Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
drochscéal
+
Níl scéal ar bith agam ach droch-scéal
'Ar ndú' níl aon-droch-scéal agad? = faoi dhuine a bheadh tinn; faoi rud eicínt a bhí tú a iarraidh agus rl.
TUILLEADH (3) ▼
Is mór is fiú gan aon-droch-scéal buíochas le Dia! (beirt ag castáil dhá chéile, agus déarfadh duine aca nach raibh aon-scéal aige in a fhreagra ar "cén scéal". Annsin dhéarfadh an duine eile: "is mór is fiú agus rl.")
Deir siad nach feárr deáscéal(aí) i dtír ná droch-scéal(aí) = ní theagann síon idtír nach fearrde duine eicínt í; más olc maith rud, buachann duine eicínt air, aindeoin daoine eile a bheith síos leis
Is minic leis an droch-scéal a bheith aige, ach an oiread le duine = droch-bharra nuaíochta a bhíos i gcomhnaí aige

Féach freisin