Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Dromchlár
/drïmxlār/
ainm-fhocal, fireann.
Ní bhíonn sé ach le domhan
uachtar; clár; dromchladh; gruadh; druim; lom; surface, face.
+
Níl sé ar dhromchlár an domhain indiu, an té is uilce ná é sin = ar uachtar nó ar dhromchladh na cruinne; faoi thalamh an domhain; le fáil
Dhá mbeadh sé in áit ar bith ar dhromchlár an domhain, nach scríobhfadh sé agam leis an fhad seo, ach leitir na scuan níor tháinig uaidh le h-ocht mbliana
TUILLEADH (2) ▼
Meastú an bhfuil sé ar dhromchlár an domhain indiu aon-fheithideach is measa croidhe ná é. Má tá muise, is iongantas é
Níl aon-tír ar dhromchlár an domhain is deiseamhla a d'fhéadfadh a bheith an puinte seo de ló ná an tír seo, marach a bhfuil d'fhaltanas againn fhéin dá chéile

Féach freisin