Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
droimín
ainmfhocal, baineann
iolra: droimíní
fuaim: ní baintear fad as an gcéad i ann mar a baintear sa bhfocal droim in áiteacha i nGaillimh
1.
droim bheag, leirg réidh (fc. droim).
+
Dhá mbeifeá ag siúl ó mhaidin go faoithin ann, ní fheicfeá aon chnoc ach droimíní beaga agus gan ceachtar acu níos airde ná D. an Fh. R. thuas ansin, ná chomh hard sin féin. Tír an-réidh go deo í, ach bheadh sí an-uisciúil sa ngeimhreadh cheapfainn
Tá na droimíní sin siar beo le giorriachaí. Má tá cú le fáil in áit ar bith, faigh í. Siar ansin a bheas an ghnaithe aice
TUILLEADH (1) ▼
Tá brollach an Achréidh ar fad faoi dhroimíní mar sin. Bheadh cumha ort ann i ndiaidh na sléibhte
2.
ainm muirne ar bhó.
·
Ar chuir sibh isteach Droimín fós
Bhí bó againn anseo agus 'sé an t-ainm a bhí uirthi Droimín. Togha bó bhainne a bhí inti. Líonfadh sí cíléar le bainne dhá ceann. Ní fhaca mé a sárú ó shin, ná ní dóigh go bhfeicfead ach oiread

Féach freisin