Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Druimín
ainm-fhocal; buineann
iolraidh — druimíní
fuaim: ní baintear fad as an gcéad i ann mar a baintear ins an bhfocal druim in áiteacha i nGaillimh
1.
druim bheag, leirg réidh (feic druim).
+
Dhá mbeitheá ag siubhal ó mhaidin go faoithin ann, ní fheicfeá aon-chnoc ach druimíní beaga agus gan ceachtar aca níos aoirde ná D. an Fh. R. thuas annsin, ná cho h-árd sin féin. Tír an-réidh go deo í, ach bheadh sí an-uisceamhail ins an ngeimhreadh, cheapfainn
Tá na druimíní sin siar beo le girrfhiadhachaí. Má tá cú le fáil in áit ar bith fagh í. Siar annsin a bhéas an ghnatha aice
TUILLEADH (1) ▼
Tá brollach an Achréidh ar fad faoi dhruimíní, mar sin. Bheadh cumha ort ann indiaidh na sléibhte
2.
ainm muirne ar bhó.
·
Ar chuir sib isteach "druimín" fós.
Bhí bó againn annseo agus 'sé an t-ainm a bhí uirre druimín. Togha bó bhainne a bhí innte. Líonfadh sí cíléar le bainne dhá ceann. Ní fhaca mé a sárú ó shoin, ná ní dóigh go bhfeicfead ach oiread

Féach freisin