Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
dromchlár
/drïmxlār/
ainmfhocal, fireann
ní bhíonn sé ach le domhan
 uachtar; clár; dromchla; grua; droim; lom; surface, face.
+
Níl sé ar dhromchlár an domhain inniu, an té is oilce ná é sin — ar uachtar nó ar dhromchla na cruinne; faoi thalamh an domhain; le fáil
Dhá mbeadh sé in áit ar bith ar dhromchlár an domhain, nach scríobhfadh sé agam leis an fhad seo, ach litir ná scuan níor tháinig uaidh le hocht mbliana
TUILLEADH (2) ▼
Meas tú an bhfuil sé ar dhromchlár an domhain inniu aon fheithideach is measa croí ná é. Má tá muise, is iontas é
Níl aon tír ar dhromchlár an domhain is deisiúla a d'fhéadfadh a bheith an pointe seo de ló ná an tír seo, murach a bhfuil d'fhaltanas againn fhéin dá chéile

Féach freisin