Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Deilbh
ainm-fhocal, buineann
geineamhnach uathaidh: na deilbhe.
Ní mórán atá sé 'san gcaint anois ach go dtuigfí go maith é de bharr é a bheith i bhfilidheacht agus in amhráin, agus i scéalta
cruth, déanamh, pearsa, cumraidheacht, cuma.
·
"Aithnighim culaith an Deirg ach ní aithnighim a dheilbh ná é féin; Agus fear gan bheannú imeasc an tsluaigh, dorna a bhí a leathnú ar chnáimh a ghéill" (Sin é adubhairt an Chailleach — máthair an Deirg Mhóir nuair a tháinic Fionn isteach chuice agus culaith an Deirg air)
"Aithnighim claimhe agus culaith an Deirg ach ní aithnighim a dheilbh ná é féin" (leagan eile air) "Aithnighim claimhe an Deirg ach ní aithnighim a núdh-dheilbh ná é féin" (Cois Fhairrge — a shnuadh dheilbh b'fhéidir (/ə nū/)? Tá an n seo faoi anáil imighthe as Gaedhilge Chois Fhairrge, ach tá sí fágtha faoi na h-Oileáin: Leitir Móir, Leitir Mealláin, agus rl. Ní mheasaim gur chuala mé ariamh í i gCois Fhairrge ar aon-nós)

Féach freisin

Deilbh in iontrálacha eile (7)

 
Bhí an crann deilbhe deisighthe aice ar m'aghaidh isteach indiu agus mé ag dul ag an bportach. Is mór an saothraidhe í, go dteigheann sí ag deilbh fós
+
dia 2
Lomadh Luain agus deilbh Chéadaoin agus marú salach Sathairn = tá geis ar na ceann-oibreachaí sin na laethantaí sin
TUILLEADH (1) ▼
"Lomadh Luain agus Deilbh Chéadaoin: ní raibh ariamh gan osna nó éagaoin"
+
dlúth 1
"Sé'n dlúth a dheilbhightear ar an gcrann deilbh. Cuirtear an dlúth in a aige chuig an bhfigheadóir. Teigheann an t-inneach in a cheirtlín aige (chuige). Cuirfidh sé an dlúth isteach is an seol annsin. Cuireann sé an dlúth ar fhad an bhréidín 'san bhfigheachán. Caithtear é a chur thríd an tslinn agus thrí na h-úghmachaí. Bíonn an dlúth annsin leis an éadach ar a fhad ag dul ó ghairimin go dtí an ghairimin eile. Casann sé suas an dlúth ar ghairimin an tsnátha. Nuair a bhéas sé ag figheachán annsin, déanfaidh sé próistí beaga de'n inneach. 'Sé an t-ainm atá orra eiteáin, agus beidh sé ag caitheamh na n-eiteáin thríd an dlúth 'léar (de réir) mar a bhéas sé ag figheachán. Nachar chuala tú M. Mh. Ph. ag caint ar chaitheamh an smóil. Sin é é. Bíonn sé ag cur tuintí air, nó ag tuinteáil. Ní mór an t-inneach a chaitheamh is 'chuile áit ar an dlúth i gcruth agus go bhféadfaidh an tslinn é a fháisceadh isteach. Tá clár ar an seol — an láimh-chlár — agus bíonn a láimh ag an bhfigheadóir air, dhá dhoirtim isteach agus amach leis an inneach a chur ar an dlúth agus len a chruadhú. Istigh san gclár sin atá an tslínn. Rudaí iarainn atá 'san tslínn. Fáisceann sí an t-inneach isteach ar an dlúth. Bíonn cláirín ar chiumhais an éadaigh, agus teannann sé isteach é 'san tslínn. Is éascaidheacht dó é sin freisin leis an inneach a chur ar an dlúth. Tá sé 'tarraingt an tuinte, adéarfas sé nó chaith sé an tuint: sin é 'léar (de réir) mar a bhéas sé dhá fhigheachán, beidh sé dhá tharraingt air de'n gharumna. Tá an dhá gharumna ann: garumna an tsnátha agus garumna an abhrais. Is mó an t-inneach nach fuláir do'n dlúth caol ná de dhlúth atá sníomhtha reamhar. Bíonn cuid de'n bhréidín a mbíonn leithead ann thar a chéile léar (de réir) mar a bhéas an tslínn … 'San deilbh a bhíos na clannaí. Sin an dá snáth a chur le chéile — dhá snáth dlútha — nuair a bhéas tú dhá dheilbh. Bíonn easnamh agus lán stéige ann scaithtí freisin". (Sliocht as cuntas faoi éadach a fuair mé ó m'athair)
TUILLEADH (2) ▼
"Cosamar an lín: barrach. Sin é an rud a bhaineas an tlú gairmid as an líon. Shníomhtaí an bharrach le túirne olla, agus dhéantaí snáth di. Inneach a ghnídís de'n bharrach, agus annsin dlúth olla a chur air, agus é a dheilbh, agus aige a dhéanamh dhó (dhe) agus a thabhairt chuig an bhfigheadóir len a fhigheachan. Dheanfaí píosaí dhó ar nós flainín. Nuair a bhíodh fighte dhó, ghnítí súsaí dhó le caitheamh as do chionn 'san leabaidh. 'Sé'n t-ainm a bhíodh ar na súsaí sin "líon agus olann". B'fhearr ceann aca ná trí phluid. Bhídís buille garbh ach má bhíodh fhéin, dhá mbeadh ceann aca ar an leabaidh, thiocfá le pluid amháin agus é." (giota as cuntas faoi'n líon ó m'athair)
"In a aige — in a throisleáin — a bhíos an snáth th'éis an crann deilbh a fhágáil. In a cheirtlíní a bhíos an t-inneach. Chuirfeadh an figheadóir an aige 'san seol agus thosóchadh sé ag caitheamh an innigh air, nó go mbeadh na ceirtlíní ídighthe. Mara mbeadh a dhóthain innigh ag an bhfigheadóir, bheadh easnamh (/æsɴə/) ort, agus chaithfeá tuilleadh a fháil, hébrí cá bhfuightheá é. É a thógáil ó bhean eicínt … Inneach bán a chaitheamh ar dhlúth dubh sin é an ceann asna. Dhá mbeadh dlúth agus inneach bán ann, sin é an flainín bán — ábhar drárannaí agus báiníní agus pluideannaí. Bíonn an t-inneach agus an dlúth dubh le dhá ghlas chaorach. Nó d'fhéadfá olann daithte a chur ar bhán, l'aghaidh treabhsair agus bheist. Daithtear an dlúth agus an t-inneach l'aghaidh seaicéid nó chasógaí. Chuiridís láib ar an dath leis an mbréidín dhubh a bhíos 'sna seaicéid thíre a dhathú. Dhá ndaithteá inneach le scraith chloch, agus oiread na fríde glas chaorach a chaith thríd an dlúth, dhéanfadh sé éadach breagh. Rinne mo mháthair culaith dhó dhom annseo uair. Bhainfeadh sé an solas as do shúile. Ní raibh aon-bhean óg 'sa tír nach in mo dhiaidh a bhí nó go raibh sí caithte! Ach caitheadh in aer an obair sin. Níl triúr ban istigh in do thír indiu atá indon olann a dhathú. Níl a fhios aca céard a bhaineas dó" (Sliocht as cuntas faoi éadach ó Mháirtín Ó Chadhain, Cnocán Glas, Spidéal)
 
dlúth 2
Ní raibh aon-deilbh air. Sin é an fáth nachar fhéad sé a fhigheachan dlúth