Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
deóise
ainm-fhocal, buineann
uimhir iolraidh = deóisí, deóisíochaí.
fáirche; an limistéar (nó an méid paráistí) a bhfuil urláimh ag easbog air. (Deóise agus ní fáirche adeirtear cé go bhfuil fáirche i gcaint).
+
Níl an dlí sin i ndeóise Thuama chor ar bith té (cé) go bhfuil sé i ndeóise na Gaillimhe
Bhí sagairt na deóise uiliog ann
TUILLEADH (1) ▼
Sin é an t-easbog atá ar an deóise seo anois. Is áibhéil an bléitheach fir é … Ní theastaíonn "bail ó Dhia" ar bith ón a leithide sin! Níl aon-ghoir ag aonduine droch-shúil a dhéanamh dhe (dhó)! Nach bhfuil an tír ag guidhe dhó!

Féach freisin

deóise in iontrálacha eile (1)

 
deois
Tá sé ag cur deóise air fhéin. Gheobhaidh sib caint anois 'mo choinsias