Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Doimhneacht
/dev′ɴəxd/ : nó /dəiv′ɴəxd/
ainm-fhocal, buineann
tuiseal geineamhnach uathaidh: na doimhneachta.
mar a chéile é agus domhainn ach gur cinnte é doimhneacht agus gurb as is mó a baintear leas le na réamh-fhocla. Tá idirdhealú eatorra ar bhealaighe áiride freisin .i. doimhneacht na fairrge (depth of the sea), domhainn na fairrge (the deep seas). Deirtear "cé'n domhainn é" agus "cé'n doimhneacht é" cho maith le chéile, ach chítear dhom, nuair adéarfaí "cé'n domhainn é" nach bhféadfaí a thabhairt faoi ach buille faoi thuairim, cuirim igcás, an fairrge, criathrach, talamh nó a leithidí. "Cé'n doimhneacht é": is féidir a bheith níos barrainnighe faoi, nó d'fhéadfaí a thomhais .i. bonn tighe, portach, uaigh, bairille agus rl. Baineann domhainn go h-áirid le rudaí atá síos faoi dhromchladh an domhain. Baineann doimhneacht le rud ar bith, soithigh, scéal, intinn duine, caint agus rl. Ní bhainfeadh domhainn mar ainm-fhocal leo sin. Níl aca ach an t-aon aidiacht. Cho fad agus is léar dom is mar sin atá sé thríd agus thríd i gcaint na Gaillimhe, aindeoin gur beag idirdhealú is léar do chuid mhaith cainteoirí, ach de réir mar a theagas an chaint leo
a.
+
Cé'n doimhneacht a bhí an tobar nuair a chart sib é?
Cé'n doimhneacht í an chlaise sin thoir? Chúig troighthe?
TUILLEADH (13) ▼
Níl trí troighthe ar doimhneacht is na h-uaigheannaí siúd
Tá sé h-ocht dtroighthe ar doimhneacht
Tá gearradh air atá dhá orlach ar doimhneacht
Tá an fhairrge cheithre feadh déag ar doimhneacht ar an muráite a raibh muid indiu
Cé méad ar doimhneacht a rinne tú é?
Níl do phortach-sa an oiread céadna ar doimhneacht agus atá mo phortach-sa = níl an domhainn chéadna in do phortach-sa agus atá in mo phortach-sa
Tá an áit sin in a dhiabhal le doimhneacht
Cé mhéad de dhoimhneacht atá aige ar an áit a raibh muid an lá faoi dheireadh?
Is mór an doimhneacht atá 'sa talamh sin thar mo chuid-se
Ní fuláir duit a dhul doimhneacht mhaith leis, leis an ath-fhód a chur aníos.
Tá an garrdha sin amuigh muis ar bheagán doimhneachta l'aghaidh cur de'n tsórt sin
Caithfidh tú a bheith ar t'aireachas féin ag an doimhneacht atá in áiteachaí 'sa tráigh sin le linn lán-mhara
Is mó an doimhneacht adeir siad an fhairrge in áiteachaí annsin amuigh ná taobh thiar de L. M., an áit a bhfuil an tsean-fhairrge
·
Ní mór duit poll a dhéanamh indoimhneacht claise (cho domhainn le claise) len a aghaidh
Féadfaidh tú a dhul do dhoimhneacht fhéin amach, sul a mbaintear annsin thú. Ná bíodh faitios ar bith ort. Níl an fhairrge go dtí t'imleacán fós, a dhuine!
b.
+
Bíonn doimhneacht agus meadhchan 'sa méid adeireas sé (ní féidir domhainn a rádh leis seo)
Tá doimhneacht in do chuid cainte
TUILLEADH (4) ▼
Níl doimhneacht ar bith ann, in a dheidh sin. Tá a fhios ag 'chuile dhuine céard atá in a chroidhe
Bhí doimhneacht i gcaint na seandaoine, nach bhfuil i gcaint na ndaoine atá anois ann, dhá mhéad foghluim agus gaisce iad
Ní caint ar sraith atá aige a mh'anam. Bíonn doimhneacht mór in a sheanmóir
Tá doimhneacht in a intinn sin nach mbeadh a fhios ag duine dhá gcaitheadh sé dhá lá a shaoghal in a bhuil

Féach freisin

Doimhneacht in iontrálacha eile (1)

 
droim
Tá fear R. an Mh. ag maireachtáil ar dhruim an diabhail. Níl tada timcheall air ach leacrachaí. An teirgéis talmhan' atá aige, níl spreab ar doimhneacht ann. An cladach féin atá ann, tá sé cho lom cho feidheartha le croidhe do bhoise. Níl an fheamainn ná an cairrgín ná tada eile ann, ach cuid an bheagáin. Níl a fhios agamsa faoi mo righe cé'n chaoi a maireann duine ar bith i R. an Mh., tá an áit cho maoilscreamhach cho bocht sin. Diabhal mé in a dheidh sin nach bhfeicfeá cheal ar bith orra shílfeá: ach níor dhúin Dia ariamh bearna nach n-osclóchadh sé ceann eile