Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
dreolán, dreoláinín
ainmfhocal, fireann
iolra: dreoláin
1.
rud nó duine beag suarach; truailleachán; spreasán; dúradáinín; cuimleacháinín; ceolán; frídeoirín; deoraí.
+
An bhfuil an dreolán sin ar an talamh aríst — duine beag suarach, éidreorach
Ara níl ann ach dreoláinín beag bídeach
TUILLEADH (11) ▼
Ní féidir gur ag cothú achrainn atá an dreolán sin: i leaba a bhualadh isteach ar an straois agus luí fia a chur air go ceann leathbhliana. Airíonn sé go bhfuil na fir ar fónamh ar fad imithe
Cén sórt dreolán d'fhear de mhac é siúd aige. Shílfeá nach bhfuil biseach ar bith faoi. Dúradáinín dona fearacht an athar a dhéanfas sé
Bíodh unsa chéille istigh in do cheann. Ag ceapadh go bhfaighidh an dreolán sin an ceann is fearr ar bhulaí. Gheobhadh go deimhin. Ní sheasfadh sé ala na huaire dhó.
Níl tada i Sasana ach dreoláiníní d'fhir, agus dreoláiníní de mhná freisin. Shéidfeá céad acu de do bhois. Is agamsa atá a fhios é. Chaith mé seal ag obair ina mbail
Cá bhfuair siad an dreolán sin chor ar bith. Fir bhreátha agus mná breátha a bhí sa gcuid eile uileag ach níl brí ar bith ansiúd. Ní bheadh a fhios ag duine cé leis a ndeachaigh sé chor ar bith. Ab é siúd croitheadh an tsacáin
Tá dreolán beag de mhac ansin thoir ag S. J. agus 'sé an gitín is suimiúla é dhár casadh liom ariamh. Dhá gcloistheá na mná atá ag déanamh imní dhó sin. Ní den díogha iad deirimse leat
Ní fhaca mé aon dreolán d'fhear ariamh in mo shaol nach mbeadh ina ghlaomaire. Tá sé ansin thíos ag S. G. Ar chuala tú ariamh a leithide de cheolán. Chuirfeadh sé coc achrainn ar John L. Sullivan agus ba mhaith an fear é. Ní fiú le duine ar bith a dhul ag fiachadh air leisce a dhul ag salú a láimhe leis, agus sin é an fáth nár fágadh céir air fadó. Ach níl sin ach ag borradh leis ina dhiaidh sin
Nuair a bhínn ag carraeireacht fadó, bhí lánúin thíos i bpóirse Sh. Mh. S.: píle mór millteach de bhean a bhuailfeadh a cloigeann ar an mboimbéal ansin, agus dreoláinín d'fhear nach raibh airde do ghlúin ann. Caibléirín a bhí ann agus ba francaithe an mac é. D'óladh sé a mbíodh ar a sheilbh. Nuair a bhíodh sé tite, nó ag troid sa teach ósta, théadh an bhean ina choinne, agus chaitheadh sí isteach ina naprún é go dtugadh sí abhaile é. Nár lige Dia go gcuirinnse bréag orthu. Is dóigh go bhfuil an bheirt ar shlí na fírinne le fada. Ach chonaic mé le mo dhá shúil fhéin í dhá iompar abhaile
Go bhféacha an tAthair Síoraí uirthi muise, má siúd é an dreolán d'fhear atá aici. Is suarach an cinnire é le bheith ar teallach leis. Ba fuar an éadáil é le cur ina shuí oíche sheaca le sáspan a théamh do pháiste
Ní choinneodh an teanga a bhí aige muis coinneal don teanga a bhí ag dreolán de mháistrín scoile a bhí ansin thoir. Bhí sí thrí lasadh ar fad aige. Chuala mé oíche é thoir tigh Th. — oíche a raibh mé ag ól ann — agus shíl mé go gcuireadh duine eicínt a dhrad ina bholg leis an loscadh mionnán mór a bhí air. Ach 'sé an chaoi a raibh siad ag scairtíl gháire faoi
Go gcuire Mac dílis Dé an t-ádh ort agus ná bí do do mheath fhéin leis an dreolán bradach sin
2.
dreolán teaspaigh: cuil a bhíos ag dul thart sa samhradh ag ceiliúr agus ag gairiúint (grasshopper).
+
Is geall leis an dreolán teaspaigh thú — duine righin siléigeach
Níl samhail ar bith faoin domhain aige ach an dreolán teaspaigh
TUILLEADH (5) ▼
Is cosúil leis an dreolán teaspaigh é siúd agus an imeacht atá air
Ab é an dreolán teaspaigh sin thoir ag P. Dh. Is deas é mo bhuachaill muis! Is túisce a thabharfainn an diabhal ina bhuachaill isteach in mo theach ná é. Dhá gcuirinn 'na phortaigh é, ní bheadh sé as go tráthnóna nó go mbeadh eadarshuth cainte déanta aige le gach a gcasfadh leis ar an mbóthar; agus b'fhéidir gurb é an uair a bheadh sé anuas ag A. an Bh. a chuimhneodh sé ar an gcarr móna a cheangal!
Ní luar leis an athair an sioc ná é. Chuile bhall aige ach cluasánach mar sin. 'Ag imeacht ag leiciméireacht ansin mar a bheadh dreolán teaspaigh ann,' adúirt sé an lá cheana. 'Port feadaíola aige; ag breathnú isteach thar chlaíochaí; ag smúrthacht i ndiaidh gearrchailí; agus an garraí ansiúd thoir chomh glas agus a bhí sé Lá Fhéile Bríde' (bhí an garraí chomh glas agus a bhí sé Lá Fhéile Bríde faoi nach raibh aon rath ar an mac ag deargadh na talúna. Garraí bán a bhí siad a chur a bhí ann)
Ara ab é an dreolán teaspaigh sin. Tá a cheann sin rófholamh le go mbeadh a chuid lessons ag cur aon imní air. Mo chomhairle dhuit, a chuid leabhar a dhó agus an t-iarann a chur ina láimh (iarann — láí). Deirimse leatsa go mbeidh ciall ceannaithe aige ach a bhfaighe sé cupla bliain de na léanaí deacair siúd thuas i mbarr an bhaile. Ní fhaigheann duine ar bith a chomhairleachan in aisce
Is deas an fear a fuair sé dhá inín faoi dheireadh thiar thall: an dreolán teaspaigh sin. Tá féirín maith aici muis, má ghníonn sí é siúd a bhuachailleacht

Féach freisin