Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Dréim
ainm-bhriathar
ag plé, ag comórtas, i gcoidreamh, ag tabhairt faoi; ag spáirn nó ag caraidheacht le; inglacamas lámh le, drannadh léithe.
a.
+
Níl aon-ghoir agamsa a dhul ag dréim (/ə d′r′ēm′/) le máistir scoile. Is beag an baoghal. Ní h-ionann bodach agus Dia. Geobhaidh máistir scoile bean, lá nach bhfuighidh mo leithide-sa í = ag comórtas, igceartas
Ní bheadh aon-mhaith dhó a dhul ag dréim leis an D. Dhéanfadh an D. caoch-láimhe dhó = tabhairt faoi, a dhul inglacamas lámh leis
TUILLEADH (11) ▼
'Chuile lá ariamh ag iarraidh a dhul ag dréim le na daoine móra. Is mian leis a bheith ag cuimilt leis an uaisle i gcomhnaí
Ní theighim ag dréim chor ar bith leo anois. Fuair mé fuighleach dóib (díob). Nachar chuir siad mo cháil faoi'n tír! = i gcoidreamh, ag cuartaidheacht, ag caint agus rl.
Is beag fear ar an aonach atá indon a dhul ag dréim leis siúd anois, tá sé cho deiseamhail sin, agus tá forránach de mhac aige, bail agus beannú air, agus níl aon-fhear ar an aonach indon a dhul ag dréim leis le dornaí
Cá'il an siopadóir atá i riocht a dhul ag dréim le J. anois. Níl sé ann. Tá an oiread iarmhuis istigh is an siopa sin thoir aige anois, agus atá in aon-siopa istigh ar shlata na Gaillimhe. Dar Dia tá!
Dá mbeadh cupla bliain eile do'n mhac is sine atá aige, bheadh sé indon a dhul ag dréim le na rogha fear. Is diabhlaí an bodach fir atá sé a dhéanamh bail ó Dhia agus ó Mhuire air. Diabhal mórán a bhfuil aon-tuilleamaí cheana féin aige leo
Na teara ag dréim liomsa, má tá do leas ar Dhia. Meilfidh mé do chnámha ar a chéile.
Ní raibh aon-fhear ag teacht isteach ag pobal an Ch. a bhí indon a dhul ag dréim le P. Ph., agus nach furasta cur chuige indiu. Dhéanfadh sean-pháiste ar bith puca dhó
Níl aon-tír, is cuma 'san diabhal cé'n tír í indon a dhul ag dréim leis an nGearmáin. Cuirfidh mé mo rogha geall leat go sáróchaidh sí uiliog fós iad
Deir siad an mac sin atá aige go bhfuil sé indon a dhul ag dréim len a rogha scoláire. Shílfeá le breathnú air nach bhfuil gus ar bith ann.
Níl aon-ghadhar dhá fheabhas a bhfuil aon-fhonn air a dhul ag dréim le broc, agus is suarach an t-iongnadh sin. Ní fhágann sé liobair leathair orra.
Ní bheidh dréim nó drannadh agam leis = plé ar bith
b.
+
Dhá bhfághadh an cut a dhul ag dréim len a chuid crúcaí, bheadh gnatha dhá dhicheall ag an madadh, ach níor thug sé an t-ionbhadh dhó, ach breith ingreim cúl cinn air, agus a chraitheadh …
Deir siad má fhaghann an madar uisce a dhul ag dréim chor ar bith len a dhrad, nach scaoilfidh sé a ghreim
TUILLEADH (2) ▼
Níl aon-sciúrtóig ag an Ghiúdach sin a bhí ag dul thart an lá cheana, ach is gearr go mbeidh. Feadh agus é sin a dhul ag dréim chor ar bith, deanfaidh sé airgead mar adéarfá leis é. Ghiúdach go deimhin! Is air nach bhfuil an mhoill
Dhá bhfaghadh sé a dhul ag dréim leis chor ar bith dhéanfadh sé leicíneach dó (dhe), ach ní bhfuair

Dréim in iontrálacha eile (3)

 
dodach
Tá an gearrchaile sin dodach. Má mhaireann di, ní bheidh sé an-éascaidh ag buachaill óg a dhul ag dréim léithe, ach casfar cinnire eicínt leis an aimsir uirre, a cheannsóchas í, feicfidh tú féin air
 
droch-
Ná bíodh dréim ar bith agad leis. Is droch-bhodach é
 
dubh- 5
A mhic ó go deó, tá sé siúd dubh-láidir. Níl aon-ghoir agadsa dhul ag dréim leis ar chaoi ar bith