Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
deileadóir
 fear dhéanta tuirní: tuirní eiteáin agus tuirní sníofa. Thabharfaí ar an té a dhéanfadh rothaí tuirní go háirid é. Ghníodh sé priontaí ime freisin agus rudaí den tsórt sin. Bhíodh go leor acu faoin tuaith trí fichead nó cheithre fichead bliain ó shin, ach is láidir má tá deileadóir ar bith anois ann ó caitheadh na tuirní in aer, go háirid na tuirní lín.
+
Tá caiseal an rotha briste agus níor mhór a thabhairt ag deileadóir. Ní bheadh aon duine eile in ann an fleasc sin a dhéanamh
Gaelach a rinneadh an tuirne sin, ach is fadó an lá é. Deileadóir a bhíodh thuas áit eicínt i Maigh Cuilinn a rinne í. Dheamhan deileadóir sa tír anois
TUILLEADH (1) ▼
D'fheicinnse deileadóirí ar na haontaí roimhe seo ag díol tuirní agus rothaí tuirní ach ní fhaca mé aon duine dhá ndíol anois leis an tsíoraíocht. Bhí mná aráin agus abhrais ann an uair sin, ach cá'il an bhean óg in do thír inniu a bhfuil a fhios aici le breith ar thuirne agus próiste a shníomh. Tointe fada na hóinsí a bheadh ina diaidh, dhá mbuaileadh sí faoi