Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
doghrainneach
aidiacht
Achréidh: dóroinneach, dóraínneach; Conamara: dúroinneach, ach dóroinneach amantaí freisin
 géar; díbheirgeach; dian; dúshlánach; a bheith in ann do cheart a bhaint amach go maith; a dhul go dtí an spriog, nó go dtí bun an amhgair le rud; a bheith neamúch agus ag tabhairt beagán sásaimh uait; gan rud a ligean uait nó gur mhian leat do shásamh a bhaint as.
+
Casadh fear linn ag coirnéal na sráide. D'iarr muid an t-eolas air. Chuir sé ar an eolas muid ar mhodh, ach bhí beagán sásaimh le fáil uaidh ina dhiaidh sin. D'fhan an fear seo thíos ina éadan. Níorbh fhéidir a thabhairt uaidh. Tá an fear seo thíos an-doghrainneach nuair a thograíos sé é. Chaith sé ansin ag siúite leis agus ag cur cheisteannaí, agus é chomh barainneach má b'fhíor dó féin. Shíl mé féin gur ag tachtadh a chéile a thiocfaidís as a dheireadh. Bhí imní ag teacht orm
Tá sé chomh doghrainneach le aon Chríostaí dhá bhfaca mise ariamh. Má théann beithíoch thar claí isteach ar a chuid, is olc an peata é. Diabhal níos measa. Bhí diabhlánach de bhó bhradach agam anseo uair. Le M. Ph. Uí Dh. a dhíol mé í, agus mé reicthe aici ag dul i mbradaíl. Bhí an-tseasamh ag a raibh ar an mbaile léithe. Níl lá ar bith nach dtéadh sí ar dhuine eicínt, agus ba mhinic a rinne sí foghail freisin. Ach le chuile chamánaí ar chuma ar bith, ní dheachaigh sí airsean ach lá amháin. Bhí maolbhearna leagtha i gclaí Gharraí an tSléibhe an áit a raibh siad ag cur isteach coirce as an lá roimhe sin, agus ní mórán tógáil a thug siad uirthi. Casadh an bhó ann ar chaoi ar bith. Níor léithe ab fhaillí é ar ndóigh. Isteach léithe ar an gcoinleach, áit nach bhféadfadh sí mórán millteanais a dhéanamh. Ní raibh sí chúig nóiméad ann nuair a rug sé uirthi. Rinne sé a sheacht míle dícheall í a bhascadh, ach bhí sí siúd í féin sách aigeanta. Anuas leis anseo ina thine bhruite ag fuagairt foghlach agus dlí orm féin de ghorta gharta. 'Sé a thug fúm. D'éist mé féin. Ar ndóigh, mar adeir an fear fadó, bíodh an chluais bhodhar ag fear na foghlach. Agus bhí na seacht ndiabhail ar an mbó. Ach ina dhiaidh sin agus uileag, scáth ar mhill sí airsean, bhí aige a ligean thairis. B'fheasach dó go raibh fúm a díol ar aon nós, ach a bhfaighinn an té a thógfadh uaim í. Ach tá sé chomh doghrainneach sin agus go gcaithfeadh sé an ailp sin a bhaint asam faoi gur tangaíodh (teangmhaíodh) chor ar bith leis féin
TUILLEADH (10) ▼
Murach chomh doghrainneach agus a bhí sé féin, ní chuirfinn araoid ar bith air faoin scaitheamh de lá báistí a raibh mé aige. Ó chonaic mé go raibh sé ag dul go bun an amhgair liom faoi na laethanta eile, agus ag iarraidh mé a ghiorrú sa bpáí, níor thaise liom féin é. Leag mé air. Is diabhlaí scanraithe a bhíos sé faoi scilling agus a laghad achair agus a bheadh daoine eile ag tabhairt fuadach di i dteach an ósta
Bhí siad sin doghrainneach chuile lá ariamh leis an té a bheadh ar páí acu. Mharódh sé iad le obair. Is minic a chonaic mé thíos sa ngarraí iad go mbeadh an dubh ar an oíche agus nár léir dóibh an láí. Agus an táirm chéanna ag tosaí ar maidin. Mura mbeidís aige le giolcadh na fuiseoige, spréachfadh sé leo. Ba in é féin an drocheallach — ba é sin
Bhí muid ag baint roinn fheamainne ansin thíos an bhliain cheana. Bhí P. L. in éindí linn. Ó tharla go mba strainséara í, chreidim gur bhain sí cupla dosán thar teorainn. Dar príosta d'éireodh sé dhúinn féin sách éasca más muid atá ag baint ariamh ann. Tháinig an gheabhróg siúd aniar agus gob uirthi. Chuir sí stiúir ropaireachta uirthi féin. Ní raibh an oiread náire ariamh orm os comhair an strainséara agus eile. Thairg muid di a dhul agus an oiread céanna a bhaint orainn. Thug muid breith a béil féin di. 'Sí atá doghrainneach ceart. Diabhal bréag!
Tá sé siúd chomh doghrainneach agus má tá sé caite ina cheann aige, nach ligfidh sé uaidh laglabhartha as an dá phunt dhéag í. Má tá ceapadh ar bith aige go bhfuil saint ar bith aige inti, seasfaidh sé ar an airgead sin, agus dúshlán aon duine é a chur cianóg as
Nach diabhaltaí doghrainneach anois a bhí sé faoin spré — théis gurb í a iníon féin í — nach ligfeadh sé an lao leis an mbó: lao óg. 'Dúirt mé,' adeir sé 'go dtabharfainn bó bhainne dhaoibh, ach níor dhúirt mé go bhfaigheadh sibh bó bhainne agus lao, agus ní bhfaighidh ach oiread. Dhá mbeadh breith ar m'aiféala agam, ní bhfaigheadh sibh an méid sin féin. Tá mé de dhroim tí agaibh'
Ar ndóigh bhí sé ag plé le ceann a bhí chuile orlach chomh doghrainneach leis féin: M. seo thiar. Níor thug sé sin aon tsásamh d'aon duine ariamh, agus diabhal baol a bhí air é a thabhairt do Sh. Chaith siad an-fhada ag cothaíocht le chéile, agus chaon duine acu ní ba mheasa ná a chéile. 'Dar diagaí,' adeir M. faoi dheireadh, 'déanfaidh mé aon lá amháin díot a Sh. shalach na míol. Rinne T. Mh. eadarascán ansin agus d'ardaigh an dream thiar M. leo abhaile. Murach gur ardaigh chuirfeadh sé luí fia ar Sh.
Chuaigh sé go bog agus go crua orm ag iarraidh a inseacht dó. Níl tada dhár chuimhnigh sé air nár dhúirt sé liom. Théadh sé amach, agus isteach aríst. Thosaíodh sé ag dilleoireacht agus scaití eile ag bagairt orm. Tá sé sách doghrainneach ó chaithfeas sé rud ina cheann. Ach ba aon mhaith amháin dó a bheith ag gabháil domsa. Ní ghéillfinn dó dá gcaitheadh sé liom ó shin. Tuige a ngéillfinn. Is beag a bheadh le déanamh agam go deimhin
Bhí an mhuintir suas an-mholtanach air sin nó gur phós sé an bhean seo. Sílim go bhfuil sí seo doghrainneach go leor. Measaim é. Níl gair ag gamhain ná ag caora a dhul ar a gcuid sléibhe nach bhfuil madraí saighdte iontu agus iad ruaigthe i dtigh deamhain. Agus bíonn sí dólámhach ag iarraidh ar an bhfear an sliabh a chosaint. Roimhe seo, ní chuirfeadh sé aon araoid go deo ar bheithíoch a chasfaí ann, ach m'anam nach é sin dó anois. Tá an-lear sléibhe acu ansiúd freisin: an domhan brách. Is beag a d'aireoidís corrbhearradh a ligean le muintir L., nach bhfuil acu ach dhá spreab ar easca
Is diabhlaí doghrainneach a bhí sé ag dul dom aréir. Bhí a fhios agam nuair a bhain sé amach sa tsáraíocht nach gcuirfeadh an diabhal ina shost é. Cén bhrí ach an chaoi a raibh sé ag iarraidh údair ar chuile shórt dhá raibh mé a rá. Bhí sé fánach agamsa údar a thabhairt dó, agus dhá dtugainn féin, ní bheadh aon mheas aige orthu. Sin é an chuid is measa den tsáraíocht i gcónaí. Ach ní fear ar bith é siúd le dhul ag sáraíocht leis ar aon nós. Leanfaidh sé chuile mhíle focal go bhfeicfidh sé an bhféadfaidh sé brabach a fháil ar thada. Dlíodóir ceart é
Má tá i ndán is go dtabharfar chun cúirte thusa, tóg M. Sin é an dlíodóir. Tá sé an-doghrainneach go deo sa gcúirt. Má tá i ndán is go mbeidh fear ag tabhairt fhianaise agus go gceisneoidh sé siúd é, cabálfaidh sé é dhá mhíle buíochas. 'Sé atá in ann. Freagróidh tú é siúd feicfidh tú féin air. Nó mura bhfreagraí, beidh sé in t'éadan go brách nó go dtuga sé amach as do chreatlaigh é. Siúd é an buachaill acu. Níl aon mhaith a bheith ag dul anonn ná anall leis. Má tá clár na fírinne agat, níl aon bheann agat air, ach mura bhfuil, tá sé in ann drochdhíol a thabhairt ort. Chonaic mé mac D. ansin thoir ag athrú dathannaí aige

doghrainneach in iontrálacha eile (5)

 
dána
Tá sé an-dána an-doghrainneach má chuirtear araoid ar bith air. Nuair a fhéachas tú le foighid a chur ann, ní bheidh tú ach ag borradh leis
 
Duine an-díbheirgeach é. Bhí mé lá anseo ag an doras ag dul amach le cuid an chapaill agus cé a thiocfadh aniar an bóthar chugam ag spaisteoireacht nach é (ach é). Ní raibh a dhul ar m'aghaidh ná ar gcúl agam. Bhí mé i ngreim. 'Ní théann tusa ag an aifreann a Ph.,' arsa seisean. 'Ní théim le gairid a Athair S.,' arsa mise. 'Ní airím ar fónamh. Tá mé buailte suas as na cosa ar fad.' 'Níl aon bhualadh suas ort le do chuid oibre,' arsa seisean go beo drochmhúinte. 'Is beag a bhéarfadh orm snaidhm den mhaide seo' — bhí maide láimhe aige — 'a thabhairt ar na huillinneachaí dhuit agus bheifeá buailte suas as na lámha chomh maith le na cosa ansin.' M'anam gur dhúirt, agus go ndéanfadh. Bíodh chuile dhuine ar a shon féin air siúd. 'Sé an sagart is doghrainní agus is díbheirgí é dhá bhfaca mise le mo linn féin ar chaoi ar bith
 
Deir siad gurb éard a d'fhága an díleá air sin, sceach a raibh geis uirthi thiar i ngarraí an Ch. a bhaint. Bhí na daoine maithe — diúltaí muide dhóibh — fúithi. Nuair a tharraing sé an tua, tháinig an guth go dtí é: 'ná buail,' adeir sé. Ach bhí S. chomh doghrainneach, chomh dúshlánach sin, agus nach gcoiscfeadh sé a láimh. Bhain sé an sceach thrí chuile údragáil. Ón lá sin amach bhí an díleá air: leá chúr na habhann ar a raibh aige. Dar fia bhí an fear sin deisiúil, ach ba bheag an mhaith dhó a chuid deis lá is gur thosaigh an saol ag dul ina aghaidh. Níor fhan bó ná gamhain ná caora aige nár báitheadh nó nár bascadh nó nár cailleadh. Ó bhuaileas an smál sin iad, is furasta leo imeacht. An tsiocair is lú faoin domhan, agus scaití ní call dóibh tsiocair ar bith. Bhí sé taobh le seanbhó bhuí sa deireadh. Chonaic mé féin í sin aige. Ní feasach dom ar cailleadh í sin nó gur cailleadh í le aois, ach ba chuma dhósan sin. Ba mhaith bocht an fear é i ndeireadh a shaoil, agus beo bocht a bhí a chlann ina dhiaidh nó gur dhealaigh siad leo ar fad as. Sin é an chaoi a ndeachaigh an sceach dó. Ara bhí sé chomh dochomhairleach leis an saol. "A chomhairle féin do mhac dhanra," arsa tusa, "agus ní bhfuair sé ariamh níos measa." Níor ceart do dhuine ar bith ar aon chor, a dhul thar thaispeánadh, agus fuair seisean an taispeánadh — go ndéana Dia grásta air!
 
Bhí sé thoir romhainn ag an D. Mh. Choinnigh sé ina (ár) seasamh muid. 'Cá'il do sholas,' adeir sé liomsa. 'Cén solas,' adeirimse. 'Nach bhfeiceann tú an lá ann.' Agus bhí díogarnach lae ann freisin, arae bhí sé ina lá gheal againn ag S. na bhF. 'Níl aon mhaith in do dhíogarnach lae dhomsa,' adeir sé. ''Sé an dlí é go gcaithfidh soilse a bheith ag daoine óna leithéid seo de chlog go dtí n-a leithéid seo de chlog.' Dheamhan a fhios agamsa cén t-am adúirt sé. Dá mbeadh ceachtar den dream eile ann, ligfidís bealach linn, ach thógfadh seisean an mháthair a d'oil é, tá sé chomh doghrainneach sin. Is beag a bheas dhá bharr sin aige muis. Dheamhan ceo!
 
dún
Dhún sé an bealach orainn a raibh muid ag dul ann le linn na bhfear. Nach diabhlaí doghrainneach a bhí sé anois