Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Diagantacht
ainm teibidhe as diaganta
cráibhtheacht; deagh-mhóideacht agus rl.
+
Sin í an diagantacht eile muis, a cuid diagantacht' sin. Tiubharfaidh sí seársa ag an bPáidrín 'chuile thrathnóna, ach níl aon-locht aice a dhul síos casán M. le fear in a dhiaidh. Tá dhá thaobh ar an mbád mar adeir J. A.
Diagantacht uiliog iad sin: mná riaghalta, sagairt agus bráithre. Diabhal mé go sílfeá nach bhfuil an fear is óige sin an-tugtharach do dhiagantacht. Feicim ag cláradh mná soir ar an mbóthar 'chuile oíche é. Ní bhíonn tréad ar bith gan cuilíneach adeir siad
TUILLEADH (2) ▼
Is maith í an diagantacht má chuireann sí rud ar do mhéis. Sin é a fhearacht ag an sagart sin é
Teigheadh bó in a gharrdha go bhfeicidh tú a chuid diagantacht'. Chuirfeadh sé na diabhail de'n Chruaich ag eascainí amanntaí

Féach freisin

Diagantacht in iontrálacha eile (1)

 
A Dhia dhá thárrtháil! Bhí an conuas seo thiar ag an Aifreann indiu. Is cosamhail go bhfuil sé ag dul 'un diagantacht' faoi dheireadh agus faoi dhó (dheoidh?). Is fhearr go deireannach ná go bráth, arsa tusa