Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Deireannach
/d′erɴəx/ : /d′erəɴəx/
aidiacht
1.
ar deireadh; deireadh; "lastly".
a.
+
Céard a rinne tú leis an leabhar dheireannach a bhí agad? = an ceann deireadh; an ceann a bhí agad faoi dheireadh (i leaganachaí de'n tsórt seo, níl aon-idir-dhealbhú ag deireadh agus deireannach le chéile, cé gur minice "deireadh" le ainm-fhocal measaim ná "deireannach". Ach bíonn áiteacha nach n-abróchaí deiridh le ainm-fhocal .i. "an ceann deireannach de'n lá", "an baile deireannach" agus rl.)
Sin é an béilí deireannach sean-fhataí i mbliana. Tá siad ídighthe anois
TUILLEADH (11) ▼
Bainfidh muid an béilí deireannach as an iasc indiu. Ba mhór an seasamh aige é
Tá an fata deireannach ithte agad, má bheirim ort istigh annsin aríst
Cá'id ó d'ól tú an ghloine dheireannach phoitín?
An píopa deireannach a bhí agam chaill mé é
An scian dheireannach a chuaidh síos ann, níor chuir siad abhaile fós í
Seo é an malach deireannach de'n fheamainn anois
Tá an fód deireannach dhá chuid móna caithte
Tiocfaidh an ceann deireannach de'n lá fliuch (fc. ceann)
Tá sé in am ag an gceann deireannach a bheith ar fáil feasta (leitir, bó, gluaisteáin, daoine agus rl.)
Seo í an leitir dheireannach (an leitir a tháinic scathamh ó shoin; nó, an ceann nach dtiocfaidh leitir ar bith eile in a dhiaidh, late: last)
Ar an dá luath agus ar dhubhairt sé an focal deireannach amach leis
+
Níl an rud sin le feiceál ar na saoghaltaí deireannacha seo chor ar bith = le gairid
Cogadh ar fad an domhan ar na saoghalta deireannacha seo
TUILLEADH (5) ▼
Níl tada le fáil ar na saoghaltaí deireannacha seo ach dalladh báistighe. Maidir le tada eile, níl sé ann
Sílim go bhfuil neart "feaigs" le fáil aríst ar na saoghaltaí deireannacha. Bhí an áit an-bhuailte in a dtaobh tá mí ó shoin
Leig sé faoi go mór ar na saoghalta deireannacha seo. Chonnaic mise é sin, agus ba deacair mí-aighneas a chur air. Ba é an droch-mhac é!
Meastú cá'r thug sé a aghaidh? Ní chloisfeá scéal ná scuan faoi ar na saoghalta deireannacha seo hébrí cá'r chroch sé a sheolta
Níl trácht ag aonduine ar "boxty" ar na saoghaltaí deireannacha seo th'éis nach mbíodh siomsán ar bith ann fadó ach é. Ba bhreagh é freisin le bolg duine a líonadh
+
Chonnaic mé é an lá deireannach = an lá faoi dheireadh (fc. Deireadh)
Dubhairt mise leis an lá deireannach gan mé a thaobhachtáil níos mó agus ní fhaca mé ó shoin é
TUILLEADH (1) ▼
Ab shin é an rud a bhí sé ag iarraidh an lá deireannach? Muise nar ba hé amháin dó le caoi a bheith air!
b.
+
Cé'n uair a bhí sé annseo go deireannach? = an uair dheireadh a raibh sé annseo (cé'n uair a bhí sé annseo deireannach? = when was he here late)
An lá a raibh mé istigh go deireannach faoi, ní bhfuair mé sásamh ar bith
TUILLEADH (8) ▼
Cá'id ó casadh dhuit go deireannach é
Ní fhaca mé é ó'n lá a raibh mé inGaillimh go deireannach
An uair a bhí slaghdán orm go deireannach, tháinic sé anuas annseo ag breathnú orm agus a bhuidéal fuisce aige
Cé'n áit i Sasana a raibh tú go deireannach? … an raibh páighe mhaith annsin?
Cé'n teach ar an mbaile seo a raibh an sagart go deireannach ann? … Tá dhá bhliain eile air mar sin shul a bhéas sé againne
Inghean le P. Ph. as R. a bhí aige an chéad-uair. Cé'n bhean a bhí pósta aige go deireannach?
Ara nach mbíonn sé ar an tsiúite sin i gcomhnaí. Cé leis a raibh sé ag troid go deireannach? … An-ghiota de bhuachaill a mh'anam
Ní raibh mé ar an bportach go deireannach le coicís ó indé. Agus níor thug mé liom ach bord na cruibeach. Déarfá nach bhfuil muid ag ídiú mórán móna
2.
mall; fada amach; late.
a.
+
Tá sé deireannach = mall is an ló
Is deireannaighe ag teacht indiu é ná indé
TUILLEADH (20) ▼
Ar fhan sé deireannach aréir?
Bhí sé buille deireannach 'san maidin nó go dtáinic sé
Níl gnatha ar bith aige sin a dhul ar cuairt. Fuirigheann sé ro-dheireannach
Tá sé deireannach anois le crainte a chur
Nach deireannach a fhanann sé 'san ngarrdha!
Chonnaic mé ag teacht anoir deireannach é. Meastú, an raibh sé i nG. = leis an gcomhtráth; le tuitim na h-oíche
Tá an bus deireannach indiu
Tá an cíos deireannach le seachtain = tá an lá cáirde caithte le seachtain
Beidh an t-airgead sin deireannach ó indiu amach
Tá na "rates" deireannach le coicís. Tá sé thar am a n-íoc
Beidh an Carghas an-deireannach imbliana = amach ibhfad
Ná bí deireannach anois leis an móin = teara in am léithe
Ní rud duit a bheith deireannach leis an airgead sin dhá íoc. Fear maith a bhéarfadh duit é
Ná fág deireannach é. Déan é in am
Bíonn an fear deireannach ar deireadh igcomhnaí = ní eirigheann mórán de rud ar bith a bhíos ag imeacht leis
Beidh tú deireannach mara gcuiridh tú bealadh faoi t'ioscadaí
Tá sé an-deireannach 'san oíche
Bhí sé dubh-dheireannach 'san mbliain len a gcur
Ba mhaith deireannach indé — th'éis an seacht a chlog go h-árd — nuair a chuaidh sé siar
Cé'n t-am é? … Nach maith deireannach é!
+
Is maith deireannach a leig sé air féin é agus gan corruighe go dtí anois
Má's lib imeacht anocht, ná leigidh ro-dheireannach oraibh féin é.
TUILLEADH (2) ▼
Is diabhlaí deireannach a leigeas sé air féin i gcomhnaí é
Nach deireannach a leig tú ort féin é?
+
Tá sé deireannach agam imeacht anois ó thárla, nachar imigh mé ó mhaidin
Tá sé deireannach agad anois a bheith dhá rádh = ro-mhall
TUILLEADH (5) ▼
Tá sé an-deireannach agad a dhul amach anois
Beidh sé deireannach ort ach a mbeidh tú 'san mbaile
Nach hé a bhéas deireannach air agus an t-aistir atá roimhe!
Tá sé deireannach ort bail ó Dhia ort. Céard a chuir an mhoill ort?
Tá sé an-deireannach air anocht hébrí cá'r fhan sé
·
Tá sé ag fás deireannach = ag eirghe deireannach (chuala mé an leagan seo ag seandaoine a bhí d'fhuireasbhaidh Béarla, agus bhíodh sé aca i sean-scéalta. Ní mheasaim gurb é an Béarla "growing late" a bhí ag dul i gcion orra. Tá sé ionann agus seirgthe anois, agus "ag eirghe deireannach" in a leabaidh)
+
Bíonn sé amuigh moch agus deireannach
Bíonn sé ar bóthar moch agus deireannach
TUILLEADH (4) ▼
Ní fhéadfadh sé sin gan rudaí a fheiceál. Bíonn sé amuigh moch agus deireannach
Tá sí moch agus deireannach i m'éadan. Maidir le suaimneas, níl a leithide agham
Má's moch deireannach anois é caithfear a dhul ann
Sin é a mhaith agus a mhaoin sin: moch agus deireannach ag léigheamh páipéir
+
"Is fearr go deireannach ná go bráth" (sean-fhocal) = is fhearr an mhoill fhéin ná gan an rud a theacht i gcrích chor ar bith; "is fhearr súil le muir ná súil le ithir"
Tháinic sé faoi dheireadh dhá fhada go dtí é, ach is fhearr go deireannach ná go bráth, arsa tusa
TUILLEADH (4) ▼
Tá chúig bhliana fós uirre sin shul a bhéas sí in a máistreás. Is fada an fanacht é, ach dhá mbeadh sí amuigh, choinneochadh sí deoladh leis. Is fhearr go deireannach ná go bráth, ach deir siad freisin go bhfaghann na ba bás an fhad agus a bhíos an féar ag fás
Dar liom féin go bhfuil corr-cheann aca ag teacht. Níl siad loicthe ar fad. Shíl mé nach dtiocfadh aon-cheann aca go sleibhe. Ach is fhearr go deireannach ná go bráth 'ar ndú'
Shíl mé dheamhan súil a leagfainn ar an aon-phighinn dhe go bráth. Bhí sneachta caithte agam ar a lorg. Ach is maith anois fhéin é. Is fhearr go deireannach ná go bráth, arsa tusa
Agus tá duine cloinne aice faoi dheireadh! Is fhearr go deireannach ná go bráth, mar adeir an ceann eile
b.
+
Chuaidh mé ag an Aifreann deireannach (late mass nó last mass)
Cé'n chaoi a bhfuil an cur deireannach ag cruthú dhuit?
TUILLEADH (4) ▼
Ar an mbus deireannach a bhí tú aníos? = an bus deireadh; nó bus a bheadh ann mall 'san ló
Tá gealach dheireannach ann anois = deireannach 'san oíche
M'anam gur túisce a bhéas na fataí deireannacha isteach imbliana ná na fataí luatha
Tá sé ar na preaba deireannacha (fc. preaba)
3.
+
Níl aon-chaoi ar Sheán bhocht. Tá sé deireannach = ag tarraint ar an mbás; níl indán eirghe dhó, ach b'fhéidir dó maireachtáil scathamh eile
Cé'n meas a d'fhéadfadh a bheith ag duine ar bith air? Nach furasta aithinte go bhfuil sé deireannach. Siúd ní fhágfaidh sé
TUILLEADH (8) ▼
Deir sí seo thíos go bhfuil sé deireannach, ach ní minic deagh-scéal ag an gceann céadna. Diabhal mé go gceapfainnse go bhfuil sé an-spleodrach thar agus mar bhí sé le seachtain
Níl aon-tsúil aca leis, agus níl aon-tsúil le bheith leis ach oiread. Tá sé deireannach déarfainn. Tá scéin an bháis idir a dhá shúil
Déarfainn rud eicínt leis go dtí indé, ach tá sé deireannach cheapfainn. Tháinic scamall ar na súile aige le cupla lá. Níl aon-aithne aige anois ach aithin dhona. Níor aithin sé J. C. trathnóna
Tá mo dhuine bocht deireannach, agus is mór an scéal sin. Ach céard a eireochas dhá áilín?
Níl mórán lúid ann. Is beag é. Ach ní cheapfainn go bhfuil sé deireannach. B'fhéidir go srianfadh sé as, ach beidh liostachas fada air
Tá sé deireannach. Sin é biseach an bháis atá air anois. Gheobhaidh sé rud le déanamh agus an tseachtain a shárú
Bhuail sé in éinfheacht é. D'aithin mé air trathnóna Dia Domhnaigh go mbadh fear é a bhí deireannach. Bhí a shliocht air. Bhásuigh sé Diardaoin
Tá sé ag goid an bhealaigh leis. Sin é an méid. Tá sé deireannach. D'aithneochadh dall gan súil é

Féach freisin

Deireannach in iontrálacha eile (51)

 
dán
Tá mé ag dul amú ar an aithrighe sin. Níl sí ag luighe le dán chor ar bith anois dom. Is fadó an lá ó adubhairt mé í go deireannach
 
danra
Mo chreach mhaidne, tá a bhfuil ins an teach annsiúd cho danra le chéile faoi bhuille ar bith oibre a dhéanamh: dair leat féin gur ag comórtas le chéile a bheidís, go bhfeicidís cé'n duine aca ba deacra a chur amach agán a chuid oibre. Gróigfidh fear aca é féin ar an teallach agus déanfaidh fear eile agus fear eile an cleas céadna, nó nach mbeidh áit ag míoltóig in a ngoire. Níl go dona ann ach an dithreabhach bocht is athair dóibh, atá amuigh moch deireannach ag saothrú. Sin é an díol-truaighe ar chaoi ar bith
 
Ag dul 'un deacracht a bhéas [sé] an mhóin a thriomú lá ar bith feasta. Tá sé buille deireannach 'san mbliain
+
Sin é an ceann deireannach déidheannach = an ceann deireadh ar fad; an ceann deireannach críochnuighthe; the very last one (níor chuala mé deidheannach is an gcaint ach in a chuingir le deireannach mar sin. Ní mheasaim go bhfuil sé ann ar a aghaidh féin)
TUILLEADH (6) ▼
Seo é an lá deireannach déidheannach agam istigh annseo choidhchin
Ba é an fear deireannach déidheannach é a tháinic. Bhí an altóir ar fad tóigthe roimhe
Sin é an fód deireannach déidheannach a gheobhfas sé 'san teach seo. Teigheadh sé agus baineadh sé í feasta má's breagh leis. Tá congnamh aige féin cho maith agus atá againne
Casadh liom lá inG. í, agus í in ainriocht. Ní fhaca tú duine ar bith ariamh ba bhoichte béal ná í. Thug mé mo phunt deireannach déidheannach di, mar rinne mé truaighe di. Meastú arbh iongantaighe liom an sneachta dearg ná an lá aonaigh a bhí chugad, í a fheiceál ag ceannacht cuingir bhulán annsin thoir. Ní fhaca mise aon-amharc ar mo phunt ó shoin
An "feaig" deireannach déidheannach a bhí agam scar mé leis ar ball. Bhí an leota seo thuas ag imeacht scrúdtha, agus banlá dhá theanga amuigh. Chaith mé aige é!
Aindeoin a raibh aca annseo scathamh, sin í an ceann deireannach déidheannach anois. Chuaidh scaipeadh orra anonn agus anall. Ní bheadh grásta Dé agad 'san teach seo nach dtiubharfaí uait é
 
Ní féidir go bhfuil sé cho deireannach sin. Tá sé ag déanamh ar an naoi
 
Is ait an mac é an saoghal gan "doubt" ar bith. Tá siad déanta len a bhás anocht, agus nach bhfuil sé ach arbhú aréir go deireannach ó a chonnaic mé ag caitheamh léim fhada annsin thíos é, agus má bhí féin, níor náire dhó sin. Ní raibh aon-fhear annsin indon a dhul 'fhoisceacht 'mbeannuighidh Dia dhó
 
dearg 1
Cén uair ar h-athraíodh na pluideogaí ar an bpáiste seo go deireannach. Dheamhan é le dhá lá! Tá sé dearg uiliog an créatúr. Nach hé an náire bhruithte é
 
dearmad 1
Thug sé sinseáil dhearmaid dhom ó'n lá deireannach = sinseáil a bhí aige a thabhairt dom an lá deireannach
 
Ná dearmad anois a theacht in am. Ní fheilfidh sé dhuinn a bheith deireannach
+
Leig tú buille deireannach ort féin é. Indeireadh na bliana a rugadh thú siúráilte go leor. Ach idtús na bliana a rugadh S. annseo bail ó Dhia air. Bhí sé istigh nuair a bhí an bheadaidheacht bheag sin ann
TUILLEADH (1) ▼
Is mór a chuaidh sé 'un deireadh ó a chonnaic mise go deireannach é. Tá sé in a scairíneach ag an obair
 
deis
Ní thugann an t-Aifreann deireannach seo deis do dhuine a dhul in aon-áit. Dhá n-abruigheadh sé leis an am nuadh féin é, ba mhór ab fhiú do na daoine é — ba mhór sin
 
Cheal nach bhfuil tú deisighthe fós? Shoraidh dhíot! Beidh muid deireannach ag an Aifreann
 
deoir
Oiread agus an deoir ní fhaca ar mo bhéal ó a d'fhága mé seo go deireannach
+
dia 2
Beidh an ceann deireannach den tSatharn in mo chomhnaí agam
TUILLEADH (1) ▼
Thug sé an Mháirt leis, ach b'fhurasta aithinte air go raibh sé deireannach. Bhásaigh sé trathnóna Dé Céadaoin.
+
diaidh
Níl in Peadar ach na cheithre eite anois. Tá sé tugtha anuas go mór ó a chonnaic mise go deireannach é. Ach is mór an t-iongnadh go bhfuil sé indiaidh a chéile chor ar bith agus cho gar do'n bhás agus a bhí sé. Shíl mé nach srianfadh sé thríd go bráth
TUILLEADH (1) ▼
Níl breathnú indiaidh aon-cheo ag S. anois. Tá sé ag fágáil 'chuile shórt fútha féin. Bhí sé in am aige ciall a theacht dó, agus gan a bheith dhá shárú féin 'scáth a bhuidheachais. Is fhearr go deireannach ná go bráth mar sin féin
 
díle 1
Má ghníonn sé díle bháistighe anocht agus tá sé féin agus a chosamhlacht in aghaidh a chéile nó déanfaidh, beidh an ghlaicín fhéir sin in a chiseach. Nach bhfuil sé cho maith dhuinn é a bhualadh ar a chéile. Ní bheidh muid ala an chluig leis, má tá sé deireannach orainn féin
 
dílis
Níl cianóg ruadh den airgead sin nachar chruinnigh sí go dílis, ag tabhairt chrácamais di féin moch agus deireannach. M'anam nach ingan fhios dhá cnámha atá sé aice, nach hea sin
+
Leig mé ro-fhada orm féin é. 'Sé a raibh ann díogarnach lae agus mé ag fágáil L. Tá a fhios agad féin go maith (gur) deireannach é sin taca na Féile San Seáin. Anuas go díreach ag an bhF. M. a bhí mé an uair a tolladh an bicycle orm. Shanntuigh mé a dhul isteach tigh M. Dh. go bhfaghainn deis deasuighthe, ach dheamhan é. Chuimhnigh mé freisin sriogán (sreangán) a fháisceadh uirre, ach le chuile chamánuí bhí mé anuas ag na h-I. gan tada a dhéanamh, ach ag siubhal de réir mo choise. Ag cruach mhóna a d'airigh mé an rud. Nar leigidh Dia go ndéanfainn bréag, ach badh é an sonnda ab áibhéile é a chonnaic mé i gcaitheamh mo shaoghail …
TUILLEADH (1) ▼
Beidh sé ann ó ló, ach ní bheidh tada le reic aige … Naoi míle ab eadh. Díogarnach fánach lae a bhéas aige an uair a bhéas sé ins an mbaile. Is deireannach a d'fhága sé air fhéin é, ach an oiread le scéal
 
Fuair mé "fags" agus ní de'n díogha a bhfuair mé ach oiread. Breathnuigh orra sin. Togha an "Gold Hake" amach thar chunntar T. J. Dubhairt mé leis nach nglacfainn "na Punncánaigh"; go raibh siad ro-dhaor, agus ar aon-chor nach raibh siad ag taithneachtáil liom. Chuir sé a láimh isteach faoi'n gcunntar. "'Sé an bosca deireannach déigheannach é" adeir sé. "Tá mé dom' fholmhughadh féin. Ná caintigh le aonduine gur uaimse a fuair tú iad, nó sceannfadh ar eitigh mé ó thrathnóna mé."
 
díol 1
Dhíol sé an déirce ach m'anam má dhíol nach ingan fhios dá chnámha féin sin. Tháinig sé isteach annsin thuas áit nach raibh slí do choise de thalamh, agus an méid sin féin cho maolscreamhach leis an bpláta sin. Chuir sé a chuid alluis leis. Bhí sé amuigh moch agus deireannach ag obair agus ag luadhainn, ag rómhar agus ag fuirseadh. Rinne sé cat agus dhá rioball ann. Ach rinne sé sean-fhear dhó (dhe) féin fiche bliain roimh an ám freisin
+
díol 2
Chonnaic T. se'agaibhse i dteach ósta i mBaile Átha Cliath é an t-am a raibh T. thuas. Bhí sé seo thiar a bhí in éindigh leis ag rádh an "Droighneán Donn". Bhí beirt fhear thall ar a n-aghaidh — strainséaraí — ag ól. Thosuigh an P. ag flith-mhagadh: "Níl a fhios aca sin céard atá muid a rádh ach an oiread le asail" adeir sé. D'ionntuigh fear aca ar an bhfear eile, agus arsa seisean de ghlan-Ghaedhilge: "i gC. a chuala mé an t-amhrán sin go deireannach." Arbh eisean nó iadsan díol an mhagaidh
TUILLEADH (1) ▼
Chuaidh sé ag déanamh ballséire orm-sa oíche annseo, a ndeacha sé thart deireannach. Bhí sean-asal dubh agam an uair sin agus é thiar annsin thiar ingarrdha an bhóthair. Bhí sean-asal eile ag J. Th. ins an ngarrdha ó thuaidh. Sheol sé anuas é agus isteach in mo gharrdha-sa agus deir tú le céard a rinne sé, ach driobaill an dá asal a cheangal dhá chéile le píosa róipín. Marach gur eirigh lena h-asail a bheith an-tsean agus an-tsocair, diabhal mé go mbeadh an dá dhrioball tarraingthe amach ó'n dúid aca as a chéile ar maidin, mar chuir sé an ceangal cráidhte orra. D'fhan mar sin go ceann seachtaine agus siar liom féin oíche agus níor chomhnuigh mé ariamh gur thug mé a chapall amach glan as an ngarrdha, agus as go bráth liom gur fhága mé thuas in éindigh le na caiple féaraigh ar chuid M. Ph. í. Rug mé ar bhromach réidh go leor, agus as go bráth liom anuas aríst gur fhága mé istigh thiar ins an ngarrdha aige [é], an áit a raibh an capall. "Bailigheadh leat" anois arsa mise. Bhí cupla uair lae ann, feadh agus mé a bheith ins an mbaile. Ba é déanamh an mhagaidh díol an mhagaidh an mhaidin sin ar chaoi ar bith
+
díth
Tá díth na céille ort má phósann tú fós. Tá sé luath go leor agad. B'fhéidir gur aithmhéala a bheadh ort nuair a bheadh sé deireannach agad. In a dhiaidh a fheicthear do'n Éireannach a leas
TUILLEADH (1) ▼
Mara bhfuil airgead aige, ní de dhíth a shaothruighthe é. Bíonn sé amuigh moch agus deireannach. Ach tá an mífhortún air ach an oiread le duine
 
diúg
Aníos ag forcabhás ar thobac a tháinic an codaidhe sin anois. Ach gheobhaidh sé tobac ar mo shonsa. Go deimhin is deas na gnaithí a bheadh orm a dhul ag síneadh mo phíopa aige sin nó go ndiúgad sé an gráinne deireannach as. Ro-fhada a fuair sé in m'amadán mé. Faghadh sé tobac anois i m'ráite eicínt eile
 
dlús
Mara dteighidh dlúthas le na "meaingiols" muis, níl ghnatha ar bith a dhul dhá gcur. Tá sé buille deireannach cheana féin, ach má leigeann sib an tseachtain seo tharaibh beidh sé thar am
 
do- 2
Bhí an capall sin a bhí go deireannach ag P. Sh. buille do-cheansuighthe. Is beag nachar chinn air a thaithiú le na "mótarss" chor ar bith
 
Deiseall! Deiseall! Glac t'ionbhadh, agus ná bíodh an oiread sin uathbháis ort. Shílfeá nach bhfuil breith bonn báis agad go mbeidh an greim deireannach sluigthe agad. Ní hé a ghoid ná a fhuadach uait a dhéanfar. Ach tá a fhios agam go maith céard atá ort: fonn bóithreoireachta agus rabhtála ("routeála". fc. rabht). Is fada leat go mbeidh tú amuigh aríst
 
Diabhal fear faoi'n mbogha bán is doicheallaighe ná é, le tarraingt air. Doicheall uiliog é. Teirigh isteach aige moch nó deireannach agus is é an cás céadna é. Bíonn gruaim air i gcomhnuí, i gcomhnuí
 
Is mise a bhí drilleach an t-am a raibh an chóisir bhainseachaí annseo ar an mbaile againn. D'ól mé ionlaoighis phocaide. Ní le linn na mbainseachaí féin is mó a d'ól mé é, ach bhíodh searrachaí beaga eile ann nuair a bhíodh na ráigeannaí móra thart. An lá th'éis bhainis T. Sh. chaith mé féin agus é féin agus M. B. an lá thuas 'sa teach aige ag críochnú [an] tsearróigín a d'fhan d'fhuighleach ó'n oíche roimhe sin. Chuaidh mé síos trathnóna deireannach le gráinne tobac a fháil. Bhí sé in a oíche dhubh orm ag Áirdín an Fh. Diabhal mé gur thosuigh na claidheachaí ag teacht amach rómham ar an mbóthar, agus go raibh 'chuile shonda dhá raibh mé a fheiceál ag baint geit asam. Tabhair fear drilleach orm! Bhí mé tuilleadh agus mí shul a bhí mé agam féin ceart
+
droim
Is fada an lá mé ag gealladh go dtiubharfainn mo dhruím do'n ól, ach tá sé déanta agam faoi dheireadh. Is fhearr go deireannach ná go bráth 'ar ndú'
TUILLEADH (1) ▼
Meastú an féidir druim díbeartha a chur chor ar bith ar an sionnach. Tá an baile — an tír arsa tusa — sladtha aige. Céard adeir tú leis a d'árduigh leis cearc de'n tsráid annsin indé go deireannach, as comhair mó dhá shúl. Airigheann sé go bhfuil púdar gann. Marach sin is beag de'n tsireoireacht seo a bheadh air in aice na dtighthe
 
dubh 2
Ná leig deireannach anois [é]. Níl aon-ghnatha dhuit a dhul ag déanamh cleas na h-oíche faoi dheireadh: a theacht agus an dubh ar an oíche.
 
dubh- 5
Tá an bóthar siúd dubh-dheasuithe ó a bhí mise air go deireannach
 
dúid
Bhain mótar an ceann ó bhun na dúide de lacha liom an lá deireannach. D'fhuagair mé cúitiú air, ach dheamhan lá áird a thug sé orm. "Is fairsing atá an tír agad, agus gan a leigean ar an mbóthar" adeir sé
 
Gabhfaidh an Chincís amach an-fhada ins an samhradh, mar bhí an Inid deireannach
 
Th'éis a' (ar) ndinnéir, ghabhamar ar scaradh na feamainne agus ní mó ná réidh a bhí muid trathnóna deireannach
 
Chuaidh sé amach ar fad as an druim ó a chonnaic mise go deireannach é. Is gearr go mbeidh sé cromta
+
A Dhia dhá thárrtháil! Bhí an conuas seo thiar ag an Aifreann indiu. Is cosamhail go bhfuil sé ag dul 'un diagantacht' faoi dheireadh agus faoi dhó (dheoidh?). Is fhearr go deireannach ná go bráth, arsa tusa
TUILLEADH (1) ▼
Bheadh sé ag dul 'un míosa sílim, ó a bhí sé annseo go deireannach. Thug sé cúl ar fad duinn th'éis nachar chuir muid araoid ar bith air, ach bhíodh na gearrchaileadha ag déanamh buthae críochnuighthe dhó (dhe)
 
Chuaidh an bhudóig sin in ordú ó a chonnaic mise go deireannach í