Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Deirceach
aidiacht as deirc
an sceallóigín ghealaighe a bhíos ann nuair nach mbíonn sí ach in a tús agus as sin suas go mbíonn ceathramha di ann nó ionann agus é. Gealach dheirceach í sin; mar dhóigh dhe gur gealach ghann nó ghortach í.
+
Gealach dheirceach atá ann anocht.
Níl aon-ghnotha agad a bheith i gclé na gealaighe le thú a thabhairt abhaile. Gealach dheirceach atá ann na h-oícheantaí seo
TUILLEADH (7) ▼
Níl ann fós ach gealach dheirceach agus ní bheidh go bhfeicidh tú seachtain eile
Ní fhéadfadh sí a bheith ach deirceach fós. Is beag di atá ann. Teigheann sí faoi dubh-luath
Beidh tús-oíche geal, ach ná bac leis sin. Níl ann ach gealach dheirceach nó go dtigidh tuilleadh di.
Is maith deirceach í an ghealach fós. Shílfeá go mbeadh cosamar thairis sin ann di feasta
Ní bheadh aon-ghnotha againn na h-aistreáin sin a thabhairt orainn féin ar ghealach dheirceach mar atá ann na h-oícheanntaí seo. Fan nó go dtigidh lán gealaighe, agus déanfaidh muid cuairt go maidin ann. Ma gheibhim-se mé féin istigh in a chlúid, ní chorróchaidh fear agus píce aisti mé, nó go mbeidh an oíche thar druim
Tá gealachín bheag dheirceach ann, ach ní dhéanfadh sí aon-fhoghaint duitse ar an ócáide a bhfuil tú féin air
Mura bhfuil solas agad, ní rachaidh tú ibhfad ar an ngealaigh. Gealach an-deirceach atá ann. Bhí sí faoi an-luath aréir

Féach freisin