Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Dosán
ainm-fhocal, fireann
uimhir iolraidh agus geineamhnach uathaidh — dosáin
Fuaim: o = u fearacht ubh, cur agus rl.
an oiread feamainne, fraoigh, féir, raithnighe nó eile agus a d'fhásfadh ar aon-luirg, ar aon-tamhain nó ar aon-bhrionglán amháin; slaimín; le féar, 'sé an méid é a bhféadfá breith in do ghlaic air nó tuairim agus an oiread sin, ach is furasta dosán feamainne, fraoigh, raithnighe agus a leithidí eile a aithneachtáil.
+
Strachail sé dosán raithnighe as an talamh agus chreinn sé idir a fhiacla é le a raibh d'ocras air.
Níl dosán feamainne le baint againn imbliana. D'fheann muid a raibh againn anuiridh
TUILLEADH (9) ▼
Cé'n chaint sin ort! Níl dhá dhosán féir aige imbliana dhá mbeadh sé uiliog fréna chéile aige. Diabhal é
Ní bheidh aon-dosán fraoigh ar an druím siúd go ceann achair aríst, de bharr an loscadh sléibhe sin an oíche cheana. Nachar dhiabhaltaí míádhasach an dream a chuaidh dhá chur sin thrí lasadh, agus a fhiosacht dóib go mbadh é an bhráid fhraoigh ab fhearr ins na bólaí seo é. Beidh na daoine in an-chaoi anois
Dheamhan dosán sean-leasú amuigh agam imbliana thar agus ariamh. Fuair mé droch-ruaig an t-am a raibh an cladach ag cur thar maoil le feamainn dearg. Caithfidh mé feamainn a cheannacht an t-Earrach seo, arae níl in mo chuid feamainn dubh ach fás bliana
Dheamhan dhá dhosán a bhí ins an snáth ar fad, agus bhí an dá dhosán sin féin sciobtha ag J. imbéal maidne. Beidh na daoine gan feamainn cho uain agus a bhéas a aghaidh siúd ar an gcladach
Cruinnigh isteach ins an racáil na dosáin féir sin soir. Ní fuláir 'chuile thiomsachán a chur idtoll a chéile shul a dhéantar an coca
Sclamhaire ceart é. Is agamsa atá a fhios é agus ceart agam air. Tá a roinn fheamainne ag síneadh liom, agus má bhaineann duine an dosán féin thar tórainn, tá sé in a choileaichín ar an bpuinte
Thug mé droch-ghearradh do mo láimh indiu ag tarraint dosán fraoigh, an bhfeiceann tú?
Ní bheidh aon-dosáin raithnighe ag gabhail linn imbliana, mara gceannuighidh muid í. Is droch-bhliain raithnighe í ar aon-chor.
Níl aon-dosán féir dá bhfuil ar an ngleann siúd thíos aige, nach bhfuil sínte le teann téagair. Tá an tabhairt ins an talamh siúd dhá mbeadh an saoghal ag caint
·
Laoi Chab an Dosáin = ainm ceann de na Laoithe Fiannaidheachta

Féach freisin

Dosán in iontrálacha eile (5)

 
daor 1
Má leanann sé ro-dhaor mé, déanfaidh mise rud leis. Tugaimse raithneach na ngarrantaí sin thuas dó 'chuile bhliain. Dheamhan dosán di a bhainfeas sé len a mharthainn aríst, má bhíonn sé ro-ghéar é féin liomsa
 
deis
Níor fhága sé sop feamuinne ins an gcladach anuiridh nachar sciob sé. Dheamhan sop muis. Bhí an snáth bailighthe aige i gcomhnaí uair roimhe lá, agus ba dona an deis a chuir sé uirre in a dheidh sin: a fágáil in a meall thuas ar bruach nó gur lobh sí — gur lobh 'chuile dhosán ariamh di. B'fhearr leis sin féin chreidim, ná a feiceál ag dul 'un sochair do'n chomhursa
 
Bhainfeá cairrgín ar dhíthráigh 'chuile rabharta annsin thíos, ach diabhal dosán ann anois. Crínneadh (creinneadh) na clocha le cupla bliain. Níl a dhath orra amach ó'n gcré anois
 
Is iongantas agus cho taithighthe agus a bhí sé ann gur dhiúltaigh sé an cladach ar fad. 'Chuile oíche dá mbíodh snáth ar bith isteach, bhíodh sí scoilte aige roimhe lá agus gan dosán féin ag duine ar bith eile. Ach ní dheacha sé ann beag ná mór anuiridh, ná i mbliana fós …
 
Bhí muid ag baint roinn fheamuinne annsin thíos an bhliain cheana. Bhí P. L. in éindigh linn. Ó thárla go mba stráinséara í, chreidim gur bhain sí cupla dosán thar teorainn. Dar príosta d'eireochadh sé dhuinn féin sáthach éascaidh má's muid atá ag baint ariamh ann. Tháinig an gheabhróg siúd aniar agus gob uirre. Chuir sí stiúir ropaireacht' uirre féin. Ní raibh an oiread náire ariamh orm as comhair an strainséara agus eile. Thairg muid di a dhul agus an oiread céadna a bhaint orainn. Thug muid breith a béil féin di. 'Sí atá dórainneach ceart. Diabhal bréag!