Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Diomallú; Diomailt
briathar; ainm-bhriathar
diomallú an leagan is mó atá ar an ainm-bhriathar, ach tá diomailt, diomalla ann freisin
rud a chur amú, i bhásta, a mhilleadh, a chur ó rath, nó in an-chaoi; rud a chaitheamh go drabhlásach, go rabairneach nó go fánach.
+
Bhí an t-éadach diomalluighthe ar fad = píosaí bainte dhe, agus é amú de bharr droch-ghearradh a thabhairt air, nó a leithide
Níl díol drár agus báinín 'sa ngiota sin, ach bheadh, marach gur diomalluigheadh (nó diomluigheadh) é. Cé a bhí ag putráil leis ag iarraidh a ghearradh?
TUILLEADH (3) ▼
Bhí ábhar gúna breagh agam, agus thug mé suas aice sin thuas é go ndéanadh sí dhom é. Dhá bhfeictheá an bhail a chur sí air! Chuaidh sí dhá ghearradh agus bhí sí leis ariamh ariamh nó nach raibh mo dhóthain éadaigh agam faoi dheireadh thiar chor ar bith leis an diomallú (diomalla, diomailt) a rinne sí air. Ba mhór an carghas éadach breagh a chur amú léithe. Ach mise a bhí síos leis. Ná leagadh sí aon-tsnáthaid ar aon-tsnáth éadaigh go deo, mar níl a fhios aice a dhath faoi ach an oiread liomsa
Dheamhan diomallú ar bith a bhíos 'san éadach in a dhiaidh. Táilliúr an-phuinteáilte é
Shíl mé go raibh ní ba mhó drabhláis ná sin sa ngiota éadaigh sin, agus níor thug mé diomallú ar bith air. An-áirdeallach féin a bhí mé dhá ghearradh. Gheobhaidh sé cnáimh le crinneadh díol an dá ghúna a bheith ann
+
Ná bac le fataí. Bhí díol baile d'fhataí annsin thoir, marach an chaoi ar dhiomluigh siad sin iad. Ní chreidfinn ó'n saoghal nachar thug duine eicínt cruiteannaí asta, mar hébrí cé'n diomallú a gheobhaidís, níor cheart dóibh a bheith cho h-ídighthe agus atá siad
Bhí cladach móna thuas annsin ar na portaigh againn marach a bhfuair sí de dhiomallú ó na gasúir bhradacha sin. Siad a chuirtí ag iarraidh aistireachaí i gcomhnaí, agus ba chuma leo sin ach a tógáil caoi ar bith ba túisce aca. Tá sí thuas annsiúd anois in a bhrachlainneacha amach ó bhéal na gcruacha, agus gan deoir as aer nach bhfuil ólta aice. Tá cion dhá "lorry" móna ann. Is mór an carghas breathnú uirre
TUILLEADH (1) ▼
Bheadh féar agaibh, marach an diomallú a rinne sib air, plaicín ghabhair a dhéanamh dhó idtús bliana, nuair a bhí neart tiomsacht' ag na beithidhigh ar an talamh. Anois caithfidh siad beatha a bhaint as a gcrága nó bás a fháil leis an ocras
+
Tá diomallú an domhain mhóir 'sa gcaoirfheoil sin idir chnámha agus gheir. B'fhearr punt amháin muicfheola ná trí phunt di, ach is rud í muicfheoil nach bhfuil aon-fháil uirre anois. Níl ná ar an teampall a bhfuil sí.
Droch-rath orra mar fhataí Achréidh. Cheannuigh muid foracún aca annsin an bhliain cheana l'aghaidh síl, agus bhí diomallú an tsaoghail ionnta. Ba mhó na sclamhairí ná na síolta a bhí orra go fada
TUILLEADH (1) ▼
Tá an-diomallú sa ngainimh sin. Níl sé indon muirtéal ar bith a dhéanamh. B'fhearr dhuit ar scáth an chostais, "lorry" a fháil agus é a árdú leat suas go M. agus gainimh ar foghnamh a thabhairt leat ná a bheith de do mhearú féin leis sin. Ba saoire a bheadh sé faoi dheireadh thiar thall
+
Ní fhaca tú aon-fhear go h-iomaidh a dhiomlóchadh airgead leis. Níl tíobhus ar bith ann ach é a loscadh amach cho uain agus aireochas sé pighinn in a phóca
Cá ndeachaidh an siúcra? … Th'anam ó'n "docks" é mar scéal, ní fhéadfadh sé a bheith caithte fós mar ar diomluigheadh críochnuighthe é. Ní hé a mhalrait de chosamhlacht atá air, 'mo choinsias!
TUILLEADH (2) ▼
Sin é an rud a bhí sé a thuaradh dhó féin le fada an lá. Ól agus ragairne agus eirghe in áirde nó go raibh a chuid diomluighthe aige. Anois b'fhéidir céard a dhéanfas sé?
An-charr í, ach dhiomlóchadh sí a bhfuil de "phetrol" in Éirinn. Is beag le chúig mhíle dhéag ar an ngalún atá sí indon a dhéanamh scaithtí. Scriosfadh sí thú mara mbeitheá in do ridire, agus sin caoi nach bhfuil mise ní ag ceasacht ar Dhia é. Dhá mbeinn ní ag forcabhás ar an gcarr sin a bheinn

Féach freisin

Diomallú in iontrálacha eile (2)

 
dlúth 2
Má seadh féin, tá diomallú mór 'san meaisín thar agus an speal. Baineann an speal an féar an-dlúth ach maidir leis an meaisín sin, ní thugann sí aon-bhaint air.
 
Ní bheadh ann ach diomallú dhom a dhul ar bhiorrú claidheachaí anois. Seo í an mhí dhubh, agus níl solamar ar bith ag beithidheach a ghabhfas i mbradghail. Fágfaidh mé mar sin iad go dtí tús féir