Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
diagantacht
ainm teibí as diaganta
cráifeacht; dea-mhóideacht srl.
+
Sin í an diagantacht eile muis, a cuid diagantachta sin. Tabharfaidh sí seársa ag an bpaidrín chuile thráthnóna, ach níl aon locht aici a dhul síos cosán M. le fear ina dhiaidh. Tá dhá thaobh ar an mbád mar adeir J. A.
Diagantacht uileag iad sin: mná rialta, sagairt agus bráithre. Diabhal mé go sílfeá nach bhfuil an fear is óige sin an-tucarach do dhiagantacht. Feicim ag cláradh mná soir ar an mbóthar chuile oíche é. Ní bhíonn tréad ar bith gan coilíneach adeir siad
TUILLEADH (2) ▼
Is maith í an diagantacht má chuireann sí rud ar do mhéis. Sin é a fhearacht ag an sagart sin é
Téadh bó ina gharraí go bhfeice tú a chuid diagantachta. Chuirfeadh sé na diabhail den Chruaich ag eascainí amantaí

Féach freisin

diagantacht in iontrálacha eile (1)

 
A Dhia dhá tharrtháil! Bhí an cunús seo thiar ag an aifreann inniu. Is cosúil go bhfuil sé ag dul chun diagantachta faoi dheireadh agus faoi dhó (dheoidh). Is fhearr go deireanach ná go brách, arsa tusa