Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
diomalaigh, diomail
briathar
ainm briathartha: diomalú, diomailt
diomalú an leagan is mó atá ar an ainm briathartha, ach tá diomailt, diomala ann freisin
rud a chur amú, i bhásta, a mhilleadh, a chur ó rath, nó in anchaoi; rud a chaitheamh go drabhlásach, go rabairneach nó go fánach.
+
Bhí an t-éadach diomalaithe ar fad — píosaí bainte dhe, agus é amú de bharr drochghearradh a thabhairt air nó a leithide
Níl díol drár agus báinín sa ngiota sin, ach bheadh, murach gur diomalaíodh (nó diomlaíodh) é. Cé a bhí ag potráil leis ag iarraidh a ghearradh?
TUILLEADH (3) ▼
Bhí ábhar gúna breá agam agus thug mé suas aici sin thuas é go ndéanadh sí dhom é. Dhá bhfeictheá an bhail a chur sí air! Chuaigh sí dhá ghearradh agus bhí sí leis ariamh ariamh nó nach raibh mo dhóthain éadaigh agam faoi dheireadh thiar chor ar bith leis an diomalú (diomala, diomailt) a rinne sí air. Ba mhór an carghas éadach breá a chur amú léithe. Ach mise a bhí síos leis. Ná leagadh sí aon tsnáthaid ar aon tsnáth éadaigh go deo, mar níl a fhios aici a dhath faoi ach an oiread liomsa
Dheamhan diomalú ar bith a bhíos san éadach ina dhiaidh. Táilliúr an-phointeáilte é
Shíl mé go raibh ní ba mhó drabhláis ná sin sa ngiota éadaigh sin, agus níor thug mé diomalú ar bith air. An-airdeallach féin a bhí mé dhá ghearradh. Gheobhaidh sé cnáimh le crinneadh díol an dá ghúna a bheith ann
+
Ná bac le fataí. Bhí díol baile d'fhataí ansin thoir murach an chaoi ar dhiomlaigh siad sin iad. Ní chreidfinn ón saol nár thug duine eicínt cruiteannaí astu, mar hé brí cén diomalú a gheobhaidís, níor cheart dóibh a bheith chomh hídithe agus atá siad
Bhí cladach móna thuas ansin ar na portaigh againn murach a bhfuair sí de dhiomalú ó na gasúir bhradacha sin. 'Siad a chuirtí ag iarraidh aistireachaí i gcónaí, agus ba chuma leo sin ach a tógáil caoi ar bith ba túisce acu. Tá sí thuas ansiúd anois ina bhrachlainneacha amach ó bhéal na gcruacha, agus gan deoir as aer nach bhfuil ólta aici. Tá cion dhá lorry móna ann. Is mór an carghas breathnú uirthi
TUILLEADH (1) ▼
Bheadh féar agaibh murach an diomalú a rinne sibh air, plaicín ghabhair a dhéanamh dhó i dtús bliana nuair a bhí neart tiomsachta ag na beithígh ar an talamh. Anois caithfidh siad beatha a bhaint as a gcrága nó bás a fháil leis an ocras
+
Tá diomalú an domhain mhóir sa gcaoireoil sin idir chnámha agus gheir. B'fhearr punt amháin muiceola ná trí phunt di, ach is rud í muiceoil nach bhfuil aon fháil uirthi anois. Níl ná ar an teampall a bhfuil sí
Drochrath orthu mar fhataí Achréidh. Cheannaigh muid foracún acu ansin an bhliain cheana le aghaidh síl, agus bhí diomalú an tsaoil iontu. Ba mhó na sclamhairí ná na síolta a bhí orthu go fada
TUILLEADH (1) ▼
Tá an-diomalú sa ngaineamh sin. Níl sé in ann moirtéal ar bith a dhéanamh. B'fhearr dhuit ar scáth an chostais, lorry a fháil agus é a ardú leat suas go M. agus gaineamh ar fónamh a thabhairt leat ná a bheith do do mhearú féin leis sin. Ba saoire a bheadh sé faoi dheireadh thiar thall
+
Ní fhaca tú aon fhear go hiomaí a dhiomlódh airgead leis. Níl tíobhas ar bith ann ach é a loscadh amach chomh uain is a aireos sé pínn ina phóca
Cá ndeachaigh an siúcra? … Th'anam ón docks é mar scéal, ní fhéadfadh sé a bheith caite fós murar diomlaíodh críochnaithe é. Ní hé a mhalrait de chosúlacht atá air, mo choinsias!
TUILLEADH (2) ▼
Sin é an rud a bhí sé a thuaradh dhó féin le fada an lá. Ól agus ragairne agus éirí in airde nó go raibh a chuid diomlaithe aige. Anois b'fhéidir, céard a dhéanfas sé?
An-charr í, ach dhiomlódh sí a bhfuil de phetrol in Éirinn. Is beag le chúig mhíle dhéag ar an ngalún atá sí in ann a dhéanamh scaití. Scriosfadh sí thú mura mbeifeá in do ridire, agus sin caoi nach bhfuil mise, ní ag ceasacht ar Dhia é. Dhá mbeinn, ní ag forcamhás ar an gcarr sin a bheinn

Féach freisin