Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Dos
ainm-fhocal, fireann
geineamhnach uathaidh: an duis
ainmneach iolraidh; duis, dosannaí.
1.
sceach théagarach fearacht na sceach a cuirtear imbeárnaí.
+
Bain dos le cur 'sa mbearna sin thíos nó beidh an garrdha in a bhéal in áirde ag beithidhigh an bhaile
Tá sceach bhreagh annsin thiar ar chuid Mh. 'sa gcolbh ó thuaidh de'n gharrdha. Sí a d'fheilfeadh ceart do'n bhearna seo
TUILLEADH (7) ▼
Leag an diabhal de dhos atá annsin thíos ag M. Mh. N. aréir mé. Tharraing duine eicínt as an mbeárna í, agus ní fhaca mé í, nó go ndeachaidh mé in a mullach. Fhobair gur bhasc sí mé
Dheamhan dos bearnan a gheobhfá 'sa tír an bhliain sin nach raibh bainte l'aghaidh brosna. 'Ar ndú' níor thriomuigh fód móna ar bith. Sceanadh an ros-choill sin thoir as éadan
Ní sceacha atá aige ar na claidheachaí ach dosanna. B'fhusa a dhul thar bhalla an phríosúin anois ná isteach ann
Sin í mo dhíol-sa ceart anois. Tá mé ag tóraidheacht duis le seachtain l'aghaidh bearna na h-iothlann.
Níl aon-chailleadh ar an tom fhéasóige atá air. Dar fiadh dhéanfadh sí dos maith i mbearna
Má's ag iarraidh duis atá tú, tá neart tomachaí siar 'sna breaclachaí sin siar, agus 'sé'n diabhal é, nó gheobhaidh tú ceann a dhéanfas thú ann
Mo chreach mhaidne thú! Is fada a bheadh dos ag teastáil uaidh siúd, nó go leagadh sé láimh ar an sceich sin. Síleann siad ariamh go raibh geis uirre
2.
an dos mór: meacan an chnadáin, nó an luibh a bhfásann na liodáin uirre.
+
An bhfuil a fhios agad an dos mór, an ceann sin a mbíonn na liodáin air? Tá an talamh atá thuas aige breac ballach leis sin. Chuirfeadh a bhfuil aca ann liodáin ar a dteagann ar Rástaí na Gaillimhe
Bhíodh muid ag déanamh feadógaí de'n dos mór nuair a bhíodh muid ag fosaidheacht fadó. D'fheicfeá 'chuile ghasúr ar an mbaile agus ceann aca aige. Bhíodh na sean-daoine a bhíodh ann an uair sin le buile chuthach. Ní bhíodh gnaoi ar bith aca ar an obair sin. Is minic a thug duine aca dúdóig ar an gcluais dom. Deiridís go dtarraingeóchadh an fheadghail sin báisteach! Is fada go bhfeicfeá aon-duine dhá rádh anois
TUILLEADH (3) ▼
Níl teach ar bith roimhe seo, nach mbíodh creangadán annsin ann ar thaobh na teine, le éadach a chrochadh air. De'n dos mór a ghnídís é. A thabhairt isteach agus é a thriomú nó go stáluigheadh sé. Bheadh sé sin an uair sin cho roighin le gad. Ní fheicfeá aon-teach in do shiubhal ionnsaidhe nach mbeadh ceann ann. Tá agus fós is chuile cheann de na sean-tighthe, ach níl siad 'sna tighthe nuadha. Ach níl tada 'sna tighthe nuadha. Tá na crasógaí Bríde fhéin caithte in aer aca. B'fhoghainteach iad na creangadáin dar mo choinsias, ach tá daoine ro-leitheadach, ro-ghalánta anois le bacadh le rudaí de'n tsórt sin
Shílfeá go raibh tú ag cúirtéaracht le dos mór in áit eicínt len a bhfuil de liodáin ort. Dar fiadh tá do chloigeann ó mhaith ar fad. Beidh easonóir ort anois iad sin a bhaint amach. Fanóchaidh cuid aca istigh th'éis do dhichill
Dhá bhfeictheá na putachaí sin ag A. indiu, ag caitheamh liodáin le chéile, thíos ingarrdha na C. Tá dhá dhos mhóra thíos le claidhe ann, agus chuaidh duine aca is 'chaon cheann, agus níor fhága siad liodán thuas ar a gcorp nachar thug siad abhaile leo. Bhí bean an phóilí ag dul siar an bóthar ag spaisteóireacht di féin, agus chaith siad foracún aca léithe freisin
3.
sórt crónán ceoil a ghníos píopaí ceoil.
a.
·
An gcluin tú! Éist! Na píopaí! Sin é an dos mór anois agad!
Tá píopaí ag an "ngaedhilgeoir" atá thiar tigh Sh. Chloisfeá an dos mór 'chuile oíche annseo agus é dhá gcasadh thiar ar an teallach
b.
gaothtaire; clabaire; duine a mbeadh caint ar sraith aige; duine a mbeadh an díle cainte aige ach í gan aon-éirim.
+
Dos mór é sin. Níl dadaí aige ach caint ar sraith (Achréidh) = fear a mbeadh go leor cainte aige gan mórán substainte innte
Ná bac leis sin. Mar sin a bhíos sé i gcomhnaí. Dos mór é
TUILLEADH (1) ▼
Sin é an chóir a mbíonn sé sin ó mhaidin go faoithin ina dhos mór mar sin. Ná tabhair áird ar bith air. Fág ag caint leis fhéin é