Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
draíocht
/drīxd/
ainmfhocal, baineann
ginideach uatha: draíochta
cumhacht mínádúrtha le go gcuirfí duine nó rud in éagruth nó ar mhalrait crutha nó cáilíochta; geis; teir srl.
+
Bhíodh draíocht ag daoine fadó
Deir siad go mbíodh daoine ann sa seanreacht a mbíodh dubhdhraíocht acu — draíocht dhalba, mhínósach
TUILLEADH (6) ▼
Ná cuir araoid ar bith ar na cailleachaí fis sin. Bíonn draíocht acu sin
Tá draíocht eicínt ag an mbithiúnach sin. Nach cóir nach bhfeiceann duine ar bith ag imeacht ná ag teacht é. Is fadó an lá adúirt mé go raibh sé sna daoine maithe
Sin í an cailín a raibh an draíocht aici. Bhí agus an-draíocht
Bíonn draíocht agus asarlaíocht ag a leithidí sin
Bhí fear i nG. fadó agus bhí sé de dhraíocht aige go raibh sé in ann capall a dhéanamh de bhó
Bhí sé de dhraíocht ag an gcailligh an méid a mharófaí san oíche go slánódh sí aríst iad roimhe mhaidin
·
Ní mór dó draíocht anois ar chaoi ar bith, mar tá sé i ladhar an chasúir ceart, agus gabhfaidh sé go snaidhm na stothaí leis a theacht as
Le draíocht a rinne sé é, deile!
+
Tá draíocht ar an ór atá ansin thoir i nGarraí na hUiliúir — tá an t-ór ann, ach ní féidir a fháil. Tá sé dofheicseana
Tá draíocht ar na cistí sin ar fad
TUILLEADH (5) ▼
Tá ciste ansin thuas i nG. an tSl. s'agaibhse agus é faoi dhraíocht. Níl i ndán fáil air go dteaga triúr de mhuintir Dh. — trí chol ceathar — agus gheobhaidh siadsan é
B'fhéidir go bhfuil draíocht air, má tá sé ag cinnt oraibh a fháil
Deir siad go mbíonn draíocht ar an iarann
Tá oileán ansin amuigh atá faoi dhraíocht
Tá oileán faoi dhraíocht amuigh sa gcaoláire adeir siad. Dhá dtéadh duine amach air nuair a bhíos sé leis chaon seachtú bliain, agus píosa iarainn a chaitheamh air, bhainfeadh sin an draíocht dhe
+
Chuaigh sí ag cur draíochta dó, agus rinne sí cloch ghlas dhó
Tá sé sin in ann duine a chur faoi dhraíocht
TUILLEADH (1) ▼
'Cuirim faoi gheasa droma (dubha freisin agus troma) draíocht tú,' adeir sé, 'gan an darna béilí a ithe ar aon bhord, ná an darna hoíche a chodladh ar aon leaba, nó go dtuga tú agamsa … '
+
Thug sí cochall dó, agus bhí draíocht sa gcochall. Cochall draíochta a bhí ann. Ní mba léir do dhuine ar bith faoi thalamh an domhain é chomh uain is a choinneodh sé an cochall air féin
Cuireadh ina chodladh i leaba dhraíochta é
TUILLEADH (6) ▼
Bhí bád draíochta aige
Tháinig ceo draíochta orthu a mhair naoi lá
Bhuail sé dhá shlat (shlaitín) dhraíochta é
Chuala sé ceol draíochta istigh sa gcnocán
Casadh isteach ar oileán draíochta iad
Fuair sé leabhar dhraíochta lena ais

Féach freisin

draíocht in iontrálacha eile (2)

 
Cuirim faoi dhraíocht agus faoi mhórdhiomdha na bliana thú gan an darna béilí a ithe ar aon bhord ná an darna hoíche a chodladh ar aon leaba go bhfaighe tú amach domsa cén fáth nach ndearna Ridire an Gháire Dhuibh aon gháire le seacht mbliana ( … go dtuga tú chugam an Each Chaol Donn, an Claidheamh Solais srl.)— gnáthsheoraí i seanscéalta le tuairisc a thabhairt ar chur na ngeasa
 
Rug an draíodóir ar a shlaitín dhraíochta agus tharraing sé iarraidh dhi ar an gcú agus rinne sé bean di