Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
dos
ainmfhocal, fireann
ginideach uatha: an dois
ainmneach iolra: dois, dosannaí
1.
sceach théagarthach fearacht na sceach a cuirtear i mbearnaí.
+
Bain dos le cur sa mbearna sin thíos nó beidh an garraí ina bhéal in airde ag beithígh an bhaile
Tá sceach bhreá ansin thiar ar chuid Mh. sa gcolbha ó thuaidh den gharraí. 'Sí a d'fheilfeadh ceart don bhearna seo
TUILLEADH (7) ▼
Leag an diabhal de dhos atá ansin thíos ag M. Mh. N. aréir mé. Tharraing duine eicínt as an mbearna í, agus ní fhaca mé í nó go ndeachaigh mé ina mullach. Fhóbair gur bhasc sí mé
Dheamhan dos bearnan a gheofá sa tír an bhliain sin nach raibh bainte le aghaidh brosna. Ar ndóigh níor thriomaigh fód móna ar bith. Sceanadh an roschoill sin thoir as éadan
Ní sceacha atá aige ar na claíochaí ach dosanna. B'fhusa a dhul thar bhalla an phríosúin anois ná isteach ann
Sin í mo dhíolsa ceart anois. Tá mé ag tóraíocht dois le seachtain le aghaidh bearna na hiothlann
Níl aon chailleadh ar an tom fhéasóige atá air. Dar fia dhéanfadh sí dos maith i mbearna
Más ag iarraidh dois atá tú, tá neart tomachaí siar sna breaclachaí sin siar, agus 'sé an diabhal é nó gheobhaidh tú ceann a dhéanfas thú ann
Mo chreach mhaidne thú! Is fada a bheadh dos ag teastáil uaidh siúd nó go leagadh sé láimh ar an sceich sin. Síleann siad ariamh go raibh geis uirthi
2.
an dos mór: meacan an chnádáin, nó an luibh a bhfásann na leadáin uirthi.
+
An bhfuil a fhios agat an dos mór, an ceann sin a mbíonn na leadáin air? Tá an talamh atá thuas aige breac ballach leis sin. Chuirfeadh a bhfuil acu ann leadáin ar a dteagann ar Rástaí na Gaillimhe
Bhíodh muid ag déanamh feadógaí den dos mór nuair a bhíodh muid ag fosaíocht fadó. D'fheicfeá chuile ghasúr ar an mbaile agus ceann acu aige. Bhíodh na seandaoine a bhíodh ann an uair sin le buile chuthach. Ní bhíodh gnaoi ar bith acu ar an obair sin. Is minic a thug duine acu dúdóig ar an gcluais dom. Deiridís go dtarraingeodh an fheadaíl sin báisteach! Is fada go bhfeicfeá aon duine dhá rá anois
TUILLEADH (3) ▼
Níl teach ar bith roimhe seo nach mbíodh creangadán ansin ann ar thaobh na tine, le éadach a chrochadh air. Den dos mór a ghnídís é. A thabhairt isteach agus é a thriomú nó go stálaíodh sé. Bheadh sé sin an uair sin chomh righin le gad. Ní fheicfeá aon teach in do shiúl ionsaí nach mbeadh ceann ann. Tá agus fós i chuile cheann de na seantithe, ach níl siad sna tithe nua. Ach níl tada sna tithe nua. Tá na crosógaí Bríde fhéin caite in aer acu. B'fhóinteach iad na creangadáin dar mo choinsias, ach tá daoine róleitheadach, róghalánta anois le bacadh le rudaí den tsórt sin
Shílfeá go raibh tú ag cúirtéireacht le dos mór in áit eicínt lena bhfuil de leadáin ort. Dar fia tá do chloigeann ó mhaith ar fad. Beidh easonóir ort anois iad sin a bhaint amach. Fanóidh cuid acu istigh théis do dhíchill
Dhá bhfeictheá na putachaí sin ag A. inniu, ag caitheamh leadáin le chéile, thíos i ngarraí na C. Tá dhá dhos mhóra thíos le claí ann, agus chuaigh duine acu i chaon cheann, agus níor fhága siad leadán thuas ar a gcorp nár thug siad abhaile leo. Bhí bean an phóilí ag dul siar an bóthar ag spaisteoireacht di féin, agus chaith siad foracún acu léithe freisin
3.
sórt crónán ceoil a ghníos píopaí ceoil.
a.
·
An gcluin tú! Éist! Na píopaí! Sin é an dos mór anois agat!
Tá píopaí ag an nGaeilgeoir atá thiar tigh Sh. Chloisfeá an dos mór chuile oíche anseo agus é dhá gcasadh thiar ar an teallach
b.
gaotaire; clabaire; duine a mbeadh caint ar sraith aige; duine a mbeadh an díle cainte aige ach í gan aon éirim.
+
Dos mór é sin. Níl dadaí aige ach caint ar sraith (Achréidh) — fear a mbeadh go leor cainte aige gan mórán substainte inti
Ná bac leis sin. Mar sin a bhíos sé i gcónaí. Dos mór é
TUILLEADH (1) ▼
Sin é an chóir a mbíonn sé sin ó mhaidin go faoithin ina dhos mór mar sin. Ná tabhair aird ar bith air. Fág ag caint leis fhéin é