Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Deileadóir
fear dhéanta túirní: túirní eiteáin agus túirní sníofa. Thiúrfaí ar an té a dhéanfadh rothaí túirní go h-áirid é. Ghníodh sé priondaí ime freisin agus rudaí den tsórt sin. Bhíodh go leór aca faoin tuaith trí fichead nó cheithre fichead bliain ó shoin, ach is láidir má tá deileadóir ar bith anois ann ó a caitheadh na túirní in aer, go h-áirid na túirní lín.
+
Tá caiseal an rotha briste agus níor mhór a thabhairt ag deileadóir. Ní bheadh aon duine eile indon an fleasc sin a dhéanamh
Gaelach a rinneadh an túirne sin, ach is fadó an lá é. Deileadóir a bhíodh thuas áit eicínt i Muigh Cuilinn a rinne í. Dheamhan deileadóir san tír anois
TUILLEADH (1) ▼
D'fheicinnse deileadóirí ar na h-aontaí roimhe seo ag díol túirní agus rothaí túirní ach ní fhaca mé aonduine dhá ndíol anois leis an tsíorraíocht. Bhí mná aráin agus abhrais ann an uair sin, ach cá'il an bhean óg in do thír inniu a bhfuil a fhios aice le breith ar thúirne agus próiste a shníomh. Tuinnte fada na h-óinsí a bheadh in a diaidh, dhá mbuaileadh sí faoi