1.
rud nó duine beag suarach; truailleachán; spriosán; dubhradáinín; cimleacháinín; ceolán; frighdeoirín; deoruidhe.
+–
An bhfuil an dreolán sin ar an talamh aríst = duine beag suarach, éidtreorach
Ara níl ann ach dreoláinín beag bídeach
TUILLEADH (11) ▼
Ní féidir gur ag cothú achrainn atá an dreólán sin: i leabaidh a bhualadh isteach ar an straois agus luighe fiadha a chur air go ceann leath-bhliana. Airigheann sé go bhfuil na fir ar foghnamh ar fad imighthe
Cé'n sórt dreolán d'fhear de mhac é siúd aige. Shílfeá nach bhfuil biseach ar bith faoi. Dubhradáinín dona fearacht an athar a dhéanfas sé
Bíodh unsa chéille istigh in do cheann. Ag ceapadh go bhfuighidh an dreolán sin an ceann is fearr ar "bhulaí". Gheobhadh go deimhin. Ní sheasfadh sé ala na huaire dhó.
Níl tada i Sasana ach dreoláiníní d'fhir, agus dreoláiníní de mhná freisin. Shéidfeá céad aca de do bhois. Is agamsa atá a fhios é. Chaith mé seal ag obair in a mbuil
Cá bhfuair siad an dreolán sin chor ar bith. Fir bhreagha agus mná breagha a bhí ins an gcuid eile uiliog ach níl brigh ar bith annsiúd. Ní bheadh a fhios ag duine cé leis a ndeacha sé chor ar bith. Ab é siúd craitheamh an tsacáin
Tá dreolán beag de mhac annsin thoir ag S. J. agus 'sé an gitín is suimeamhla é dhár casadh liom ariamh. Dhá gcloistheá na mná atá ag déanamh imní dhó sin. Ní de'n díogha iad deirimse leat
Ní fhaca mé aon-dreolán d'fhear ariamh in mo shaoghal nach mbeadh in a ghlaodhmaire. Tá sé annsin thíos ag S. G. Ar chuala tú ariamh a leithide de cheolán. Chuirfeadh sé coc achrainn ar John L. Sullivan agus ba mhaith an fear é. Ní fiú le duine ar bith a dhul ag fiachadh air leisce a dhul ag salú a láimhe leis, agus sin é an fáth nar fágadh céir air fadó. Ach níl sin ach ag borradh leis in a dheidh sin
An uair a bhínn ag carraeracht fadó, bhí lánamhain thíos i bpóirse Sh. Mh. S.: píle mór millteach de bhean a bhuailfeadh a cloigeann ar an mboimbéal annsin, agus dreoláinín d'fhear nach raibh aoirde do ghlúin ann. Caibiléirín a bhí ann agus ba franncuighthe an mac é. D'óladh sé a mbíodh ar a sheilbh. An uair a bhíodh sé tuithte, nó ag troid ins an teach ósta theigheadh an bhean in a choinne, agus chaitheadh sí isteach in a naprún é go dtugadh sí abhaile é. Nar leigidh Dia go gcuirinnse bréag orra. Is dóigh go bhfuil an bheirt ar shlí na fírinne le fada. Ach chonnaic mé le mo dhá shúil fhéin í dhá iomchur abhaile.
Go bhféachaidh an t-Athair Síorruí uirre muise, má siúd é an dreolán d'fhear atá aice. Is suarach an cinnire é le bheith ar teallach leis. Ba fuar an éadáil é le cur in a shuidhe oíche sheaca le sáspan a théigheamh do pháiste.
Ní choinneochadh an teanga a bhí aige muis coinneal do'n teanga a bhí ag dreolán de mháistirín scoile a bhí annsin thoir. Bhí sí thrídh lasadh ar fad aige. Chuala mé oíche é thoir tigh Th. — oíche a raibh mé ag ól ann — agus shíl mé go gcuireadh duine eicínt a dhrad in a bholg leis an loscadh mionnán mór a bhí air. Ach 'sé'n chaoi a raibh siad ag scairtighil gháire faoi.
Go gcuire mac dílis Dé an t-ádh ort agus ná bí do do mheath fhéin leis an dreólán bradach sin
2.
Dreolán teasbaigh: cuil a bhíos ag dul thart ins an samhradh ag ceileabhar agus ag goireamhaint (grasshopper).
+–
Is geall leis an dreolán teasbaigh thú = duine roighin siléigeach
Níl samhail ar bith faoin domhain aige ach an dreólán teasbaigh
TUILLEADH (5) ▼
Is cosamhail leis an dreolán teasbaigh é siúd agus an imeacht atá air
Ab é an dreolán teasbaigh sin thoir ag P. Dh. Is deas é mo bhuachaill muis! Is túisce a thiubharfainn an diabhal in a bhuachaill isteach in mo theach ná é. Dhá gcuirinn 'na phortaigh é, ní bheadh sé as go trathnóna nó go mbeadh eadarshuth cainte déanta aige le gach a gcasfadh leis ar an mbóthar; agus b'fhéidir gurb é an uair a bheadh sé anuas ag Á. an Bh. a chuimhneochadh sé ar an gcarr móna a cheangal!
Ní lughar leis an athair an sioc ná é. 'Chuile bhall aige ach cluasánach mar sin. "Ag imeacht ag leiciméaracht annsin mar bheadh dreolán teasbaigh ann" adubhairt sé an lá cheana. "Port feadghaile aige; ag breathnú isteach thar chlaidhtheachaí; ag smúracht indiaidh gearrchaileadha; agus an garrdha annsiúd thoir cho glas agus a bhí sé lá Fheile Brighde" (bhí an garrdha cho glas agus a bhí sé Lá Fhéile Brighde faoi nach raibh aon-rath ar an mac ag deargadh na talmhana. Garrdha bán a bhí siad a chur a bhí ann)
Ara ab é an dreolán teasbaigh sin. Tá a cheann sin ro-fhalamh le go mbeadh a chuid "lessons" ag cur aon-imní air. Mo chomhairle dhuit, a chuid leabhar a dhóghadh agus an t-iarann a chur in a láimh (iarann = láighe). Deirimse leatsa go mbeidh ciall ceannuighthe aige ach a bhfaghaidh sé cupla bliain de na léanaí deacair' siúd thuas imbarr an bhaile. Ní fhaghann duine ar bith a chomhairleachan in aisce
Is deas an fear a fuair sé dhá inghin faoi dheire thiar thall: an dreolán teasbaigh sin. Tá féirín maith aice muis, ma ghníonn sí é siúd a bhuachailleacht