Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Deidiorún
/d′ed′ərūn/
ainm-fhocal fireann
geineamhnach uathaidh agus uimhir iolraidh: deidiorúin
spreallaire réidhchúiseach; súm sám; pleota; leibide; gamal; súmaire; púca de dhuine; duine failligheach; duine gan aon-ghus ceart. (Is doiligh ciall áirid a shainiú leis mar tugtar ar chuid mhaith cineálachaí daoine é).
+
An deidiorún! D'eile cé'n chaoi a mbeadh sé. Sin é an chuma atá sé a chur air fhéin!
'Leabharsa muise má fhágann tú faoi'n deidiorún sin é go mbeidh sé déanta! Nar chuala tú ariamh é, gan amadán a chuir idteachtaireacht fir
TUILLEADH (3) ▼
Céard a chas an deidiorún mór sin an bealach? Isteach againne a ghabhfas sé sin agus caithfidh sé an lá ag codaidheacht againn, mara bhféadamuid sileabhar a chur ann
Cé'n sórt deidiorún de mhac é siúd aige. Chonnaic mé ag teacht aníos an lá cheana é agus bord na gcléibh de "mhaingiols" aige ar an asal. Bhí leathtromadh i gceann de na cléibh. "Cuir cloch 'sa gcliabh sin" arsa mise "nó ionntóchaidh an t-ualach." Diabhal cur, ach a chloigeann a bhualadh sa talamh. Is gearr gur ionntaigh an t-ualach. "Cuir suas anois é" arsa mise "má's breagh leat"
Scread mhaidne air an deidiorún dona. Cé a thiubharfadh bean dó siúd. 'Ar ndú' níl gus ar bith annsiúd le pósadh. Diabhal a leithide de shúmaireacht a chonnaic mise ar aon-dhuine ariamh agus a bhíos air