Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Draoidheacht
/drīxd/
ainm-fhocal; buineann
geineamhnach uathaidh: draoidheachta.
cumhacht mí-nádúrtha le go gcuirfí duine nó rud in éagcruth nó ar mhalrait crutha nó cáilidheachta; geis; teir agus rl.
+
Bhíodh draoidheacht ag daoine fadó
Deir siad go mbíodh daoine ann san sean-reacht a mbíodh dubh-dhraoidheacht aca = draoidheacht dhalba, mhínósach
TUILLEADH (6) ▼
Ná cuir araoid ar bith ar na cailleachaí fis sin. Bíonn draoidheacht aca sin
Tá draoidheacht eicínt ag an mbitheamhnach sin. Nach cóir nach bhfeiceann duine ar bith ag imeacht ná ag teacht é. Is fadó an lá adubhairt mé go raibh sé 'sna daoine maithe
Sin í an cailín a raibh an draoidheacht aice. Bhí agus an-draoidheacht
Bíonn draoidheacht agus easarlaidheacht ag a léithidí sin
Bhí fear inG. fadó agus bhí sé de dhraoidheacht aige go raibh sé indon capall a dhéanamh de bhó
Bhí sé de dhraoidheacht ag an gcailligh an méid a mharbhóchaí 'san oíche go slánóchadh sí aríst iad roimhe mhaidin
·
Ní mór dó draoidheacht anois ar chaoi ar bith, mar tá sé i ladhar an chasúir ceart, agus gabhfaidh sé go snaidhm na stothaighe leis a theacht as
Le draoidheacht a rinne sé é, 'deile!
+
Tá draoidheacht ar an ór atá annsin thoir inGarrdha na h-Uiliúir = tá an t-ór ann, ach ní féidir a fháil. Tá sé do-fheicsiona
Tá draoidheacht ar na cistí sin ar fad
TUILLEADH (5) ▼
Tá ciste annsin thuas i nG. an tSl. se'agaibhse agus é faoi dhraoidheacht. Níl indán fáil air go dteagaidh triúr de mhuintir Dh. — trí cholceathar — agus gheobhaidh siadsan é.
B'fhéidir go bhfuil draoidheacht air, má tá sé ag cinnt oraibh a fháil
Deir siad go mbíonn draoidheacht ar an iarann
Tá oileán annsin amuigh atá faoi dhraoidheacht
Tá oileán faoi dhraoidheacht amuigh san gcaoláire adeir siad. Dhá dteigheadh duine amach air nuair a bhíos sé leis 'chaon seachtmhadh bliain, agus píosa iarainn a chaitheamh air, bhainfeadh sin an draoidheacht dhe
+
Chuaidh sí ag cur draoidheacht' dó, agus rinne sí cloch ghlas dhó
Tá sé sin indon duine a chur faoi dhraoidheacht
TUILLEADH (1) ▼
"Cuirim faoi gheasa droma (dubha freisin agus troma) draoidheachta tú", adeir sé "gan an dárna béilí a ithe ar aon-bhord, ná an dárna h-oíche a chodladh ar aon-leabaidh, nó go dtugaidh tú agamsa … "
+
Thug sí cochall dó, agus bhí draoidheacht 'san gcochall. Cochall draoidheachta a bhí ann. Ní mba léar do dhuine ar bith faoi thalamh an domhain é, chó uain agus a choinneochadh sé an cochall air féin.
Cuireadh ina chodladh i leabaidh dhraoidheachta é
TUILLEADH (6) ▼
Bhí bád draoidheachta aige
Tháinic ceo draoidheachta orra a mhair naoi lá
Bhuail sé dhá shlat (shlaitín) dhraoidheachta é
Chuala sé ceol draoidheachta istigh 'san gcnocán
Casadh isteach ar oileán draoidheachta iad
Fuair sé leabhar dhraoidheachta len a ais

Féach freisin