Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
droinnín
ainmfhocal, fireann
droim bheag, cnoicíní beaga maolbheannacha a d'fheicfeá in Achréidh nó i dtír réidh; eiscir; dromainní. Is mó iad ná na droimíní, fc. droim, droimín agus dromainn.
a.
+
Tá go leor droinníní anseo, ach ní fheicimse cnoc ar bith
Gaineamh ar fad atá sna droinníní sin. Tá siad in aon réim amháin mar sin anois nó go mbailí tú B. R. Cé is moite dhaofa sin, tá an tír an-réidh seachas an áit arbh as thusa
TUILLEADH (5) ▼
Téimid síos ar an droinnín sin thíos agus luífidh muid siar ann ar aghaidh na gréine. Ní fearr dúinn áit a gcuirfidh muid giota den lá tharainn
Tá a chuid talúna faoi dhroinníní uilig go léireach. Is doiligh a gcur, ach is an-talamh caorach iad. Bíonn na huascáin is fearr sa bparóiste aige i gcónaí
Bhí sagart againn anseo fadó as an taobh s'agaibhse, agus 'sé an t-ainm a thugadh sé i gcónaí ar na bailteachaí sin soir: tír bhradach na ndroinníní … Sin é an chóir a bhfuil sí anois nó go mbailí tú an Gh. Tír dheisiúil í ina dhiaidh sin
Bhí seanchaisleán ar an droinnín sin fadó. Ní fhaca mise ina sheasamh ariamh é, ach chonaic mé an bun ann. 'Siad na clocha atá i dteach agus i sciobóil Mh. Ph. ansin thoir
Tá an lá caite agam ar na droinníní sin soir ag tóraíocht cupla mholt a d'imigh uaim, ach níl aon fháil orthu in áit ar bith. Murab é D. Dh. suas a thabharfaidís orthu féin. Más é, tá a gcnámha crinnte faoi seo
b.
cruach choirce, coca féir, dúchán móna, carraig.
+
Tá droinnín beag de dhúchán móna ansin thuas aige ar Ch. an Gh. agus ní chuirfidh sé thar an Nollaig choíchin é. Dheamhan tiomanta fód eile ag gabháil leis. Déanfaidh sé goid ansin. 'Sé atá deas air
Cé a rinne an droinnín de chruaich siúd dó. Hé brí cé hé féin, níor chuir sé aon chuma déanta uirthi. Mura bhfuil i ndán is go dtitfidh sí, ólfaidh sí an bháisteach uileag mar atá sí
TUILLEADH (1) ▼
Cé agaibh a rinne an droinnín de choca sin. Rath a cheirde air muis!
c.
duine agus eile a mbeadh dronn beag, droim, boilgín amach nó gioc air.
·
Tá droinnín de ghamhain ansin thuas aige, agus mura bhfaighe sé aire thar mar atá sé a fháil, dheamhan cianóig a bhuachfas sé go brách air. Tá sé craptha leis an bhfuacht agus leis an amhgar
Bhí an droinnín beag sin thiar ag G. Mh. A. ann, agus má bhí féin, bhí cóirí catha aige. Diabhal aithne a bhí air nach é féin a bhuail an bully leis an ngaotaireacht a bhí aige faoi. Agus ní bhuailfeadh sé míoltóig, ní hé amháin a mhalrait. Níl gnaoi ar bith agam ar an gceann céanna. Níl áit ar bith thar baile amach dhá gcastar mé le gairid nach é an chéad bhall a fheicim romham é, ag dradaireacht

Féach freisin