droimeann, droiminn
—ainmfhocal, baineann
—ginideach uatha: na droiminne
—deirtear an dá rud. Is minic an dá leagan ag an gcainteoir céanna
—
riasc nó stríoc bhán siar i ndroim bó. Bán é go hiondúil, ach thiocfadh dhó a bheith ar dhath eicínt eile freisin. Ní hé an t-achar céanna siar a théas an droimeann i ngach uile bhó. Bíonn cuid acu a mbíonn an riasc iontu ó an hadharca siar ar feadh cnáimh an droma go dtí bun an driobaill. Cuid eile nach dtéann sí siar an fhad sin chor ar bith.
+–
Tá droimeann bhán sa mbó a cheannaigh sé. Bó bhreá í dar mo choinsias
Tá droiminn (droimeann) bhán sa mbó sin aige
TUILLEADH (6) ▼
Cé leis an bhó dhroiminn bhán sin atá ag imeacht ar an mbóithrín ó mhaidin. Feictear dhom go raibh a macasamhail de bhó ag N., nó an raibh?
Bhí gamhain urrúnta ag M. Ó H.: gamhain breá agus droiminn ann. Dheamhan thiomanta pínn a tairgeadh dhó air ach seacht bpunt. Ná a bhfaigheadh sé fear a fhiafraí chor ar bith ó bhí ucht an lae caite
Ní thaitníonn an droimeann sin atá ann liom. Ón tarbh céanna iad sin fré chéile: an tarbh atá ag C. Ní fhaca mé aon bheithíoch ar fónamh ag teacht ariamh uaidh: murach sin, dheamhan lá loicht a bheadh agam a chur an t-airgead
Cé leis an lao droiminn bhán atá ag scoitheadh claíochaí síos ansin. Ní hea ach is ginn é! Is beag an stró a bhí air a dhul de léim choscartha thar chlaí an bhóthair agamsa ansin thíos ar ball. Déarfainn gur maith a chuaigh a lacht dó ar chaoi ar bith, bail ó Dhia air!
Tá sé taobh le dhá bhó anois: céile óg agus bó droimeann bhán. Go deimhin bhí sé chomh maith dhó an ceann droimeann bhán a ligean le fear na seanbheithígh, mar ní bhuachfaidh sé aon cheo choíchin uirthi, ach anró a fháil dhá cur
Bhí an-loilíoch ansin thuas ag an gC.: bó droiminne. Diabhal a n-imíodh sí amach go dtí an lá a mbíodh a haimsir caite. Cén bhrí ach nuair a bheadh sí ar a sochar! Ba mhó bainne í na cheithre cinn
droimeann in iontrálacha eile (7)
+
Duine ar bith nach gcuirfidh droiminn air siúd le pórtar, ní gar dó a bheith ag súil go dtabharfaidh sé uain dó le bara. Dheamhan é muis
TUILLEADH (5) ▼
Chreidim go raibh droiminn ar an gcaiptín seo thíos lenar ól sé lá an aonaigh. Deir sé féin go ndearna sé craos. Ar ndóigh sin dhá phionta
Níorbh fholáir droiminn a chur ar an asal sin le a mbuailfí air. Tá sé ag cinnt orm a chuibhriú chor ar bith. Tá a bhfuil de cheanglacháin ann briste aige
Chuir mé droiminn orm féin le ar ith mé de cheaile inniu
Fágfaidh an scaróireacht droiminn air, cuirfidh mise geall leat. Tá an diabhal sin ag imeacht ina ríste ariamh, gan buille maitheasa, nó go mb'éigean dó an méid sin a dhéanamh ar na portaigh
Má chloisimse druid uait aríst go faoithin, cuirfidh mé droiminn ort le a dtabharfaidh mé de bhata dhuit. Ní hé a mhalrait atá tú a thuaradh dhuit féin; ag imeacht ag cur allais asat ansin, agus gan méir i gcluais le cloisteáil agat. Nach breá nach mbeifeá cuibhiúil fearacht do leithide ar bith sa tír, agus gan na daoine a náiriú