diaganta
—aidiacht
—
dea-mhóideach; beannaithe; géilliúnach do dhlí Dé agus na heaglaise; duine atá tucarach do dhul ag an séipéal go minic, d'urnaí srl.
+–
Is diaganta an duine é. Nuair a thiocfas an iníon amach ina bean rialta, fanóidh sé i dteach an phobail ar fad
Nach cunórach an mhaise dhó é a dhul soir ag an bpaidrín chuile thráthnóna. Cáid ó d'éirigh sé amach chomh diaganta sin. Dar mo choinsias muis, chonaic muide scaitheamh eile é agus ní raibh sé ródhiaganta chor ar bith. Rud ar bith nach mbeadh trom ná te, bheadh sé fuadaithe aige. Ach síleann sé má tá teach nua déanta aige anois go bhféadfaidh sé a bheith ina shearrach i ndiaidh gearráin ag sagairt!
TUILLEADH (4) ▼
Bhí sé sin diaganta i gcónaí. Níl aon lá ó rugadh mé nach bhfuil sé ag dul ar thurais go Cruach Phádraig, go Mám Éan, agus go dtí chuile áit a mbíonn turas
Ní fhéadfá focal ar bith gáirsiúlachta a chur as do bhéal ina mhínis (fianais) sin. Spréachfadh sé. Is duine an-diaganta é
Is aoibhinn di agus chomh diaganta agus atá sí. Tá a glúine caite aici ag urnaí chuile ré solais
Má tá sí chomh diaganta agus atá a ligean amach, is deas uaithi a dhul ag cúlchaint ar a comharsa ina dhiaidh sin. Níl rud ar bith is luar liom ná an tslíomadóireacht sin