drochshúil
1.
+–
Tá drochshúil aige — deirtear go mbíonn anchumhacht eicínt ag daoine áiride sna súile agus má bhreathnaíonn siad ar rud nó má fhaigheann siad caidéis dó, go mór mhór gan bail ó Dhia a chur air, go meathfaidh an rud nó an duine sin nó go bhfaighe sé bás
Bhí drochshúil ag S. a bhí ansin thíos. Níor chuala aon duine é ag cur bail ó Dhia ar aon cheo ariamh
TUILLEADH (3) ▼
Deir tusa nach bhfuil drochshúil ar bith ann. Deirimse go bhfuil, agus chruthóinn duit é
Go mba leis féin uainne é, giolla bradach na drochshúla!
Tuige nár dhúirt tú leis: "bail ó Dhia uaitse uirthi". Tá drochshúil aige sin má bhí sí ag aon duine ariamh
·
Dhá gceapainnse go ndearna sí drochshúil di, chuirfinn faoi ndeara dhi a theacht agus bail ó Dhia fliuch a chur uirthi. Is measa dhuit do pháiste ná tada
Drochshúil a rinneadh di. Agus tá a fhios agam cé a rinne é freisin, ach bíodh aige anois ó tá sí imithe agus go bhfuil
2.
·
Tá drochshúil aige — súil scéiniúil nó fhíochmhar (béim anseo ar shúil)
drochshúil in iontrálacha eile (7)
+
→
caidéis
Níor mhaith liom go bhfaigheadh an ceann céanna caidéis ar bith dhom fhéin ná do mo chuid. Deir siad go bhfuil drochshúil aige.
TUILLEADH (1) ▼
Deir siad gurb é S. Bh. ba chiontach léithe sin. Fuair sé caidéis di gan aon bhail ó Dhia a chur uirthi. Ba é ráite chuile dhuine go raibh drochshúil aige. Pé acu sin é, dheamhan deoir bhainne sláinte a d'ól sí ón lá a bhfuair sé caidéis di. Bhí a máthair agus a muintir ag strócántacht lena fear, ag iarraidh air a dhul go dtí S. B. agus é a thabhairt chun láithreach go gcuireadh sé bail ó Dhia fliuch uirthi.
Deir siad gur frítheadh drochshúil dó, bhí sé ina bhuinneán chomh breá sin. Ach is cosúil nach raibh sa méid sin ach cainteannaí daoine. Ar aon chor, ba ghearr an seal a thug sé.
Ní raibh aon drochshúil aige, ach an dea-chaint a bhí aige. M'anam dhá mbeadh sé ag caint le S. thíos go n-inseodh sé dhó cé hé fhéin gan frapa gan taca. Mo chreach mhaidne is air nach mbeadh an mhoill
Níl aon dea-shúil aige, bíodh drochshúil aige nó ná bíodh — tá súile scéiniúla, nó súile fraochmhara aige
→
deoise
Sin é an t-easpag atá ar an deoise seo anois. Is áibhéil an bleitheach fir é … Ní theastaíonn "bail ó Dhia" ar bith óna leithide sin! Níl aon ghair ag aon duine drochshúil a dhéanamh dhe (dhó)! Nach bhfuil an tír ag guí dhó!
→
dia 1
Tá drochshúil aige sin! Níor chuir sé bail ó Dhia ar aon duine ariamh — duine nach mbeadh sé de ghnás aige bail ó Dhia a rá le duine a bheadh roimhe ag obair