Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Druinnín
Ainm-fhocal, fireann.
druim bheag, cnuicíní beaga maolbheannacha a d'fheicfeá in Achréidh nó i dtír réidh; eiscir; drumainní (is mó iad ná na druimíní, feic druim, druimíní agus drumainn, druiminn).
a.
+
Tá go leor druinníní annseo, ach ní fheicimse cnoc ar bith
Gaineamh ar fad atá ins na druinníní sin. Tá siad in aon-réim amháin mar sin anois nó go mbailighidh tú B. R. Cé's móite dhaobhtha sin, tá an tír an-réidh, seachas an áit arbh as thusa
TUILLEADH (5) ▼
Teigheamuid síos ar an druinnín sin thíos agus luighfeamuid siar ann ar aghaidh na gréine. Ní fearr dúinn áit a gcuirfeamuid giota de'n lá tharainn
Tá a chuid talmhana faoi dhruinníní uilig go léireach. Is doiligh a gcur, ach is an-talamh caorach iad. Bíonn na h-uascáin is fearr ins an bparáiste aige i gcomhnaí
Bhí sagart ugainn (againn) annseo fadó as an taobh se'ugaibhse (se'agaibhse), agus 'sé'n t-ainm a thugadh sé igcomhnaí ar na bailteachaí sin soir: tír bhradach na ndruinníní … Sin é an chóir a bhfuil sí anois, nó go mbailighidh tú an Gh. Tír dheiseamhail í in a dheidh sin
Bhí sean-chaisleán ar an druinnín sin fadó. Ní fhaca mise in a sheasamh ariamh é, ach chonnaic mé an bun ann. 'Siad na clocha atá i dteach agus i sciobóil Mh. Ph. annsin thoir
Tá an lá caithte agam ar na druinníní sin soir ag tóruidheacht cupla mholt a d'imigh uaim, ach níl aon-fháil orra in áit ar bith. Marab é D. Dh. suas a thiubharfaidís orra féin. Má's é, tá a gcnámha creinnte faoi seo
b.
cruach choirce, coca féir, dubhachán móna, carraig.
+
Tá druinnín beag de dhubhachán móna annsin thuas aige ar Ch. an Gh. agus ní chuirfidh sé thar an Nodlaig choidhchin é. Dheamhan tiomanta fód eile ag gabhail leis. Déanfaidh sé goid annsin. 'Sé atá deas air
Cé a rinne an druinnín de chruaich siúd dó. Hébrí cé hé féin, níor chuir sé aon-chuma déanta uirre. Mara bhfuil indán agus go dtuitfidh sí, ólfaidh sí an bháisteach uiliog mar atá sí
TUILLEADH (1) ▼
Cé agaibh a rinne an druinnín de choca sin. Rath a cheirde air muis!
c.
duine agus eile a mbeadh dronn beag, druim, boilgín amach nó gioc air.
·
Tá druinnín de ghamhain annsin thuas aige, agus mara bhfaghaidh sé aire thar mar atá sé a fháil, dheamhan cianóig a bhuachfas sé go bráth air. Tá sé cruptha leis an bhfuacht agus leis an amhgar
Bhí an druinnín beag sin thiar ag G. Mh. A. ann, agus má bhí féin, bhí cóirí catha aige. Diabhal aithne a bhí air, nach hé féin a bhuail an "bully" leis an ngaothtaireacht a bhí aige faoi. Agus ní bhuailfeadh sé míoltóig, ní hé amháin a mhalrait. Níl gnaoi ar bith agam ar an gceann céadna. Níl áit ar bith thar baile amach dhá gcastar mé le goirid nach hé an chéad-bhall a fheicim rómham é, ag dradaireacht

Féach freisin