Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
drochscéal
+
Níl scéal ar bith agam ach drochscéal
Ar ndóigh níl aon drochscéal agat? — faoi dhuine a bheadh tinn; faoi rud eicínt a bhí tú a iarraidh srl.
TUILLEADH (3) ▼
Is mór is fiú gan aon drochscéal buíochas le Dia! (beirt ag castáil dhá chéile, agus déarfadh duine acu nach raibh aon scéal aige ina fhreagra ar 'cén scéal'. Ansin dhéarfadh an duine eile: 'is mór is fiú srl.')
Deir siad nach fearr dea-scéal(aí) i dtír ná drochscéal(aí) — ní theagann síon i dtír nach fearrde duine eicínt í; más olc maith rud, buachann duine eicínt air, ainneoin daoine eile a bheith síos leis
Is minic leis an drochscéal a bheith aige, ach an oiread le duine — drochbharra nuaíochta a bhíos i gcónaí aige

Féach freisin