Druimfhionn, druimfhinn
—ainm-fhocal; buineann
—geineamhnach uathaidh: na druimfhinne.
—deirtear an dá rud. Is minic an dá leagan ag an gcainteoir céadna
—
riasc nó stríoc bhán siar in druim bó (bán é go h-iondamhail, ach thiocfadh dhó a bheith ar dhath eicínt eile freisin). Ní hé an t-achar céadna siar a theigheas an druimfhionn is gach uile bhó. Bíonn cuid aca a mbíonn an riasc ionnta ó an h-adharca siar ar feadh cnáimh an droma go dtí bun an driobaill. Cuid eile nach dteigheann sí siar an fhad sin chor ar bith.
+–
Tá druimfhionn bhán 'san mbó a cheannuigh sé. Bó bhreagh í dar mo choinsias
Tá druimfhinn (druimfhionn) bhán san mbó sin aige
TUILLEADH (6) ▼
Cé leis an bhó dhruimfhinn bhán sin atá ag imeacht ar an mbóithrín ó mhaidin. Feicthear dhom go raibh a macsamhail de bhó ag N. nó a raibh?
Bhí gamhain urrúnta ag M. Ó H.: gamhain breagh agus druimfhinn ann. Dheamhan thiomanta pighinn a tairgeadh dhó air ach seacht bpunt. Ná a bhfuigheadh sé fear a fhiafruighe chor ar bith ó bhí ucht an lae caithte
Ní thaithnigheann an druimfhionn sin atá ann liom. Ó'n tarbh céadna iad sin fré chéile: an tarbh atá ag C. Ní fhaca mé aon-bheithidheach ar foghnamh ag tiacht ariamh uaidh: marach sin dheamhan lá loicht a bheadh agam a chur an t-airgead
Cé leis an laogh druimfhinn bhán atá ag scóthadh claidheachaí síos annsin. Ní h-eadh ach is gínn é! Is beag an stró a bhí air a dhul de léim chascartha thar chlaidhe an bhóthair agamsa annsin thíos ar ball. Déarfainn gur maith a chuaidh a lacht dó ar chaoi ar bith, bail ó Dhia air!
Tá sé taobh le dhá bhó anois: céile óg agus bó druimfhionn bhán. Go deimhin bhí sé cho maith dhó an ceann druimfhionn bhán a leigean le fear na sean-bheithidhigh, mar ní bhuachfaidh sé aon-cheo choidhchin uirre, ach anró a fháil dhá cur
Bhí an-loilgheach annsin thuas ag an gC.: bó druimfhinne. Diabhal a n-imigheadh sí amach go dtí an lá a mbíodh a h-aimsir caithte. Cé'n bhrigh ach an uair a bheadh sí ar a sochar! Ba mhó bainne í na cheithre cinn