Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
dosán
ainmfhocal, fireann
uimhir iolra agus ginideach uatha: dosáin
fuaim: o = u fearacht ubh, cur srl.
an oiread feamainne, fraoigh, féir, raithní nó eile, agus a d'fhásfadh ar aon loirg, ar aon tamhain nó ar aon bhrionglán amháin; sláimín; le féar, 'sé an méid é a bhféadfá breith in do ghlaic air nó tuairim is an oiread sin, ach is furasta dosán feamainne, fraoigh, raithní agus a leithidí eile a aithneachtáil.
+
Streachail sé dosán raithní as an talamh agus chrinn sé idir a fhiacla é le a raibh d'ocras air
Níl dosán feamainne le baint againn i mbliana. D'fheann muid a raibh againn anuraidh
TUILLEADH (9) ▼
Cén chaint sin ort! Níl dhá dhosán féir aige i mbliana dhá mbeadh sé uileag fréna chéile aige. Diabhal é
Ní bheidh aon dosán fraoigh ar an droim siúd go ceann achair aríst de bharr an loscadh sléibhe sin an oíche cheana. Nár dhiabhaltaí mí-ásach an dream a chuaigh dhá chur sin thrí lasadh, agus a fhiosacht dóibh go mba é an bhráid fhraoigh ab fhearr sna bólaí seo é. Beidh na daoine in anchaoi anois
Dheamhan dosán seanleasú amuigh agam i mbliana thar is ariamh. Fuair mé drochruaig an t-am a raibh an cladach ag cur thar maoil le feamainn dearg. Caithfidh mé feamainn a cheannacht an t-earrach seo, arae níl in mo chuid feamainn dubh ach fás bliana
Dheamhan dhá dhosán a bhí sa snáth ar fad, agus bhí an dá dhosán sin féin sciobtha ag J. i mbéal maidne. Beidh na daoine gan feamainn chomh uain is a bheas a aghaidh siúd ar an gcladach
Cruinnigh isteach sa racáil na dosáin féir sin soir. Ní foláir chuile thiomsachán a chur i dtoll a chéile shula dhéantar an coca
Sclamhaire ceart é. Is agamsa atá a fhios é agus ceart agam air. Tá a roinn fheamainne ag síneadh liom, agus má bhaineann duine an dosán féin thar tórainn, tá sé ina choileachín ar an bpointe
Thug mé drochghearradh do mo láimh inniu ag tarraingt dosán fraoigh, an bhfeiceann tú?
Ní bheidh aon dosáin raithní ag gabháil linn i mbliana mura gceannaí muid í. Is drochbhliain raithní í ar aon chor
Níl aon dosán féir dá bhfuil ar an ngleann siúd thíos aige, nach bhfuil sínte le teann téagair. Tá an tabhairt sa talamh siúd dhá mbeadh an saol ag caint
·
Laoi Chab an Dosáin — ainm ceann de na Laoithe Fiannaíochta

Féach freisin

dosán in iontrálacha eile (5)

 
daor 1
Má leanann sé ródhaor mé, déanfaidh mise rud leis. Tugaimse raithneach na ngarrantaí sin thuas dó chuile bhliain. Dheamhan dosán di a bhainfeas sé lena mharthain aríst, má bhíonn sé róghéar é féin liomsa
 
deis
Níor fhága sé sop feamainne sa gcladach anuraidh nár sciob sé. Dheamhan sop muis. Bhí an snáth bailithe aige i gcónaí uair roimhe lá, agus ba dona an deis a chuir sé uirthi ina dhiaidh sin: a fágáil ina meall thuas ar bruach nó gur lobh sí — gur lobh chuile dhosán ariamh di. B'fhearr leis sin féin chreidim, ná a feiceáil ag dul chun sochair don chomharsa
 
Bhainfeá carraigín ar dhíthrá chuile rabharta ansin thíos, ach diabhal dosán ann anois. Crinneadh na clocha le cupla bliain. Níl a dhath orthu amach ón gcré anois
 
Is iontas agus chomh taithithe agus a bhí sé ann gur dhiúltaigh sé an cladach ar fad. Chuile oíche dá mbíodh snáth ar bith isteach, bhíodh sí scoilte aige roimhe lá agus gan dosán féin ag duine ar bith eile. Ach ní dheachaigh sé ann beag ná mór anuraidh, ná i mbliana fós …
 
Bhí muid ag baint roinn fheamainne ansin thíos an bhliain cheana. Bhí P. L. in éindí linn. Ó tharla go mba strainséara í, chreidim gur bhain sí cupla dosán thar teorainn. Dar príosta d'éireodh sé dhúinn féin sách éasca más muid atá ag baint ariamh ann. Tháinig an gheabhróg siúd aniar agus gob uirthi. Chuir sí stiúir ropaireachta uirthi féin. Ní raibh an oiread náire ariamh orm os comhair an strainséara agus eile. Thairg muid di a dhul agus an oiread céanna a bhaint orainn. Thug muid breith a béil féin di. 'Sí atá doghrainneach ceart. Diabhal bréag!