Diaganta
—aidiacht
—
deagh-mhóideach; beannuighthe; géilleamhnach do dhlí Dé agus na h-Eaglaise; duine atá tugtharach do dhul ag an séipéal go minic, d'urnaighe agus rl.
+–
Is diaganta an duine é. Nuair a thiocfas an inghean amach in a bean riaghalta, fanóchaidh sé idteach an phobail ar fad
Nach conórach an mhaise dhó é a dhul soir ag an bpaidrín 'chuile thrathnóna. Cá'id ó d'eirigh sé amach cho diaganta sin. Dar mo choinsias muis chonnaic muide scathamh eile é agus ní raibh sé ro-dhiaganta chor ar bith. Rud ar bith nach mbeadh trom ná te, bheadh sé fuaduighthe aige. Ach síleann sé má tá teach nuadh déanta aige anois go bhféadfaidh sé a bheith in a shearrach indiaidh gearráin ag sagairt!
TUILLEADH (4) ▼
Bhí sé sin diaganta igcomhnaí. Níl aon-lá ó a rugadh mé nach bhfuil sé ag dul ar thurais go Cruach Phádraig, go Mám Éan, agus go dtí 'chuile áit a mbíonn turas
Ní fhéadfá focal ar bith gáirseamhlacht' a chur as do bhéal in a mhíainis (fiadhnuis) sin. Spréachfadh sé. Is duine an-diaganta é
Is aoibhinn di agus cho diaganta agus atá sí. Tá a glúine caithte aice, ag urnaighe 'chuile ré solais
Má tá sí cho diaganta agus atá a leigean amach, is deas uaithe a dhul ag cúl-chaint ar a comhursa in a dheidh sin. Níl rud ar bith is luaghar liom ná an tslíomadóireacht sin