dodaireacht
—ainmfhocal, ainm briathartha
—stodaireacht amantaí — s sciorrach ann
—
briotaireacht, tutaíl nó mungailt chainte de bharr feirge nó dodaíola; an chaint ghann bhriste a bhíos ag fear corraithe. Tugtar scaití freisin é ar an gcaint leathnaithe anróitigh a bhíos ag duine agus é ar meisce.
+–
Bhí sé ag dodaireacht agus ag dodaireacht, agus ní bheadh a fhios agat beirthe beo ná baistí céard a bhí sé a rá lena raibh de thaghd air. 'Glac staidéar,' arsa mise 'agus cuir do chuid cainte i ndiaidh a chéile ceart go mbeidh a fhios ag na daoine céard atá tú a rá; nó céard atá ort. Dheamhan a fhios ag aon duine anseo ó bhonnaíochaí an diabhail mhóir céard is cor do do sheanbhicycle. Ar ndóigh ní ag ceapadh atá tú gur leag aon duine anseo láimh air. Níor leag muise ach an oiread is a leag tú féin'
Bhí dodaireacht an tsaoil mhóir aige sa gcúinne, ach ní raibh duine ar bith ag féadachtáil a dhéanamh amach céard a bhí sé a rá, leis an meacan oilc a bhí ann. Níor mhóide gurbh fhearr dhó féin go bhféadfadh. Bhí an teach buille anglánta agus gheobhadh duine faoi na foraí an-éasca é
TUILLEADH (2) ▼
Sin é an bhail a bhíos air sin i gcónaí nuair a chuirtear aon mhúisiam air: ag dodaireacht leis mar sin, agus gan focal as chuile dheich bhfocal le tuiscint uaidh … Bhí sé le báiní ceart anocht muis. Ná bac le uair ar bith a bhfeicfidh tú an sruth pislíní leis. Bí ar do shon fhéin an uair sin
Cén sórt stodaireachta í siúd a bhí air. An ar meisce a bhí sé nó an duine eicínt a chuir snaidhm ar a theanga le go raibh sé ar an gcaoi siúd … Fearg! Cén t-údar feirge a bhí aige!