dórainneach (doghráinneach?)
—aidiacht.
—dóroinneach, dóraínneach — Achréidh. Dúroinneach = Conamara, ach dóroinneach amanntaí freisin
—
géar; díbheirgeach; dian; dubhshlánach; a bheith indon do cheart a bhaint amach go maith; a dhul go dtí an spriog, nó go dtí bun an amhgair le rud; a bheith neamúch agus ag tabhairt beagán sásaimh uait; gan rud a leigean uait nó gur mhian leat do shásamh a bhaint as.
+–
Casadh fear linn ag coirnéal na sráide. D'iarr muid an t-eolus air. Chuir sé ar an eolus muid ar mhodh, ach bhí beagán sásamh le fáil uaidh in a dheidh sin. D'fhan an fear seo thíos in a éadan. Níorbh fhéidir a thabhairt uaidh. Tá an fear seo thíos an-dórainneach an uair a thogruigheas sé é. Chaith sé annsin ag siúite leis agus ag cur cheisteannaí, agus é cho barrainneach má b'fhíor dó féin. Shíl mé féin gur ag tachtadh a chéile a thiocfaidís as a dheire. Bhí imní ag teacht orm
Tá sé cho dúrainneach le aon-chríostuidhe dhá bhfaca mise ariamh. Má theigheann beithidheach thar claidhe isteach ar a chuid, is olc an peata é. Diabhal níos measa. Bhí diabhlánach de bhó bhradach agam annseo uair. Le M. Ph. Uí Dh. a dhíol mé í, agus mé reicthe aice ag dul imbradghail. Bhí an-tseasamh ag a raibh ar an mbaile léithe. Níl lá ar bith nach dteigheadh sí ar dhuine eicínt, agus ba mhinic a rinne sí foghail freisin. Ach le 'chuile chamánaí ar chuma ar bith, ní dheacha sí air-sean ach lá amháin. Bhí maol-bhearna leagtha igclaidhe Gharrdha an tSléibhe an áit a raibh siad ag cur isteach coirce as an lá roimhe sin, agus ní mórán tóigeál (tógáil) a thug siad uirre. Casadh an bhó ann ar chaoi ar bith. Níor léithe ab fhaillighe é 'ar ndú'. Isteach léithe ar an gcoinnleach, áit nach bhféadfadh sí mórán millteanais a dhéanamh. Ní raibh sí chúig nóiméad ann an uair a rug sé uirre. Rinne sé a sheacht míle dicheall í a bhascadh, ach bhí sí siúd í féin sáthach aigeanta. Anuas leis annseo in a theine bhruithte ag fuagairt foghlach agus dlighe orm féin de ghort an gharta. 'Sé a thug fúm. D'éist mé féin. 'Ar ndú' mar adeir an fear fadó bíodh an chluais bhodhar ag fear na foghlach. Agus bhí na seacht ndiabhail ar an mbó. Ach in a dhiaidh sin agus uiliog scáth ar mhill sí airsean, bhí aige a leigean thairis. B'fheasach dó go raibh fúm a díol ar aon-nós, ach a bhfaghainn an té a thóigfeadh uaim í. Ach tá sé cho dúrainneach sin agus go gcaithfeadh sé an ailp sin a bhaint asam faoi gur tanguigheadh (teangmhuigheadh) chor ar bith leis féin
TUILLEADH (10) ▼
Marach cho dúrainneach agus a bhí sé féin, ní chuirfinn araoid ar bith air faoi'n scathamh de lá báistighe a raibh mé aige. Ó a chonnaic mé go raibh sé ag dul go bun an amhgair liom faoi na laetheanta eile, agus ag iarraidh mé a ghiorrú ins an bpáighe, níor thaise liom féin é. Leag mé air. Is diabhluidhe scanruighthe a bhíos sé faoi scilling agus a laghad achair agus a bheadh daoine eile ag tabhairt fuadach di idteach an ósta
Bhí siad sin dórainneach 'chuile lá ariamh leis an té a bheadh ar páighe aca. Mharbhóchadh sé iad le obair. Is minic a chonnaic mé thíos ins an ngarrdha iad go mbeadh an dubh ar an oíche agus nar léar dóibh an láighe. Agus an táirm chéadna ag tosuighe ar maidin. Mara mbeidís aige le giolcadh na fuiseoige, spréachfadh sé leo. Ba shin é féin an droch-eallach — badh é sin
Bhí muid ag baint roinn fheamuinne annsin thíos an bhliain cheana. Bhí P. L. in éindigh linn. Ó thárla go mba stráinséara í, chreidim gur bhain sí cupla dosán thar teorainn. Dar príosta d'eireochadh sé dhuinn féin sáthach éascaidh má's muid atá ag baint ariamh ann. Tháinig an gheabhróg siúd aniar agus gob uirre. Chuir sí stiúir ropaireacht' uirre féin. Ní raibh an oiread náire ariamh orm as comhair an strainséara agus eile. Thairg muid di a dhul agus an oiread céadna a bhaint orainn. Thug muid breith a béil féin di. 'Sí atá dórainneach ceart. Diabhal bréag!
Tá sé siúd cho dúrainneach agus má tá sé caithte in a cheann aige, nach leigfidh sé uaidh lag labhartha as an dá phunt dhéag í. Má tá ceapadh ar bith aige go bhfuil saint ar bith aige innte seasfaidh sé ar an airgead sin, agus dubhshlán aonduine é a chur cianóg as.
Nach diabhaltaí dórainneach anois a bhí sé faoi'n spré — th'éis gurb í a inghean féin í — nach leigfeadh sé an laogh leis an mbó: laogh óg. "Dubhairt mé" adeir sé "go dtiubharfainn bó bhainne dhaoib, ach níor dhubhairt mé go bhfuigheadh sib bó bhainne agus laogh, agus ní bhfuighidh ach oiread. Dhá mbeadh breith ar m'aithmhéala agam ní bhfuigheadh sib an méid sin féin. Tá mé de dhruim tighe agaibh"
'Ar ndú' bhí sé ag plé le ceann a bhí 'chuile orlach cho dórainneach leis féin: M. seo thiar. Níor thug sé sin aon-tsásamh d'aonduine ariamh, agus diabhal baoghal a bhí air é a thabhairt do Sh. Chaith siad an-fhada ag cothuigheacht le chéile, agus 'chaon duine aca ní ba mheasa ná a chéile. "Dar diaguí" adeir M. faoi dheire "déanfaidh mé aon-lá amháin díot a Sh. shalach na míol. Rinne T. Mh. eadarscán annsin agus d'árduigh an dream thiar M. leo abhaile. Marach gur [a]rduigh chuirfeadh sé luighe fiadha ar Sh.
Chuaidh sé go bog agus go cruadh orm ag iarraidh a innseacht dó. Níl tada dhá'r chuimhnigh sé air nar dhubhairt sé liom. Theigheadh sé amach, agus isteach aríst. Thosuigheadh sé ag dilleoireacht agus scaithtí eile ag bagairt orm. Tá sé sáthach dórainneach ó a chaithfeas sé rud in a cheann. Ach badh aon-mhaith amháin dó a bheith ag gabhail domsa. Ní ghéillfinn dó dá gcaitheadh sé liom ó shoin. Tuige a ngéillfinn. Is beag a bheadh le déanamh agam go deimhin
Bhí an mhuintir suas an-mholtanach air sin, nó gur phós sé an bhean seo. Sílim go bhfuil sí seo dórainneach go leor. Measaim é. Níl goir ag gamhain ná ag caora a dhul ar a gcuid sléibhe nach bhfuil madraí saghdtha ionnta agus iad ruaigthe idtigh deamhain. Agus bíonn sí dólámhach ag iarraidh ar an bhfear an sliabh a choisint. Roimhe seo ní chuirfeadh sé aon-araoid go deo ar bheithidheach a chasfaí ann, ach m'anam nach hé sin dó anois. Tá an-lear sléibhe aca annsiúd freisin: an domhan bráthach. Is beag a d'aireochaidís corr-bhearradh a leigean le Muintir L., nach bhfuil aca ach dhá spreab ar easca
Is diabhlaí dórainneach a bhí sé ag dul dom aréir. Bhí a fhios agam an uair a bhain sé amach ins an tsáruigheacht nach gcuirfeadh an diabhal ina shost é. Cé'n bhrigh ach an chaoi a raibh sé ag iarraidh údair ar 'chuile shórt dhá raibh mé a rádh. Bhí sé fánach agamsa údar a thabhairt dó, agus dhá dtugainn féin ní bheadh aon-mheas aige orra. Sin é an chuid is measa de'n tsáruigheacht i gcomhnuí. Ach ní fear ar bith é siúd le dhul ag sáruigheacht leis ar aon-nús (nós). Leanfaidh sé 'chuile mhíle focal 'bhfeicfidh sé an bhféadfaidh sé brabach a fháil ar thada. Dligheadóir ceart é
Má tá indán agus go dtiubharfar 'un cúirte thusa tóig M. Sin é an dligheadóir. Tá sé an-dúrainneach go deo ins an gcúirt. Má tá indán agus go mbeidh fear ag tabhairt fhiadhnuise agus go gceisneochaidh sé siúd é, cabálfaidh sé é dhá mhíle buidheachas. 'Sé atá indon. Freagróchaidh tú é siúd feicfidh tú féin air. Nó mara bhfreagruighidh, beidh sé in t'éadan go bráth, nó go dtugaidh sé amach as do chreatalaigh é. Siúd é an buachaill aca. Níl aon-mhaith a bheith ag dul anonn ná anall leis. Má tá clár na fírinne agad, níl aon-bheann agad air, ach mara bhfuil, tá sé indon droch-dhíol a thabhairt ort. Chonnaic mé mac D. annsin thoir ag athrú dathannaí aige
dórainneach in iontrálacha eile (1)
→
díleá
Deir siad gurb éard a d'fhága an díleághadh air sin, sceach a raibh geis uirre thiar ingarrdha an Ch. a bhaint. Bhí na "daoine maithe" — diúltaigheamuide dhóib — fúithe. An uair a tharraing sé an tuagh, tháinic an guth go dtí é: "ná buail" adeir sé. Ach bhí S. cho dórainneach, cho dubhshlánach sin, agus nach gcoiscfeadh sé a láimh. Bhain sé an sceach thrí 'chuile údragáil. Ó'n lá sin amach bhí an díleághadh air: leághadh chubhar na h-abhann ar a raibh aige. Dar fiadh bhí an fear sin deiseamhail, ach ba bheag an mhaith dhó a chuid deis lá agus gur thosuigh an saoghal ag dul in aghaidh. Níor fhan bó ná gamhain ná caora aige nar báitheadh nó nar bascadh nó nar cailleadh. Ó a bhuaileas an smál sin iad, is furasta leo imeacht. An tsiocair is lugha faoi'n domhan, agus scaithtí ní call dóib tsiocair ar bith. Bhí sé taobh le sean-bhó bhuidhe ins an deire. Chonnaic mé féin í sin aige. Ní feasach dom ar cailleadh í sin nó gur cailleadh í le aois, ach ba chuma dhó-san sin. Ba mhaith bocht an fear é indeireadh a shaoghail, agus beo bocht a bhí a chlann in a dhiaidh nó gur dhealuigh siad leo ar fad as. Sin é an chaoi a ndeacha an sceach dó. Ara bhí sé cho do-chomhairleach leis an saoghal. "A chomhairle féin do mhac dhanra" arsa tusa "agus ní bhfuair sé ariamh níos measa." Níor ceart do dhuine ar bith, ar aon-chor, a dhul thar theasbánadh, agus fuair seisean an teasbánadh — go ndéanaidh Dia grásta air!