deilbh
—ainmfhocal, baineann
—ginideach uatha: na deilbhe
—ní mórán atá sé sa gcaint anois ach go dtuigfí go maith é de bharr é a bheith i bhfilíocht agus in amhráin, agus i scéalta
—
cruth, déanamh, pearsa, cumraíocht, cuma.
·
"Aithním culaith an Deirg ach ní aithním a dheilbh ná é féin; Agus fear gan bheannú i measc an tslua, dorna a bhí a leathnú ar chnáimh a ghéill" (Sin é adúirt an Chailleach — máthair an Deirg Mhóir, nuair a tháinig Fionn isteach chuici agus culaith an Deirg air)
"Aithním claimhe agus culaith an Deirg ach ní aithním a dheilbh ná é féin" (leagan eile air) "Aithním claimhe an Deirg ach ní aithním a nú-dheilbh ná é féin" (Cois Fharraige — a shnua dheilbh b'fhéidir (/ə nū/)? Tá an n seo faoi anáil imithe as Gaeilge Chois Fharraige, ach tá sí fágtha faoi na hOileáin: Leitir Móir, Leitir Mealláin, srl. Ní mheasaim gur chuala mé ariamh í i gCois Fharraige ar aon nós)
Féach freisin
deilbh in iontrálacha eile (7)
→
deisigh
Bhí an crann deilbhe deisithe aici ar m'aghaidh isteach inniu agus mé ag dul ag an bportach. Is mór an saothraí í, go dtéann sí ag deilbh fós
+
→
dia 2
Lomadh Luain agus deilbh Chéadaoin agus marú salach Sathairn ─ tá geis ar na ceann oibreachaí sin na laethantaí sin
TUILLEADH (1) ▼
"Lomadh Luain agus deilbh Chéadaoin: ní raibh ariamh gan osna nó éagaoin"
+
→
dlúth 1
"'Sé an dlúth a dheilbhítear ar an gcrann deilbh. Cuirtear an dlúth ina uige chuig an bhfíodóir. Téann an t-inneach ina cheirtlín aige (chuige). Cuirfidh sé an dlúth isteach sa seol ansin. Cuireann sé an dlúth ar fhad an bhréidín sa bhfíochán. Caitear é a chur thríd an tslinn agus thrí na huamachaí. Bíonn an dlúth ansin leis an éadach ar a fhad ag dul ó gharmain go dtí an gharmain eile. Casann sé suas an dlúth ar gharmain an tsnátha. Nuair a bheas sé ag fíochán ansin, déanfaidh sé próistí beaga den inneach. 'Sé an t-ainm atá orthu eiteáin, agus beidh sé ag caitheamh na n-eiteáin thríd an dlúth léar (de réir) mar a bheas sé ag fíochán. Nár chuala tú M. Mh. Ph. ag caint ar chaitheamh an smóil. Sin é é. Bíonn sé ag cur tointí air, nó ag tointeáil. Ní mór an t-inneach a chaitheamh i chuile áit ar an dlúth i gcruth is go bhféadfaidh an tslinn é a fháscadh isteach. Tá clár ar an seol — an lámhchlár — agus bíonn a láimh ag an bhfíodóir air, dhá dhoirtim isteach is amach leis an inneach a chur ar an dlúth agus lena chruadhú. Istigh sa gclár sin atá an tslinn. Rudaí iarainn atá sa tslinn. Fáisceann sí an t-inneach isteach ar an dlúth. Bíonn cláirín ar chiumhais an éadaigh, agus teannann sé isteach é sa tslinn. Is éascaíocht dó é sin freisin leis an inneach a chur ar an dlúth. Tá sé ag tarraingt an tointe, adéarfas sé, nó chaith sé an toint: sin é léar (de réir) mar a bheas sé dhá fhíochán, beidh sé dhá tharraingt air den gharmna. Tá an dhá gharmna ann: garmna an tsnátha agus garmna an abhrais. Is mó an t-inneach nach foláir don dlúth caol ná de dhlúth atá sníofa ramhar. Bíonn cuid den bhréidín a mbíonn leithead ann thar a chéile léar (de réir) mar a bheas an tslinn … Sa deilbh a bhíos na clannaí. Sin an dá snáth a chur le chéile — dhá snáth dlútha — nuair a bheas tú dhá dheilbh. Bíonn easnamh agus lán stéige ann scaití freisin." (Sliocht as cuntas faoi éadach a fuair mé ó m'athair)
TUILLEADH (2) ▼
"Cosamar an lín: barrach. Sin é an rud a bhaineas an tlú gairmit as an líon. Shníomhtaí an bharrach le tuirne olla, agus dhéantaí snáth di. Inneach a ghnídís den bharrach, agus ansin dlúth olla a chur air, agus é a dheilbh, agus uige a dhéanamh dhó (dhe) agus a thabhairt chuig an bhfíodóir lena fhíochan. Dhéanfaí píosaí dhó ar nós flainín. Nuair a bhíodh fite dhó, ghnítí súsaí dhó le caitheamh os do chionn sa leaba. 'Sé an t-ainm a bhíodh ar na súsaí sin "líon agus olann". B'fhearr ceann acu ná trí phluid. Bhídís buille garbh, ach má bhíodh fhéin, dhá mbeadh ceann acu ar an leaba, thiocfá le pluid amháin agus é." (giota as cuntas faoin líon ó m'athair)
"Ina uige — ina throisleáin — a bhíos an snáth théis an crann deilbh a fhágáil. Ina cheirtlíní a bhíos an t-inneach. Chuirfeadh an fíodóir an uige sa seol agus thosódh sé ag caitheamh an innigh air, nó go mbeadh na ceirtlíní ídithe. Mura mbeadh a dhóthain innigh ag an bhfíodóir, bheadh easnamh (/æsɴə/) ort, agus chaithfeá tuilleadh a fháil, hé brí cá bhfaightheá é. É a thógáil ó bhean eicínt … Inneach bán a chaitheamh ar dhlúth dubh, sin é an ceann easna. Dhá mbeadh dlúth agus inneach bán ann, sin é an flainín bán — ábhar drárannaí agus báiníní agus pluideannaí. Bíonn an t-inneach agus an dlúth dubh le dhá ghlas chaorach. Nó d'fhéadfá olann daite a chur ar bhán, le aghaidh treabhsair agus bheist. Daitear an dlúth agus an t-inneach le aghaidh seaicéid nó chasógaí. Chuiridís láib ar an dath leis an mbréidín dhubh a bhíos sna seaicéid thíre a dhathú. Dhá ndaiteá inneach le scraith chloch, agus oiread na fríde glas chaorach a chaitheamh thríd an dlúth, dhéanfadh sé éadach breá. Rinne mo mháthair culaith dhó dhom anseo uair. Bhainfeadh sé an solas as do shúile. Ní raibh aon bhean óg sa tír nach in mo dhiaidh a bhí nó go raibh sí caite! Ach caitheadh in aer an obair sin. Níl triúr ban istigh in do thír inniu atá in ann olann a dhathú. Níl a fhios acu céard a bhaineas dó" (Sliocht as cuntas faoi éadach ó Mháirtín Ó Cadhain, Cnocán Glas, Spidéal)