Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
deidearún
/d′ed′ərūn/
ainmfhocal, fireann
ginideach uatha agus uimhir iolra: deidearúin
spreallaire réchúiseach; súm sám; pleota; leibide; gamal; súmaire; púca de dhuine; duine faillíoch; duine gan aon ghus ceart. Is doiligh ciall áirid a shainiú leis mar tugtar ar chuid mhaith cineálachaí daoine é.
+
An deidearún! Deile cén chaoi a mbeadh sé. Sin é an chuma atá sé a chur air fhéin!
Leabharsa muise má fhágann tú faoin deidearún sin é go mbeidh sé déanta! Nár chuala tú ariamh é, gan amadán a chur i dteachtaireacht fir
TUILLEADH (3) ▼
Céard a chas an deidearún mór sin an bealach? Isteach againne a ghabhfas sé sin agus caithfidh sé an lá ag codaíocht againn mura bhféada muid siliúr a chur ann
Cén sórt deidearún de mhac é siúd aige. Chonaic mé ag teacht aníos an lá cheana é agus bord na gcléibh de mheaingeals aige ar an asal. Bhí leatromadh i gceann de na cléibh. 'Cuir cloch sa gcliabh sin,' arsa mise, 'nó iontóidh an t-ualach.' Diabhal cur, ach a chloigeann a bhualadh sa talamh. Is gearr gur iontaigh an t-ualach. 'Cuir suas anois é,' arsa mise, 'más breá leat'
Scread mhaidne air, an deidearún dona. Cé a thabharfadh bean dó siúd. Ar ndóigh níl gus ar bith ansiúd le pósadh. Diabhal a leithide de shúmaireacht a chonaic mise ar aon dhuine ariamh agus a bhíos air