Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
dodaireacht
Ainm-fhocal, ainm-bhriathar
sdodaireacht amanntaí — s sciorrthach ann
briotaireacht, tutaíl nó mungailt chainte de bharr feirge nó dodaighle; an chaint ghann bhriste a bhíos ag fear corruighthe. Tugtar scaithtí freisin é ar an gcaint leathnuighthe anróitigh a bhíos ag duine agus é ar meisce.
+
Bhí sé ag dodaireacht agus ag dodaireacht, agus ní bheadh a fhios agad beirthe beo ná baistighe céard a bhí sé a rádh len a raibh de thaghd air. "Glac staidéar" arsa mise "agus cuir do chuid cainte indiaidh a chéile ceart go mbeidh a fhios ag na daoine céard atá tú a rádh; nó céard atá ort. Dheamhan a fhios ag aonduine annseo ó bhonnaidheachaí an diabhail mhóir céard is cor do do shean-bhicycle. 'Ar ndú ní ag ceapadh atá tú gur leag aonduine annseo láimh air. Níor leag muise ach an oiread agus a leag tú féin"
Bhí dodaireacht an tsaoghail mhóir aige ins an gcúinne, ach ní raibh duine ar bith ag féadachtail a dhéanamh amach céard a bhí sé a rádh; leis an meacan uilc a bhí ann. Níor mhóide gurbh fhearr dhó féin go bhféadfadh. Bhí an teach buille anglánta agus gheobhadh duine faoi na foraí an-éascaidh é
TUILLEADH (2) ▼
Sin é an bhail a bhíos air sin i gcomhnuí an uair a chuirtear aon-mhúisiam air: ag dodaireacht leis mar sin, agus gan focal as 'chuile dheich bhfocal le tuisgint uaidh … Bhí sé le báinidh ceart anocht muis. Ná bac le uair ar bith a bhfeicfidh tú an sruth pislíní leis. Bí ar do shon fhéin an uair sin
Cé'n sórt sdodaireacht' í siúd a bhí air. An ar meisce a bhí sé nó an duine eicínt a chuir snaoim (snaidhm) ar a theanga, le go raibh sé ar an gcaoi siúd … Fearg! Cé'n t-údar feirge a bhí aige!

Féach freisin