Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
drochshúil
tá an bhéim san bhfocal seo agus indrochmhúineadh, drochmhúinte, ar an gcéad-siolla, agus dá réir sin, tá mé dhá scríobhadh gan an fhleiscín
1.
+
Tá drochshúil aige = deirtear go mbíonn ainchumhacht eicínt ag daoine áiride sna súile agus má bhreathnaíonn siad ar rud nó má fhaghann siad caidéis dó, go mór-mhór gan bail ó Dhia a chur air, go meathfaidh an rud nó an duine sin nó go bhfagha sé bás
Bhí drochshúil ag S. a bhí annsin thíos. Níor chuala aonduine é ag cur bail ó Dhia ar aon-cheo ariamh
TUILLEADH (3) ▼
Deir tusa nach bhfuil drochshúil ar bith ann. Deirimse go bhfuil, agus chruthóinn duit é.
Go mbadh leis féin uainne é, giolla bradach na drochshúla!
Tuige nachar dhúirt tú leis: "bail ó Dhia uaitse uirre". Tá drochshúil aige sin má bhí sí ag aonduine ariamh
·
Dhá gceapainnse go ndeárna sí drochshúil di, chuirfinn faoi ndeara dhi a theacht agus bail ó Dhia "fliuch" a chur uirre. Is measa dhuit do pháiste ná tada
Drochshúil a rinneadh di. Agus tá a fhios agam cé a rinne é freisin, ach bíodh aige anois ó tá sí imithe agus go bhfuil.
2.
·
Tá droch-shúil aige = súil scéiniúil nó fhíochmhar (béim annseo ar shúil)

drochshúil in iontrálacha eile (1)

 
Níl aon-deá shúil aige, bíodh drochshúil aige nó ná bíodh = tá súile scéiniúla, nó súile fraochmhara aige