Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
doimhneacht
/dev′ɴəxd//dəiv′ɴəxd/
ainmfhocal, baineann
tuiseal ginideach uatha: na doimhneachta
mar a chéile é agus domhain ach gur cinnte é doimhneacht agus gurb as is mó a baintear leas le na réamhfhocla. Tá idirdhealú eatarthu ar bhealaí áiride freisin .i. doimhneacht na farraige (depth of the sea), domhain na farraige (the deep seas). Deirtear cén domhain é agus cén doimhneacht é chomh maith le chéile, ach chítear dhom, nuair adéarfaí cén domhain é nach bhféadfaí a thabhairt faoi ach buille faoi thuairim, cuirim i gcás, an fharraige, criathrach, talamh nó a leithidí. Cén doimhneacht é: is féidir a bheith níos barainní faoi, nó d'fhéadfaí a thomhais .i. bonn tí, portach, uaigh, bairille srl. Baineann domhain go háirid le rudaí atá síos faoi dhromchla an domhain. Baineann doimhneacht le rud ar bith, soithigh, scéal, intinn duine, caint srl. Ní bhainfeadh domhain mar ainmfhocal leo sin. Níl acu ach an t-aon aidiacht. Chomh fada agus is léir dom, is mar sin atá sé thríd is thríd i gcaint na Gaillimhe, ainneoin gur beag idirdhealú is léir do chuid mhaith cainteoirí ach de réir mar a theagas an chaint leo
a.
+
Cén doimhneacht a bhí an tobar nuair a chart sibh é?
Cén doimhneacht í an chlaise sin thoir? Chúig troithe?
TUILLEADH (13) ▼
Níl trí troithe ar doimhneacht sna huaigheannaí siúd
Tá sé hocht dtroithe ar doimhneacht
Tá gearradh air atá dhá orlach ar doimhneacht
Tá an fharraige cheithre feá déag ar doimhneacht ar an muráite a raibh muid inniu
Cé méad ar doimhneacht a rinne tú é?
Níl do phortachsa an oiread céanna ar doimhneacht agus atá mo phortachsa — níl an domhain chéanna in do phortachsa agus atá in mo phortachsa
Tá an áit sin ina dhiabhal le doimhneacht
Cé mhéad de dhoimhneacht atá aige ar an áit a raibh muid an lá faoi dheireadh?
Is mór an doimhneacht atá sa talamh sin thar mo chuidse
Ní foláir duit a dhul doimhneacht mhaith leis, leis an athfhód a chur aníos.
Tá an garraí sin amuigh muis ar bheagán doimhneachta le aghaidh cur den tsórt sin
Caithfidh tú a bheith ar t'aireachas féin ag an doimhneacht atá in áiteachaí sa trá sin le linn lán mhara
Is mó an doimhneacht, adeir siad, an fharraige in áiteachaí ansin amuigh ná taobh thiar de L. M., an áit a bhfuil an tseanfharraige
·
Ní mór duit poll a dhéanamh i ndoimhneacht claise (chomh domhain le claise) lena aghaidh
Féadfaidh tú a dhul do dhoimhneacht fhéin amach sula mbaintear ansin thú. Ná bíodh faitíos ar bith ort. Níl an fharraige go dtí t'imleacán fós, a dhuine!
b.
+
Bíonn doimhneacht agus meáchan sa méid adeireas sé (ní féidir domhain a rá leis seo)
Tá doimhneacht in do chuid cainte
TUILLEADH (4) ▼
Níl doimhneacht ar bith ann ina dhiaidh sin. Tá a fhios ag chuile dhuine céard atá ina chroí
Bhí doimhneacht i gcaint na seandaoine nach bhfuil i gcaint na ndaoine atá anois ann, dhá mhéad foghlaim agus gaisce iad
Ní caint ar sraith atá aige a mh'anam. Bíonn doimhneacht mór ina sheanmóir
Tá doimhneacht ina intinn sin nach mbeadh a fhios ag duine dhá gcaitheadh sé dhá lá a shaol ina bhail

Féach freisin

doimhneacht in iontrálacha eile (1)

 
droim
Tá fear R. an Mh. ag maireachtáil ar dhroim an diabhail. Níl tada timpeall air ach leacrachaí. An teirgéis talúna atá aige, níl spreab ar doimhneacht ann. An cladach féin atá ann, tá sé chomh lom chomh feidheartha le croí do bhoise. Níl an fheamainn ná an carraigín ná tada eile ann, ach cuid an bheagáin. Níl a fhios agamsa faoi mo rí cén chaoi a maireann duine ar bith i R. an Mh., tá an áit chomh maolscreamhach chomh bocht sin. Diabhal mé ina dhiaidh sin nach bhfeicfeá cheal ar bith orthu shílfeá: ach níor dhún Dia ariamh bearna nach n-osclódh sé ceann eile