Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
deirceach
aidiacht as deirc
an sceallóigín ghealaí a bhíos ann nuair nach mbíonn sí ach ina tús agus as sin suas go mbíonn ceathrú di ann nó ionann is é. Gealach dheirceach í sin; mar dhóigh dhe gur gealach ghann nó ghortach í.
+
Gealach dheirceach atá ann anocht
Níl aon ghnaithe agat a bheith i gclé na gealaí le thú a thabhairt abhaile. Gealach dheirceach atá ann na hoícheantaí seo
TUILLEADH (7) ▼
Níl ann fós ach gealach dheirceach agus ní bheidh go bhfeice tú seachtain eile
Ní fhéadfadh sí a bheith ach deirceach fós. Is beag di atá ann. Téann sí faoi dubhluath
Beidh tús oíche geal, ach ná bac leis sin. Níl ann ach gealach dheirceach nó go dtige tuilleadh di
Is maith deirceach í an ghealach fós. Shílfeá go mbeadh cosamar thairis sin ann di feasta
Ní bheadh aon ghnaithe againn na haistreáin sin a thabhairt orainn féin ar ghealach dheirceach mar atá ann na hoícheantaí seo. Fan nó go dtige lán gealaí agus déanfaidh muid cuairt go maidin ann. Má gheibhimse mé féin istigh ina chlúid, ní chorróidh fear agus píce aisti mé nó go mbeidh an oíche thar droim
Tá gealachín bheag dheirceach ann, ach ní dhéanfadh sí aon fhóint duitse ar an ócáide a bhfuil tú féin air
Mura bhfuil solas agat, ní rachaidh tú i bhfad ar an ngealaigh. Gealach an-deirceach atá ann. Bhí sí faoi an-luath aréir

Féach freisin