhó fhéin é.
TUILLEADH (1) ▼
An buille fhéin ní dhearna sé le mí anuas, ach ag imeacht ar ragairne agus ag déanamh aos díobhaill i gcaitheamh na hoíche ar fud na tíre.