Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
dréim
ainm briathartha
 ag plé, ag comórtas, i gcaidreamh, ag tabhairt faoi; ag spairn nó ag coraíocht le; i nglacamas lámh le, drannadh léithe.
a.
+
Níl aon ghair agamsa a dhul ag dréim (/ə d′r′ēm′/) le máistir scoile. Is beag an baol. Ní hionann bodach agus Dia. Geobhaidh máistir scoile bean, lá nach bhfaighidh mo leithidese í — ag comórtas, i gceartas
Ní bheadh aon mhaith dhó a dhul ag dréim leis an D. Dhéanfadh an D. caoch láimhe dhó — tabhairt faoi, a dhul i nglacamas lámh leis
TUILLEADH (11) ▼
Chuile lá ariamh ag iarraidh a dhul ag dréim le na daoine móra. Is mian leis a bheith ag cuimilt leis an uaisle i gcónaí
Ní théim ag dréim chor ar bith leo anois. Fuair mé fuílleach dóibh (díobh). Nár chuir siad mo cháil faoin tír! — i gcaidreamh, ag cuartaíocht, ag caint srl.
Is beag fear ar an aonach atá in ann a dhul ag dréim leis siúd anois, tá sé chomh deisiúil sin, agus tá forránach de mhac aige, bail agus beannú air, agus níl aon fhear ar an aonach in ann a dhul ag dréim leis le dornaí
Cá'il an siopadóir atá i riocht a dhul ag dréim le J. anois. Níl sé ann. Tá an oiread iarmhais istigh sa siopa sin thoir aige anois agus atá in aon siopa istigh ar shlata na Gaillimhe. Dar Dia tá!
Dá mbeadh cupla bliain eile don mhac is sine atá aige, bheadh sé in ann a dhul ag dréim lena rogha fear. Is diabhlaí an bodach fir atá sé a dhéanamh bail ó Dhia agus ó Mhuire air. Diabhal mórán a bhfuil aon tuilleamaí cheana féin aige leo
Na teara ag dréim liomsa, má tá do leas ar Dhia. Meilfidh mé do chnámha ar a chéile
Ní raibh aon fhear ag teacht isteach ag pobal an Ch. a bhí in ann a dhul ag dréim le P. Ph., agus nach furasta cur chuige inniu. Dhéanfadh seanpháiste ar bith puca dhó
Níl aon tír, is cuma sa diabhal cén tír í, in ann a dhul ag dréim leis an nGearmáin. Cuirfidh mé mo rogha geall leat go sáróidh sí uileag fós iad
Deir siad an mac sin atá aige go bhfuil sé in ann a dhul ag dréim lena rogha scoláire. Shílfeá le breathnú air nach bhfuil gus ar bith ann
Níl aon ghadhar dhá fheabhas a bhfuil aon fhonn air a dhul ag dréim le broc, agus is suarach an t-ionadh sin. Ní fhágann sé liobair leathair orthu
Ní bheidh dréim nó drannadh agam leis — plé ar bith
b.
+
Dhá bhfaigheadh an cat a dhul ag dréim lena chuid crúcaí, bheadh gnaithe dhá dhícheall ag an madadh, ach níor thug sé an t-ionú dhó, ach breith i ngreim cúl cinn air, agus a chroitheadh …
Deir siad má fhaigheann an madra uisce a dhul ag dréim chor ar bith lena dhrad, nach scaoilfidh sé a ghreim
TUILLEADH (2) ▼
Níl aon sciúrtóig ag an Ghiúdach sin a bhí ag dul thart an lá cheana, ach is gearr go mbeidh. Feadh is é sin a dhul ag dréim chor ar bith, déanfaidh sé airgead mar adéarfá leis é. Ghiúdach go deimhin! Is air nach bhfuil an mhoill
Dhá bhfaigheadh sé a dhul ag dréim leis chor ar bith, dhéanfadh sé leicíneach dó (dhe), ach ní bhfuair

dréim in iontrálacha eile (4)

 
Deirimse leatsa gur beag dochtúr atá sásta a dhul ag dréim le déidín. Fuadóidh siad ag an easpaicil (ospidéal) ar an bpointe é (an té a bhfuil déidín tite aige) agus sin ní fhágfaidh sé go dté sé ar thaobh eicínt. Maidir le go dtiocfaidh dochtúr amach anseo ag méirínteacht leis, is beag an baol a mhic ó
 
dodach
Tá an gearrchaile sin dodach. Má mhaireann di, ní bheidh sé an-éasca ag buachaill óg a dhul ag dréim léithe, ach casfar cinnire eicínt leis an aimsir uirthi a cheansós í, feicfidh tú féin air
 
droch-
Ná bíodh dréim ar bith agat leis. Is drochbhodach é
 
dubh- 5
A mhic ó go deo, tá sé siúd dubhláidir. Níl aon ghair agatsa dhul ag dréim leis ar chaoi ar bith